Foirne Gaeltachta agus seaimpíní na hÉireann i lár an aonaigh agus sceideal TG4 fógartha

Beidh peileadóirí Átha Cliath agus iománaithe Luimnigh le feiceáil gan mhoill ar TG4, chomh maith le cluichí móra Ghaoth Dobhair agus an Spidéil i gcraobhacha na gclubanna

Foirne Gaeltachta agus seaimpíní na hÉireann i lár an aonaigh agus sceideal TG4 fógartha

INPHO/Ryan Byrne

Cuirfear tús le biaiste cluichí Gaelacha an earraigh ar TG4 an tseachtain seo le cluiche ceannais Chorn Uí Bhroin idir seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, agus an Iarmhí a chraolfar beo ó Pháirc Parnell Dé hAoine.

Is í an choimhlint sin an chéad cheann de 40 cluiche a bheidh á chraoladh ag TG4 as seo go dtí tús mhí Aibreáin. Ar na cluichí sin, beidh cluichí ceannais na sraithe sa pheil agus san iomáint, cluichí ceannais na gclubanna, cluichí ceannais tríú leibhéal agus cluichí ceannais iarbhunscoile.

“Táimid ag súil go mór le 20ú bliain an stáisiúin i mbun craolacháin ar chluichí na Sraithe Allianz,” a dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha. “Táimid bródúil as an stair fhada atá ag an stáisiún i mbun clúdach cuimsitheach ar chluichí CLG an t-am seo den bhliain. Is ionann an 40 cluiche CLG seo agus an chuid is fearr de chluichí agus de chomórtais CLG ó Bhabhtaí Ceannais Scór na nÓg go Cluichí Ceannais na Sraithe Allianz.”

Cuirfear tús leis na sraitheanna iomána agus peile Allianz faoi cheann coicíse agus beidh seaimpíní na hÉireann 2018, Áth Cliath agus Luimneach, le feiceáil ar TG4 agus iad ag imirt i mBabhta 1. Tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Mhuineachán i gCluain Eois sa tsraith peile Dé Domhnaigh, an 27 Eanáir, agus imreoidh buaiteoirí Chorn Mhic Cárthaigh 2018, Luimneach, as baile i gcoinne Loch Garman an lá céanna.

Roimhe sin, beidh cluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann idir fir Chonamara, An Spidéal, agus foireann Aontroma, Naomh Éanna, le feiceáil beo ar TG4 an Domhnach beag seo.

Beidh cluiche Ghaoth Dobhair i gcoinnne Chora Finne sa chraobh shinsir beo ar an stáisiún Gaeilge Dé Sathairn an 16 Feabhra.

Sceideal CLG an earraigh TG4

DÉ hAOINE 18 EANÁIR

Cluiche Ceannais Chorn Uí Bhroin, Áth Cliath v An Iarmhí, beo ó Pháirc Parnell (ar an aer ag 7:55pm, tús leis an gcluiche ag 8:00pm)

 

DÉ SATHAIRN 19 EANÁIR

Cluiche Ceannais Chorn Mhic Cionnaith Bhanc na hÉireann, Tír Eoghain v Ard Mhacha, beo ó Ard Mhacha. Caitheamh isteach ag 7:30pm.

 

DÉ DOMHNAIGH AN 20 EANÁIR

Cluiche Leathcheannais Peile Idirmheánach na gClubanna AIB

An Spidéal (Gaillimh) v Naomh Éanna (Aontroim), beo ó Pháirc Tailteann, An Uaimh. Caitheamh Isteach: 2pm, ar an aer ag 1:55pm

 

DÉ DOMHNAIGH AN 27 EANÁIR

Beo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 1-  Muineachán  v Áth Cliath, Cluain Eois

Iarbheo:  Sraith Iomána Allianz – Babhta 1-  Loch Garman v Luimneach, Páirc Innovate Phort Láirge

 

DÉ DOMHNAIGH AN 3 FEABHRA

Beo:  Sraith Iomána Allianz – Babhta 2-  An Clár v Cill Chainnigh

Iarbheo:  Sraith Iomána Allianz – Babhta 2-  Corcaigh v Loch Garman

Iarbheo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 2-  Tír Eoghain v Maigh Eo

 

DÉ SATHAIRN AN 9 FEABHRA

Cluichí Leathcheannais Sinsear Iomána AIB na gClubanna

3pm   Naomh Tomás (Gaillimh) v Ruairí Óg Bun Abhann Dalla (Aontroim), beo ó Pháirc Parnell, Baile Átha Cliath

5pm  Seamróga Bhaile Héil (Cill Chainnigh) v Baile Gunnair (Port Láirge), beo as Staid Semple, Durlas

Beo ar YouTube: Cluichí Ceannais Peile Shraith Sóisear agus Idirmheánach AIB na gClubanna, Páirc an Chrócaigh

 

DÉ DOMHNAIGH AN 10 FEABHRA

Beo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Muineachán v Gaillimh, Inis Caoin, 2pm

Iarbheo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Ros Comáin v Tír Eoghain

Iarbheo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Cluiche le deimhniú

Beo ar YouTube: Cluichí Ceannais Iomána Shraith Sóisear agus Idirmheánach AIB na gClubanna, Páirc an Chrócaigh

 

DÉ SATHAIRN AN 16 FEABHRA

Cluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear AIB na gClubanna

1:30pm    Cora Finne (Gaillimh v Gaoth Dobhair (Dún na nGall), beo ó Pháirc Seán Mac Diarmada, Cora Droma Rúisc

3:30pm   Dr. Crócaigh (Ciarraí) v Naomh Columba, Mullach na Leachta (An Longfort), beo ó Staid Semple, Durlas

Beo ar YouTube:  Babhtaí Ceannais Scór na nÓg, beo as an Téatar Ríoga, Caisleán an Bharraigh

 

DÉ DOMHNAIGH AN 17 FEABHRA

Craoladh beo agus iarbheo ar Shraith Iomána Allianz (Babhta 3) lena n-áirítear Cill Chainnigh v Luimneach, Loch Garman v Tiobraid Árann agus Gaillimh v Áth Cliath.

 

DÉ CÉADAOIN AN 20 FEABHRA

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Chorn Sigerson na Comhairle Ardoideachais CLG Electric Ireland

 

DÉ SATHAIRN AN 23 FEABHRA

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Chorn Mhic Giobúin na Comhairle Ardoideachais CLG Electric Ireland, beo as Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

 

DÉ DOMHNAIGH AN 24 FEABHRA

Sraith Peile Allianz (Babhta 4) agus Sraith Iomána Allianz (Babhta 4)

Cluiche amháin beo agus craoladh iarbheo ar dhá chluiche eile.

 

DÉ DOMHNAIGH AN 3 MÁRTA

Sraith Peile Allianz (Babhta 5) agus Sraith Iomána Allianz (Babhta 5)

Cluiche amháin beo agus craoladh iarbheo ar dhá chluiche eile.

 

DÉ hAOINE AN 8 MÁRTA

Gradaim Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, beo as Páirc an Chrócaigh

 

DÉ SATHAIRN AN 9 MÁRTA

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir Gourmet Food Parlour Pheil na mBan

 

DÉ DOMHNAIGH AN 10 MÁRTA

Cluichí Ceathrú Ceannais Shraith Iomána Allianz

 

DÉ SATHAIRN AN 16 MÁRTA

Cluichí Leathcheannais Shraith Iomána Allianz

 

DÉ DOMHNAIGH AN 17 MÁRTA

Cluichí Ceannais Sinsear Peile & Iomána na gClubanna AIB, beo as Páirc an Chrócaigh

 

DÉ DOMHNAIGH AN 24 MÁRTA

Sraith Peile Allianz (Babhta 7)

Cluiche Ceannais Shraith Iomána Allianz

 

DÉ SATHAIRN AN 30 MÁRTA

Cluichí Ceannais Shraith Peile Allianz (Roinn 3 agus Roinn 4). Beo as Páirc an Chrócaigh

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Iomána na gColáistí (Cluichí Ceannais na nIar-Bhunscoileanna). Beidh dhá chluiche beo as Staid Semple, Durlas.

 

DÉ DOMHNAIGH AN 31 MÁRTA

Cluichí Ceannais Shraith Peile Allianz (Roinn 1 agus Roinn 2), beo as Páirc an Chrócaigh

 

DÉ SATHAIRN AN 6 AIBREÁN

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Peile na gColáistí (Cluichí Ceannais na nIar-Bhunscoileanna – Cluiche Ceannais Chorn Paddy Drummond). An dá chluiche beo as Páirc an Chrócaigh

 

DÉ SATHAIRN AN 13 AIBREÁN

Beo ar YouTube:  Babhtaí Ceannais Sinsear Scór na nÓg, beo as an Téatar Ríoga, Caisleán an Bharraigh

Fág freagra ar 'Foirne Gaeltachta agus seaimpíní na hÉireann i lár an aonaigh agus sceideal TG4 fógartha'