Dóchas ag McHugh go bhfuil réiteach aige ar sháinn na ranganna ceoil do pháistí Chonamara

Tá imní ar thuismitheoirí i nGaeltacht Chonamara nach mbeidh na ranganna ceoil do pháistí a bhíodh á gcur ar fáil ag an nGaelacadamh ar siúl an fómhar ná an geimhreadh seo

Dóchas ag McHugh go bhfuil réiteach aige ar sháinn na ranganna ceoil do pháistí Chonamara

Tá súil ag Aire Stáit na Gaeltachta fógra a dhéanamh go luath faoi réiteach ar an tsáinn maidir leis na ranganna ceoil do pháistí Chonamara a bhíodh á gcur ar fáil ag an Gaelacadamh.

Ó tharla An Gaelacadamh a bheith scortha tá na cúraimí a bhíodh ar an eagraíocht sin a n-aistriú go dtí Ealaín na Gaeltachta ach ní rachaidh an fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta i mbun na ranganna do pháistí go dtí tús na bliana seo chugainn.

I ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta amach an mhí seo caite, dúradh gur tuigeadh go raibh “imní” ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar theagascóirí nach mbeadh na ranganna ar fáil do pháistí as seo go deireadh na bliana, ach go rabhthas i mbun iarrachta dul i ngleic leis an bhfadhb.

Tá roinnt fógraí déanta ag an Roinn ó shin ag iarraidh ar na múinteoirí a bhíodh ag teagasc ranganna an Ghaelacadaimh dul i dteagmháil leo féachaint an bhféadfaí na ranganna a chur ar siúl an fómhar agus an geimhreadh seo.

Dealraíonn sé anois go bhfuil dóchas ag Aire Stáit na Gaeltchta go bhfuil réiteach aimsithe aige ar sháinn na ranganna do pháistí Chonamara.

Agus freagra á thabhairt ag Joe McHugh ar ceist Dála a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly air, dúirt sé go raibh sé “ag súil leis go mbeifear in ann foirmle réitigh ina leith a fhógairt go luath”.

Tá sé i gceist go ndéanfadh Ealaín na Gaeltachta forbairt de réir a chéile ar an soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil  ar fud na Gaeltachta agus iad i mbun taighde agus obair ullmhúcháin chuige sin faoi láthair.

Fág freagra ar 'Dóchas ag McHugh go bhfuil réiteach aige ar sháinn na ranganna ceoil do pháistí Chonamara'