Dhá ghearán faoi chomharthaí bóthair dátheangacha faighte ag Rialtas na hAlban

Baineann figiúirí nua an bonn den mhaíomh go mbíonn an dúrud airgid á chaitheamh ar chomharthaí Ghàidhlig

Dhá ghearán faoi chomharthaí bóthair dátheangacha faighte ag Rialtas na hAlban

Comharthaí bóthair dátheangacha, Béarla-Gàidhlig

Ní bhfuair Rialtas na hAlban ach dhá ghearán faoi chomharthaí bóthair dátheangacha, Béarla-Gàidhlig, le 16 bliain anuas.

Mar a tharlaíonn abhus, is minic ceist na gcomharthaí bóthair dátheangacha a bheith á cíoradh ag na meáin in Albain, ach is cosúil nach ceist í a bhíonn ag déanamh oiread sin tinnis don phobal dáiríre.

Fuarthas an t-eolas faoi líon beag na ngearán faoin reachtaíocht um shaoráil faisnéise agus fuarthas amach faoin reachtaíocht chéanna nár chaith Còmhdhail Alba, an ghníomhaireacht rialtais atá i mbun cúrsaí iompair, ach £3,510 (€4,048) ar chomharthaí dátheangacha idir 2014 agus 2017.

Baineann na figiúirí nua sin an bonn den mhaíomh go mbíonn an dúrud airgid á chaitheamh ar chomharthaí Ghàidhlig.

Dúirt Jackson Carlaw, Ball Pàrlamaid na h-Alba ó Pàrtaidh Tòraidheach na h-Alba, ar Twitter le déanaí, mar shampla go raibh €26 milliún caite ar chomharthaí dá leithéid agus gurbh é an córas oideachais a bhí thíos leis.

“An education system failing our poorest, cuts to college places… but at least @theSNP spent £26m on Gaelic signs,” arsa Jackson Carlaw.

Is sna ceantair is láidre atá an Gàidhlig go traidisiúnta is fíochmhaire a bhíonn an chonspóid faoi na comharthaí. Tá sin fíor go háirithe i nGallaibh, an ceantar is faide ó thuaidh ar tír mór. Rinne ochtar comhairleoirí ansin iarracht bac a chur ar chomharthaí dátheangacha sa cheantar agus theip orthu. Bhí an-cháil ar an gComhairleoir John Rosie, nach maireann, as Inbhir Theòrsa mar gheall ar a nimhní is a labhraíodh sé  amach in éadan an Ghàidhlig agus bhí an cháil chéanna ar a iníon, Deirdre Mackay, a bhí ina comhairleoir i mBrùra, ceantar a raibh pobal a labhair Gàidhlig ann go dtí na 1970idí.

Ní polaiteoirí coimeádacha amháin a bhíonn in amhras faoi chomharthaí dátheangacha agus tharraing alt le Ian Jack sa nuachtán liobrálach an Guardian aird an phobail chomh maith. “They [comharthaí dátheangacha] don’t answer to this present Britain. They exist in a more historical landscape, to redress old rural grievances rather than to express new metropolitan demands,” a scríobh Jack.

Fág freagra ar 'Dhá ghearán faoi chomharthaí bóthair dátheangacha faighte ag Rialtas na hAlban'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Seafóid amach 7 amach é an dearcadh go mbíonn ag caitheamh an iomarca airgid ar ár gcomharthaí mar go minic iad á n-athrú ag am cuí 7 cinn nuatha de dhíth ar aon nós. Ní déantar gearán faoina leithéid ach le daoine áirithe ar Straosleabhar agus a leithéid. Agus ábhar eile ná go mbíonn na logainmneacha Beárla amú ar fad – ní bhíonn ciall ná brí dá laghad ag baint le droch-Bhéarla na n-logainmneacha! :-)

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cá huair a fheiceas muid a leithéid de chomhionannas don Ghaeilg ar chomharthaí na hÉireann?? Agus cá huair a fheiceas muid deireadh an chló Iodálach seafóideach??!!! Cá huair a fheiceas muid na comharthaí bóithre uilig i nGaeilg amháin i gceantracha Gaeltachta (tá leaganacha Béarla anois de bhailte siúd atá suite taobh den Ghaeltacht ar chomharthaí sa Ghaeltacht!)??

    Coinníoll Ghaeilg don Ghaeltacht.