Táimid faoi chomaoin ag máthair agus deirfiúr Clodagh Hawes…

Deir Women’s Aid go bhféadfaí daoine a shábháil ó mharú dá bhfoghlaimeodh sinn ceachtanna ó gach gné de mharuithe sa teaghlach

Táimid faoi chomaoin ag máthair agus deirfiúr Clodagh Hawes…

Jacqueline Connolly, deirfiúr Clodagh, agus a máthair, Mary Coll le Claire Byrne

Bhogfadh an scéal croí cloiche. Mharaigh a fear céile Clodagh Hawe agus a dtriúr gasúr i gcontae an Chabháin in 2016. An tseachtain seo labhair máthair agus deirfiúr Clodagh go poiblí den chéad uair faoin íde bhrúidiúil a tugadh ar na páistí agus a máthair. Ar chlár Claire Byrne Live ar RTE d’éiligh siad fiosrú faoin gcás agus athbhreithniú ar na slite a gcuirtear eolas ar fáil do theaghlaigh nó an fáth a gceiltear fianaise.

D’iarr muintir Clodagh ar Choimisinéir an Gharda, Drew Harris aonad speisialta a bhunú chun déileáil le maruithe sa teaghlach. Ní ghlacann na mná, Mary Coll, máthair Clodagh, agus Jacqueline Connolly, a deirfiúr, leis an teoiric gur meabhairghalar ba shiocair le hiompar Alan Hawe a chuir lámh ina bhás i ndiaidh an ceathrar a mharú. Is mian leo mná agus gasúir a bheadh goilliúnach agus i gcontúirt a chosaint; ba mhaith leo a chinntiú nach bhfaigheadh éinne eile an íde a fuair Clodagh, 39, Liam 13, Niall 11 agus Ryan 6.

Ar an drochuair ní coir as an gcoitiantacht é marú mná agus páistí sa teaghlach. Léiríonn staidreamh gur duine in aon tíos leo nó duine aitheanta a mharaíonn deichniúr ban in aghaidh na bliana ó dheas agus cúigear sa tuaisceart. Áiríodh ag deireadh na bliana seo caite gur maraíodh 16 páiste lena máthair sa deisceart le bliain is fiche. Ní léir go fóill cé mar atá ag éirí leis an dlí nua faoi smacht comhéigneach a tugadh isteach ag tús na bliana seo. Níl a leithéid de dhlí sa tuaisceart; bhí sé ullmhaithe ag an Aire Cirt Claire Sugden nuair a thit Stormont agus fearacht go leor beartas eile, tá sé ina lánstad ó shin.

Foilseofar na figiúirí is deireanaí do Thuaisceart Éireann amárach, an 28 Feabhra. Cuntas ráithe é. Nuair a eisíodh an tuairisc dheiridh trí mhí ó shin ba léir go raibh méadú mór ar líon na n-eachtraí drochíde sa teaghlach; os cionn 31,000 le bliain, ardú de bhreis is 1,500. Astu siúd ba choireanna iad a leath, breis is 15,000. Cad faoi ndear an difear? Ní chruthaítear cion i gcónaí,  diúltaíonn duine fianaise a thabhairt – le teann faitís go minic nó ar iliomad cúiseanna sóisialta.

Tá ciall le héileamh mhuintir Clodagh Hawe go ndéanfaí athbhreithniú ar láimhseáil an uafáis. Bhí an fiosrú ar mharú an cheathrair teoranta mar nach raibh an marfóir beo lena chur ar a thriail. Bhí coiste cróinéara ann agus fuair an teaghlach roinnt eolais ansin cé gur léir gur theastaigh tuilleadh faisnéise uathu.

Cibé srianta atá ar roinnt eolais le híobartaigh is riachtanas do na húdaráis é anailís iomlán a dhéanamh ar a leithéid de chás, scrúdú ildisciplíneach idir ghardaí, oideachasóirí, lucht leighis, lucht cúram leanaí agus ban. B’fhéidir gur de phreab a d’iompaigh Alan Hawe ina mharfóir nó b’fhéidir go raibh míshocracht le feiceáil ag an té a raibh súil ghéar aige. Bhí trioblóidí aige ar an scoil ina raibh sé ina leas-phríomhoide. Arbh fhéidir go raibh údar foláirimh ansin faoina iompar nó faoi cad a bheadh ar a chumas nuair a bheadh sé faoi bhrú? Seans nach mbeidh a fhios choíche. Ach má tá nótaí faoi ghearán, faoi phróiseas smachtaithe, nótaí dochtúra/síciatraí nó comhad ceardchumainn ar fáil ba cheart iad a bheith ag na gardaí agus saineolaithe eile a scrúdódh an cás. Agus gach cás eile faoin drochíde sa teaghlach.

Deir Women’s Aid go bhféadfaí daoine a shábháil ó mharú dá bhfoghlaimeodh sinn ceachtanna ó ghrinnscrúdú foirmeálta ar gach gné de mharuithe sa teaghlach. Is fíor dóibh. Táimid faoi chomaoin ag máthair agus deirfiúr Clodagh as labhairt amach cé nár nós leo é. Ní raibh sé éasca ach bhí tábhacht as cuimse leis.

Coinníodh na scéalta seo faoi rún rófhada mar a rinneadh le scéalta faoi mhí-úsáid ghnéis freisin. Ní haon chúis náire don íobartach é. Shílfeá nár ghá é sin a rá sa bhliain 2019 ach is maith atá a fhios againn go mbíonn an náiriú de dhlúth agus d’inneach sa smacht comhéigneach. Tá sé fíor freisin, ar ndóigh, sna cásanna ina dtugann mná drochíde d’fhir cé gur minice mná faoi ghéarsmacht.

Ní mór do na húdaráis obair chríochnúil a dhéanamh,  ceachtanna a fhoghlaim agus an toradh a chur i bhfeidhm. Ní éileamh mór é.

Fág freagra ar 'Táimid faoi chomaoin ag máthair agus deirfiúr Clodagh Hawes…'