Athrú mór intinne ag comhairle áitiúil agus polasaí ‘Béarla Amháin’ tarraingthe siar san Ard-Chúirt acu

Is ar Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach féin a thitfidh na costais dlí a bhain leis an gcás a tugadh ina n-aghaidh mar gheall ar a bpolasaí conspóideach a chuir cosc ar Ghaeilge ar chomharthaí sráide

Athrú mór intinne ag comhairle áitiúil agus polasaí ‘Béarla Amháin’ tarraingthe siar san Ard-Chúirt acu

Tá a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide tarraingthe siar san Ard-Chúirt ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach.

Athrú ó bhonn é seo ar dhearcadh lucht na comhairle faoin bpolasaí, a rabhthas fós ag maíomh cúpla seachtain ó shin go raibh sé “dleathach agus cuí”.

Is ar an gcomhairle féin a thitfidh na costais dlí a bhain leis an gcás a tugadh ina n-aghaidh faoin  bpolasaí conspóideach a chuir cosc ar Ghaeilge ar chomharthaí sráide sa cheantar in ainneoin éileamh ón bpobal ar a leithéid.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, an tseachtain seo caite chuir lucht na Comhairle in iúl do dhlíodóir na mná a thug an cás ina n-aghaidh nach raibh fúthu an cás a throid sna cúirteanna.

Bean a bhfuil a clann ag freastal ar Ghaelscoil sa cheantar a bheartaigh cás a thógáil in aghaidh na Comhairle maidir leis an bpolasaí ‘Béarla amháin’ agus maíodh gur sárú ar an dlí é ag údaráis áitiúla ó thuaidh a leithéid de pholasaí aonteangach a bheith acu beag beann ar mhianta an phobail lena mbaineann sí.

I mí Feabhra na bliana seo, vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i gcoinne cead a thabhairt Gaeilge a chur ar chomharthaí sráide sa cheantar.

I mí an Mhárta, chuir an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste aighneacht chuig Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach inar moladh “go láidir” go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide.

Chuir Conradh na Gaeilge agus daoine eile aighneachtaí faoi bhráid na comhairle chomh maith, ach chuir lucht na comhairle cos i bhfeac mar gheall ar an bpolasaí ‘Béarla amháin’ nó go bhfuair siad comhairle dlí go raibh an polasaí mídhleathach agus gur chóir é a tharraingt siar, rud a deineadh san Ard-Chúirt ar maidin.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh athrú intinne na comhairle agus dúirt gur léiriú an scéal ar an ngá le hacht teanga ó thuaidh.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go raibh “ardmholadh” tuillte ag pobal na Gaeilge sa cheantar as a bhfeachtas i gcoinne an pholasaí.

Dúirt Comer gur mhol Conradh na Gaeilge go minic cheana go mbeadh “cur chuige” comónta ag na comhairlí éagsúla ó thuaidh faoin gcomharthaíocht dhátheangach agus go mbeadh aon chinneadh faoi chomharthaí bunaithe ar thoil dhaonlathach an phobail.

“Léiríonn an cás seo, cosúil le go leor eile, an géarghá le hAcht Gaeilge ina dtugtar treoir agus soláthar láidir i dtaobh na comharthaíochta Gaeilge, atá aitheanta mar ghné lárnach de reachtaíocht teanga ar fud na cruinne.

“Ná déanaimis dearmad gur comharthaíocht dhátheangach atá i gceist anseo, ar a mbeidh an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh, cur chuige atá fréamhaithe sa Bhreatain Bheag, in Albain, i gCeanada agus go leor tíortha eile nach iad,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Dúirt Gráinne Ní Ghilín atá ina cónaí i gceantar Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach agus a raibh baint aici leis an bhfeachtas i gcoinne an pholasaí gur mhaígh Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle cúpla seachtain ó shin go raibh an polasaí “dleathach agus comhréireach”.

“Dornán seachtainí ar aghaidh, agus an cás anois os comhair na cúirte, is léir nach sin an tuairim atá acu a thuilleadh. Cé go gcuireann muid fáilte roimh an chinneadh seo an polasaí a chur ar ceal, is ábhar imní dúinn go fóill an dóigh a ndearnadh neamhaird ar mhianta phobal na Gaeilge, íocóirí rátaí, roimhe seo agus an dóigh a gcaithfear linn amach anseo agus polasaí nua á chur le chéile ag an Chomhairle.”

“Thug an Príomh-Fheidhmeannach le fios fosta sa fhreagra a chuir sí chugainn go nglacann siad dáiríre leis na dualgais atá orthu i dtaobh na Cairte Eorpaí. Iarrann muid ar an Chomhairle, mar sin, beartais shoiléire Chomhairle na hEorpa a chomhlíonadh agus iad ag plé le comharthaíocht dhátheangach amach anseo,” a dúirt an feachtasóir Gráinne Ní Ghillín, ar ball chomh maith í den Dream Dearg.

Dúirt an dlíodóir Niall Murphy, duine de lucht dlí na mná a thug dúshlán na comhairle sna cúirteanna, gur léirigh ar tharla san Ard-Chúirt ar maidin go raibh an ceart ag a gcliant go raibh polasaí na comhairle “mídhleathach”.

Mar chuid den chás in aghaidh an pholasaí maíodh gur sháraigh sé Ordú an Rialtais Áitiúil 1995, an Chairt Eorpach agus Comhaontú Aoine an Chéasta agus gur ghníomh “leatromach” a bhí ar bun ag an gcomhairle.

Ba iad Cumann Áitritheoirí Abbeyville a rinne an t-iarratas go gceadófaí cúig chomhartha a mbeadh na sráidainmneacha i nGaeilge orthu agus a gcás bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhaile.

Dúirt Leas-Stiúrthóir an Committee on the Administration of Justice (CAJ), Daniel Holder le Tuairisc.ie tráth na vótála i gcoinne an iarratais sin go raibh vóta na gcomhairleoirí ar son polasaí ‘Béarla amháin’ in aghaidh an dlí.

“Cuireadh deireadh i 1995 leis an seandlí de chuid Stormont a chuir cosc ar an nGaeilge – níl sé dleathach anois ag Comhairle cosc a chur ar chomharthaí dátheangacha i ngach cás, beag beann ar dhearcadh na n-áitritheoirí ar an tsráid atá i gceist.

“Bheadh aon pholasaí dá leithéid ag teacht salach ar chonarthaí maidir le cearta an duine a shínigh an Ríocht Aontaithe le Comhairle na hEorpa agus ar na gealltanais a tugadh i dtaobh na Gaeilge de thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an CAJ.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh fiosrú ar bun ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i dtaobh sceitheadh eolais maidir le plé a rinneadh an tseachtain seo caite faoin gcás dlí maidir lena bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide.

Fág freagra ar 'Athrú mór intinne ag comhairle áitiúil agus polasaí ‘Béarla Amháin’ tarraingthe siar san Ard-Chúirt acu'