‘Díomá’ faoi ‘chur amú’ airgead poiblí ar chás cúirte faoi pholasaí a chuir cosc ar Ghaeilge

Is ar Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach féin a thitfidh na costais dlí a bhain leis an gcás a tugadh ina n-aghaidh mar gheall ar a bpolasaí conspóideach a chuir cosc ar Ghaeilge ar chomharthaí sráide

‘Díomá’ faoi ‘chur amú’ airgead poiblí ar chás cúirte faoi pholasaí a chuir cosc ar Ghaeilge

Tá cur amú airgid phoiblí curtha i leith comhairle áitiúil ag bean a thug a ndúshlán sa chúirt mar gheall ar an bpolasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí sráide.

Tharraing Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach siar san Ard-Chúirt i mBéal Feirste ar maidin a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide.

Ach dúirt an dlíodóir Niall Murphy, duine de lucht dlí na mná ar ghéill an chomhairle dá dúshlán, go raibh “aiféala” uirthi “gur cuireadh airgead cáiníocóirí amú” ar an gcás, go háirithe ag am “ar ardaíodh rátaí sa cheantar comhairle 3%.”

Is ar an gcomhairle féin a thitfidh na costais dlí a bhain leis an gcás a tugadh ina n-aghaidh faoina bpolasaí conspóideach a chuir cosc ar Ghaeilge ar chomharthaí sráide sa cheantar in ainneoin go raibh éileamh ón bpobal ar a leithéid.

Dúirt Niall Murphy gur léirigh ar tharla san Ard-Chúirt ar maidin go raibh an ceart ag an té a d’áitigh go raibh polasaí na comhairle “mídhleathach”.

Mar chuid den chás in aghaidh an pholasaí maíodh gur sháraigh sé Ordú an Rialtais Áitiúil 1995, an Chairt Eorpach agus Comhaontú Aoine an Chéasta agus gur ghníomh “leatromach” a bhí ar bun ag an gcomhairle.

Athrú ó bhonn ab ea fógra an lae inniu seo ar dhearcadh lucht na comhairle faoin bpolasaí, a rabhthas fós ag maíomh cúpla seachtain ó shin go raibh sé “dleathach agus cuí”.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, an tseachtain seo caite chuir lucht na Comhairle in iúl do dhlíodóir na mná a thug an cás ina n-aghaidh nach raibh fúthu an cás a throid sna cúirteanna.

Bean a bhfuil a clann ag freastal ar Ghaelscoil sa cheantar a bheartaigh cás a thógáil in aghaidh na Comhairle maidir leis an bpolasaí ‘Béarla amháin’ agus maíodh gur sárú ar an dlí é ag údaráis áitiúla ó thuaidh a leithéid de pholasaí aonteangach a bheith acu beag beann ar mhianta an phobail lena mbaineann sí.

I mí Feabhra na bliana seo, vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i gcoinne cead a thabhairt Gaeilge a chur ar chomharthaí sráide sa cheantar.

I mí an Mhárta, chuir an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste aighneacht chuig Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach inar moladh “go láidir” go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide.

Chuir Conradh na Gaeilge agus daoine eile aighneachtaí faoi bhráid na comhairle chomh maith, ach chuir lucht na comhairle cos i bhfeac mar gheall ar an bpolasaí ‘Béarla amháin’ nó go bhfuair siad comhairle dlí an polasaí a tharraingt siar toisc é a bheith mídhleathach, rud a deineadh san Ard-Chúirt ar maidin.

Fág freagra ar '‘Díomá’ faoi ‘chur amú’ airgead poiblí ar chás cúirte faoi pholasaí a chuir cosc ar Ghaeilge'