Cúis náire eile go bhfuil 3,725 páiste ar a laghad gan dídean agus iad ag fanacht le Daidí na Nollag

Ná bíodh muid ag maíomh go bhfuil an tír ag feabhsú. Ná go bhfuil borradh eacnamaíochta faoin ngeilleagar arís. Ná go bhfuil ainm in airde orainn ar an stáitse Eorpach agus idirnáisiúnta…

Cúis náire eile go bhfuil 3,725 páiste ar a laghad gan dídean agus iad ag fanacht le Daidí na Nollag

3,725.

Nuair a deirtear leat gurb í sin an uimhir don líon páistí sa tír seo a bheidh gan dídean don Nollaig, céard a chiallaíonn sí anois duit?

Tá an cheist seo a bhaineann le heaspa tithíochta, easpa dídine agus fadhb le lóistín a fháil ar cíos dá plé lá i ndiaidh lae. Tá cur síos ar na moltaí réitigh ar fad atá dá mbeartú. Foirgnimh arda le ceadú, árasáin bheaga le déanamh,  limistéir nach féidir cíos a ardú iontu le haithint. Cloiseann muid na scéalta seo agus na tuarascálacha ar fad atá dá bhfoilsiú ag cur síos ar na fadhbanna agus na leigheas na bhfadhbanna ach i ndeireadh an lae is deacair breathnú thairis – 3,725 páiste gan dídean agus ag fanacht i lóistín éigeandála.

Deir páirtithe an fhreasúra go bhfuil na figiúirí dá n-áireamh anois ar bhealach a chiallaíonn go bhféadfadh cúpla míle duine eile a bheith gan dídean. Tá eagraíochtaí carthanachta den tuairim go bhfuil an figiúr níos airde ná mar a thugann na huimhreacha le fios. Tá na mílte ag tabhairt faoi na sráideanna ar bhonn rialta ag éileamh go dtabharfaí aghaidh ar an ngéarchéim tithíochta. Níl teach ná árasán le fáil ar cíos ag aon duine sa tír. B’fhearr le tiarnaí talún a gcuid tithe a chur ar AirBnB ná iad a thairiscint ar cíos do dhaoine atá gan dídean.

Agus ina dhiaidh sin ar fad tuairiscítear na mílte teach folamh a bheith ar fud na tíre, agus i mBaile Átha Cliath go háirithe, an áit is mó go bhfuil éileamh ar lóistín. Is amhlaidh a bheidh an t-éileamh céanna ag méadú de réir mar atá an eacnamaíocht ag fás. Mura mbeadh le comhaireamh ach an méid oibrithe breise atá le fostú má tá na tithe ar fad atá ag teastáil le tógáil.

‘Le Tógáil?’ Cén fáth nach bhfuil siad dá dtógáil? Cén fáth nach bhfuil an talamh poiblí atá sa tír agus a theastaíonn le tithe a sholáthar dá chur sa gcaoi go mbeidh sé réidh i dtús an earraigh le dúshraith a leagan air? Ní haon chabhair an socrú rialtais atá ann faoi láthair agus a leanfaidh anois bliain eile. Níl dóthain brú ar an rialtas an fhadhb a réiteach. Déanann siad cur síos ar na beartais atá ar siúl acu agus na tithe atá LE TÓGÁIL! Deir siad nach féidir leo a ladair a chur sa mhargadh an iomarca trí rialacháin a chur i bhfeidhm ar Thiarnaí Talún mar go gcuirfí an margadh as a riocht.

B’fhéidir agus muid ag tabhairt aghaidh ar thoghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn gur féidir dul i gcion ar pholaiteoirí agus a chur ar a súile go bhfuil an fhadhb seo ar fhadhb chomh mór agus a bhí sa tír le fada an lá. Tá suas le 20,000 duine ar an liosta tithíochta i mBaile Átha Cliath agus níl ach os cionn céad teach nua tógtha le bliain. Cén fáth? Cén míniú atá air? An é nach bhfuil tuiscint dháiríre i measc lucht riartha na tíre go dteastaíonn na tithe? Nó an bhfuil easpa airgid ann? Nó an é, dáiríre, gur cuma linn?

Léirigh tuilleadh figiúirí an tseachtain seo an bochtanas i measc páistí sa tír seo. Is cúis náire dúinn ar fad é sin. Cúis náire eile go bhfuil 3,725 páiste ar a laghad gan dídean agus iad ag fanacht le Daidí na Nollag. Ná bíodh muid ag maíomh go bhfuil an tír ag feabhsú. Ná go bhfuil borradh eacnamaíochta faoin ngeilleagar arís. Ná go bhfuil ainm in airde orainn ar an stáitse Eorpach agus idirnáisiúnta. Ní fiú tada aon ghaisce nuair atá 3,725 páiste gan dídean inár dtír chuile lá.

Fág freagra ar 'Cúis náire eile go bhfuil 3,725 páiste ar a laghad gan dídean agus iad ag fanacht le Daidí na Nollag'

  • Carraig

    ‘Tiarna talún’ is ea mé (mea culpa). Teach trí urlár, roinnte i dtrí árasán ar leithligh, ligthe amach ar cíos fíor-réasúnta agam. Na tionóntaithe an-sásta. Sean-teach atá coinnithe go maith, chuile áis nua-aimseartha, gáirdín mór etc. Deir an Chomhairle Cathrach liom nach bhfuil sé ag teacht leis na hardchaighdeáin sábháilteachta a éilíonn siad. Bhreithnigh mé na héilimh go grinn
    agus chosnódh sé na mílte (nach bhfuil agam) an teach a chur ‘ina cheart’ agus dhéanfaí scrios ar nádúr an tí; an tsíleáil, an staighre, na hurláir etc. Dá mbeadh an t-airgead agam ní dhéanfainn an ‘obair’ sin dóibh. Fógra scoir tugtha agam do lucht an tí, iad in ísle brí. ‘Teach folamh’ eile a bheidh ann im ainneoin féin agus na dtionóntaithe. Cé air atá an locht? ‘Diabhal’ eile is ea mé de réir na meán, gan amhras. Tá a leithéid sin ag tarlú fud fad na tíre.

  • Pól Ó Braoin

    Tá an fhadhb luaite ag Carraig thuas. Rócheangailte ag na rialacha mionchúiseacha ‘sábháilteachta’ céanna atá muid agus na húdaráis ag ligean orthu nach fios cén fáth an oiread sin tithe folmha a bheith thart. Teachtaí Dála láidre a theastaíonn uainn, cheapfainn.