Cén fáth nach féidir linn fiosrúchán éifeachtach nach gcosnaíonn an iomarca a reáchtáil?

Ní gá gurb é an bealach is inmholta le heolas a chur i láthair an phobail ná eolas a chur i láthair an Oireachtais, ach is beag rogha sásúil eile atá ann

Cén fáth nach féidir linn fiosrúchán éifeachtach nach gcosnaíonn an iomarca a reáchtáil?

Faoi dhó anois le seachtain tá breithiúnais chúirte tar éis aird a tharraingt in athuair ar obair agus ar chur chuige an Oireachtais. Tá ceist eile le cur de bharr an chur agus cúiteamh freisin. Cén chaoi nach bhfuil ar ár gcumas sa tír seo fiosrúchán a reáchtáil ar bhealach éifeachtach nach gcosnaíonn an iomarca?

B’fhéidir, ar ndóigh, nach ar an gcur chuige fiosrúcháin féin atá an milleán ach ar an gclaonadh atá ionainn gan iomlán an eolais a thabhairt an chéad lá agus a thromchúisí agus a bhíonn scéal a chur i bhfolach, más féidir.

Tá binsí fiosraithe, coimisiúin fiosruithe, coistí fiosraithe agus athbhreithnithe de chuile chineál mar chuid d’obair an Stáit ó na fichidí i leith. Bhain go leor díobh i mblianta tosaigh an Stát le cúrsaí trádála agus talmhaíochta. Níor mhair a bhformhór ach bliain nó dhó. Cúpla céad punt ar an meán an costas a bhí orthu.

Is dóigh gurbh é binse fiosraithe na mairteola a chuir tús leis an múnla a bhfuil taithí againn anois air nuair a bunaíodh é i 1991. Níl a fhios cén chonspóid a tharraing sé ag an am. Mhair sé trí bliana agus chosain imeachtaí an bhinse ós cionn £27 milliún.

Is liosta le háireamh na fiosrúcháin eile a bhí ann le 25 bliain anuas. Ba ghearr le rabharta earraigh an méid scannal agus binsí fiosraithe a bhí againn ó shin.

Mhair Binse fiosraithe Finley faoi scannal an Heipitíteas C cúpla mí agus chosain sé €4.57 milliún. Dhá bhinse a bunaíodh le híocaíochtaí ó Ben Dunne agus Dunnes Stores chuig polaiteorí éagsúla a iniúchadh. Mhair Binse McCracken roinnt míonna agus chosain sé beagán le cois €6.5 milliún. Bhí binse Moriarty i mbun oibre ar feadh ceithre bliana déag agus caitheadh os cionn €46 milliún air.

Ansin bunaíodh Binse fiosraithe Mahon (Flood ar dtús) a mhair 15 bliain, ó 1997 go 2012, agus a chosain thart ar €300 milliún. Níl amhras ar bith ach go bhfuair muid léargas ar dhroch-chleachtais oibre i rialtais áitiúla na tíre ó na tuarascálacha a foilsíodh,  ach céard eile a tharla dá bharr? Bhuel, chinn polaiteoirí gur bealach róchostasach a bhí sna binsí fiosraithe leis an gcineál seo iniúchadh a dhéanamh agus socraíodh go gcuirfí muinín i gcoistí Oireachtais leis an obair a dhéanamh.

Bunaíodh coiste fiosraithe faoi bhás John Carthy sa mbliain 2000 ach tugadh a dhúshlán sna cúirteanna a rialaigh nár cheart go mbeadh cead ag Coiste Oireachtais breithiúnas a thabhairt ar dhuine.  Tugadh isteach an 30ú leasú ar an mBunreacht ar mhaithe le cur ar chumas an Oireachtais fiosrúcháin a dhéanamh a bheadh ar leas an phobail. Dhiúltaigh an pobal don reifreann in 2011. Tugadh isteach reachtaíocht do Choimisiúin Fiosraithe in 2004 agus súil go mbeidís mar bhealach níos éifeachtaí agus níos saoire leis an obair a  dhéanamh. Tá sna déaga acu bunaithe go dtí seo agus sa gcás nach bhfuiltear sásta leis an múnla oibre faoi rún a bhíonn acu, bunaítear Binse Fiosraithe mar a tharla i gcás na nGárdaí agus fiosrúcháin Charleton.

Níl aon stop ó shin leis na binsí fiosraithe – binse Morris faoi na Gárdaí i dTír Chonaill, Binse Smithwick faoi dhúnmharú comhaltaí de chuid an RUC agus Binse Charleton faoi na Gárdaí agus liamhaintí Maurice McCabe. Bunaíodh an fiosrúchán faoi Siteserv in 2015 agus tá €4.5 milliún caite leis go dtí seo. Beidh bliain eile ar a gcuid oibre siúd.

Agus ná déanadh muid dearmad go bhfuil súil go luath leis an dara cuid den athbhreithniú atá ar siúl ag Gabriel Scally faoi scannal Cervical Check. Cá bhfios nach dtiocfaidh brú ina dhiaidh fiosrúchán níos iomláine a dhéanamh?

Agus cá bhfios nach ndéanfar an t-éileamh céanna i gcás Ospidéal na Leanaí?

Ar ndóigh is beag de na scéalta seo go léir a mbeadh aon eolas againn fúthu murach na dTeachtaí Dála a thóg orthu féin iad a chur i láthair an phobail.

Ní shin le rá gurb é an bealach is inmholta le heolas a chur i láthair an phobail ná eolas a chur i láthair an Oireachtais. Ach is maith ann an nós nó go n-aimsítear córas éifeachtach le fiosrúcháin a thionscnamh agus a reáchtáil.

Fág freagra ar 'Cén fáth nach féidir linn fiosrúchán éifeachtach nach gcosnaíonn an iomarca a reáchtáil?'