‘Bheinn sásta Aerfort na Mine agus Aer Arann a dhíol’ – Ó Céidigh

Tá suim léirithe ag Roinn na Gaeltachta i gceannach aerstráice na Mine i gConamara in iarracht teacht as an tsáinn maidir leis an gconradh d’aersheirbhís d’oileáin Árann a bhfuil deireadh ag teacht leis roimh Nollaig

‘Bheinn sásta Aerfort na Mine agus Aer Arann a dhíol’ – Ó Céidigh

Tá ráite ag úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, go bhfuil sé “breá sásta” dul i mbun cainte le Roinn na Gaeltachta faoi Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát.

Dúirt an Seanadóir Gaeltachta agus fear gnó le Tuairisc.ie tráthnóna gur chuir sé in iúl don Roinn “go minic cheana, le trí nó ceithre bliana anuas” go raibh sé sásta an t-aerfort in Indreabháin i gConamara a dhíol  ach go ndúirt siad “gach uair nach raibh suim acu ann”.

Tuairiscíodh tráthnóna go bhfuil suim léirithe ag Roinn na Gaeltachta i gceannach aerstráice na Mine i gConamara in iarracht teacht as an tsáinn maidir leis an aersheirbhís d’oileáin Árann.

Ag labhairt dó ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dheimhnigh an tAire Stáit Joe McHugh go raibh litir seolta ag dlíodóir na Roinne chuig Aer Arann chun tús a chur le plé faoi cheannach na haerstráice.

Tuigtear go ndeirtear sa litir sin go bhfuil spéis ag an gcomhlacht Galway Aviation Srevices Ltd (Aer Arann Islands) an aerstráice dhíol agus gur spéis le Roinn na Gaeltachta go gcuirfí praghas uirthi.

Dúirt Pádraig Ó Céidigh tráthnóna nach raibh litir na Roinne feicthe go fóill aige ach nach mbeadh “aon fhadhb aige” dul chun cainte leis an Roinn faoi dhíol an aerfoirt. Dúirt sé go mbeadh sé sásta díol an chomhlachta aeir atá i mbun na seirbhíse chuig oileáin Árann a phlé chomh maith.

Tá sé i gceist ag Aer Arann éirí as an tseirbhís aeir d’oileáin Árann ar an 6 Nollaig mar gheall ar aighneas idir an comhlacht agus Roinn na Gaeltachta faoi théarmaí an chonartha don tseirbhís. 

Tá an dara conradh idir Aer Arann agus Roinn na Gaeltachta a bhaineann le húsáid Aerfort na Mine tarraingthe siar chomh maith ag úinéir an chomhlachta, an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh, rud a fhágann go mbeadh ar an Roinn láthair fheiliúnach eile a aimsiú don tseirbhís aeir ar an mórthír.

Dúirt úinéir Aer Arann nach raibh aon luacháil déanta aige ar an Aerfort ná ar an gcomhlacht ach thug sé le fios go ndéanfadh sé sin mar chuid “de ghnáthphróiseas díolacháin” dá mbeadh a leithéid ann.

Sa litir ó dhlíodóir na Roinne chuig Aer Arann, iarrtar ar an gcomhlacht an fógra scoir ar an tseirbhís aeir agus ar chead úsáide na haerstráice a tharraingt siar ionas go bhféadfaí dul i mbun margantaíochta.

Toisc gan a leithéid de phróiseas a bheith tosaithe fós, dúirt Ó Céidigh nach mbeadh sé sásta tarraingt siar fógra scoir an 6 Nollaig a phlé.

Deirtear sa litir go bhfuil an Roinn sásta dul i mbun cainteanna chun teacht ar réiteach ar an mbaol ar an tseirbhís aeir.

Tá imní ar phobal na n-oileán go mbeidh briseadh sa tseirbhís agus gan aon fhógra déanta fós maidir le tairiscintí nua a lorg. Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil “rún daingean” aige a chinntiú nach mbeidh aon bhriseadh sa tseirbhís.

Chuir Micheál Ó Goill ó chomharchumann Árann fáilte roimh an scéala go bhfuil suim ag Roinn na Gaeltachta aerfort na Mine, nó cuid de, a cheannach don Stát. I 1994 a cheannaigh Pádraig Ó Céidigh Aerfort na Mine agus Aer Arann.

Tá amhras mór ann faoina bhfuil i ndán don tseirbhís aeir chuig na hoileáin Ghaeltachta i ndiaidh d’Aer Arann a chur in iúl do Roinn na Gaeltachta i mí an Mheithimh go bhfuiltear ag tarraingt siar ó dhá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse sin.

D’fhógair Aer Arann go raibh siad chun éirí as an tseirbhís a chuireann siad ar fáil d’oileáin Árann ag deireadh na bliana seo agus chuir an comhlacht in iúl do Roinn na Gaeltachta go mbeidh siad ag tarraingt siar chomh maith ón gconradh atá acu Aerfort na Mine in Indreabhán a chur ar fáil don tseirbhís aeir. Is leis an Seanadóir agus fiontraí Pádraig Ó Céidigh Aer Arann agus an t-aerfort araon.

Baineann an t-easaontas idir an Roinn agus an comhlacht le téarmaí an chonartha a bronnadh ar Aer Arann ag tús na bliana seo caite.

Aighneas faoi bhrí théarmaí an chonartha sin is cúis le cinneadh Aer Arann agus lucht an chomhlachta míshásta go háirithe faoin scéal gur gá táillí tuirlingthe a íoc d’aon eitilt seachas na heitiltí sin a chaitear a chur ar fáil mar chuid den chonradh PSO. 

Tá míshástacht chomh maith ann faoi theorainn a bheith á cur leis an leibhéal brabúis a d’fhéadfaí a dhéanamh faoin gconradh.

De thoradh an easaontais faoi théarmaí an chonartha, gearradh siar ar líon na n-eitiltí go dtí na hoileáin agus ní raibh muintir na n-oileán féin sásta leis an gclár eitiltí a bhí á chur ar fáil dóibh.

Fág freagra ar '‘Bheinn sásta Aerfort na Mine agus Aer Arann a dhíol’ – Ó Céidigh'