Gaoth Dobhair ar thairseach na staire, ach bíonn sé doiligh imreoirí óga a choinneáil sa bhaile

Labhair iarChathaoirleach Ghaoth Dobhair, Dónall Ó Cnáimhsí, le Tuairisc.ie faoin spreagadh atá tugtha ag gaiscí na foirne peile don phobal agus an imní atá ann go gcaillfear glúin órga imreoirí arís

Gaoth Dobhair ar thairseach na staire, ach bíonn sé doiligh imreoirí óga a choinneáil sa bhaile

Easpa díocais agus an iomarca méiseála. Sin iad na freagraí is túisce a thugtar nuair a chuardaítear míniú ar an gcúis go raibh dhá bhliain déag ann ó bhuaigh Gaoth Dobhair Craobh Shinsir Dhún na nGall go deireanach.

Cé go bhfuil cuid den fhírinne sa mhéid sin, ní shin iomlán an scéil ach an oiread. Cinnte bhí imreoirí mór le rá i nGaoth Dobhair – Kevin Cassidy, an bheirt McGee, Odhrán Mac Niallais – ach seachas sinn, bhí an cumann ag streachailt agus nach mór glúin iomlán imreoirí caillte acu idir an dá linn.

Is léir sin ón bhfoireann atá acu faoi láthair, foireann atá ar thairseach na staire agus iad ag ullmhú do chluiche cheannais an chúige Dé Domhnaigh. Ógánaigh nó seanfhondúirí iad uile. As an bhfoireann a thosaigh sa i gcluiche ceannais an chontae i gcoinne Naomh Conaill i mbliana, d’imir ceathrar acu i gcluiche ceannais 2006. I dteannta na seanfhondúirí sin in 2018, bhí naonúr den fhoireann a bhuaigh Craobh Faoi 21 Uladh níos luaithe i mbliana. Is léir nach bhfuil oiread sin idir 23-30 bliain d’aois sa cheantar níos mó.

“Bhí sé deacair go leor foireann a chur le chéile na blianta sin [tar éis bhua 2006],” a deir Dónall Ó Cnáimhsí, a bhí ina chathaoirleach ar an gcumann thart ar an am sin agus ceapadh le déanaí mar Oifigeach Pleanála Teanga sa cheantar.

“Tá deich mbliana nó dhá bhliain déag chrua curtha isteach ag an cheantar, agus muid ag féachaint ar na hóstáin agus na monarchana ag dúnadh. D’imigh cuid mhaith de na himreoirí a bhuaigh an chraobh in 2006. Bhí lear acu ar an gcoláiste ag an am agus ní raibh obair nó deis fostaíochta ar bith sa cheantar agus chroch siad a seolta agus d’imigh siad leo thar lear. Tá siad scaipthe ar fud na cruinne.”

Molann Ó Cnáimhsí an obair a rinne leithéidí Tom ‘Beag’ Mac Giolla Easpaig agus Declan Bonner, nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir Ghaoth Dobhair, leis an nglúin nua imreoirí atá ann faoi láthair. Is iad na fir óga sin atá anois ag tabhairt dóchas agus misneach do mhuintir na háite agus cluiche ceannais Uladh bainte amach acu.

“Tá an paróiste uile ar sceitimíní roimh an Domhnach agus is é sin atá ar comhrá ag gach duine,” a deir Ó Cnáimhsí. “Tá bratacha ar fud na háite, cé go bhfuil siad stróicthe ag an ghála gaoithe faoi láthair!”

Dar le hÓ Cnáimhsí, bhí cumas na foirne le feiceáil anuraidh nuair a chuaigh siad chomh fada le babhta leathcheannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall agus na hógánaigh agus na seanfhondúirí ag spreagadh a chéile.

“Thug siad sárthaispeántas uathu anuraidh sa chraobh shinsir agus bhí mí-ádh orthu sa chluiche leathcheannais in aghaidh Naomh Conaill. Bhí a fhios againn go raibh an mianach [sna hógánaigh] sin, go háirithe nuair a bhuaigh siad Craobh Uladh fosta.”

In ainneoin an dóchais sin, tá imní ar Ó Cnáimhsí go bhféadfadh an ceantar na himreoirí óga cumasacha seo a chailleadh chomh maith.

“Tá naonúr den fhoireann seo anois ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus beag seans go mbeidh deiseanna fostaíochta acu sa cheantar nuair a bheidh siad réidh ar an gcoláiste. Seans go mbeidh siadsan scaipthe ar fud na cruinne fosta,” arsa Ó Cnáimhsí.

Bíonn foirne a bhaineann gaiscí amach le chéile ag iarraidh fanacht le chéile chomh fada agus is féidir, ach deir Ó Cnáimhsí nach bhfuil sé chomh héasca sin, go háirithe i gceantar ar nós Ghaoth Dobhair.

“Tá sé uile ag brath ar fhostaíocht. Tá thart ar 300 d’aos óg an cheantair seo ag obair in Dubai, san Araib Shádach agus áiteanna mar sin, ag múinteoireacht. Tá sé sin an-tarraingteach ar fad. Tá daoine sa choláiste anois agus b’fhéidir nach bhfuil mórán fonn orthu socrú síos i mBaile Átha Cliath agus na costais arda a bhaineann leis an bpríomhchathair.

“Tá siad ag amharc thar lear agus go háirithe go Dubai agus na háiteanna seo. Tá cúpla duine de leaids óga an cheantair thall ansin cheana féin agus tá an t-eolas á scaipeadh faoi na cúinsí maithe atá thall ansin. Tá sé iontach tarraingteach.”

Tá pobal uile an cheantair ag súil go mór leis an gcluiche Dé Domhnaigh in aghaidh sheaimpíní Mhuineacháin, An Bhoth, ach tuigeann Ó Cnáimhsí go maith nach mbeidh an rath céanna orthu mar chumann bliain i ndiaidh bliana, fiú agus foireann chomh hóg sin acu. Caithfear an t-iarann a bhualadh nuair a bhíonn sé te.

“Tá  a fhios againn gur seo an deis atá againn anois agus b’fhéidir nach mbeidh deis eile againn choíche arís. Tá muid iontach dóchasach ó thaobh na foirne de ach tá muid rud beag buartha gur tús iontach atá ann ach b’fhéidir gurb é seo an deireadh fosta.”

Fág freagra ar 'Gaoth Dobhair ar thairseach na staire, ach bíonn sé doiligh imreoirí óga a choinneáil sa bhaile'