‘I couldn’t help but wonder…’ Carrie Bradshaw, cácaí ‘bacstaí’ agus ciseáin sailí i nGleann Cholm Cille

Tá ár gcolúnaí fós ag teacht chuici féin tar éis cúpla lá iontach i nDún an nGall mar ar tugadh údar machnaimh go leor di

‘I couldn’t help but wonder…’ Carrie Bradshaw, cácaí ‘bacstaí’ agus ciseáin sailí i nGleann Cholm Cille

Thosaigh gach eagrán de Sex and the City leis an líne – ‘I couldn’t help but wonder…’ Bhí Carrie Bradshaw ansin lena ríomhaire glúine Apple, ina hárasán i Nua-Eabhrac – í ag smaoineamh agus ag scríobh faoi pé ar bith rud a bhí ag dó na geirbe aici an tseachtain sin.

Sin saol an cholúnaí. Bíonn cúpla lá taitneamhach agat, bíonn an-‘time’ agat, agus ansin suíonn tú síos le cupán caife ag ‘wonderáil’.

Tá mé fós ag teacht chugam féin tar éis cúpla lá iontach i nDún an nGall. Chuaigh scata againn ó chlub na Plurabelle Paddlers go baile Dhún na nGall don Fhéile bádóireachta bhliantúil ansin. Ní raibh criú iomlán againn agus mar sin b’éigean dúinn cúpla cuairteoir eile a thógáil ar bord chun an criú a líonadh.

Ní raibh aon mhórdheacracht ansin – duine acu Meri Gibson, tá sí ina cathaoirleach ar an eagraíocht dhomhanda a d’eagraigh an comórtas mór in Firenze na hIodáile le gairid. As an Nua-Shéalainn di siúd. As an Astráil do bhean eile ar an bhfoireann – Janette Fry, a bhí amuigh in éineacht linne ag an Duga i mBaile Átha Cliath seachtain ó shin. Agus ansin léim triúr fear ó ‘Soaring Dragons’ na Breataine isteach sa mbád toisc go rabhamar fós gann cúpla duine. Bhuel…heileo!

D’fhéadfá a rá gur bhaineamar an-sult as an lá agus tháinig ár bhfoireann ‘International Allsorts’ isteach sa tríú háit ar fad.

Agus mé ag siúl isteach ó mo theach lóistín chuig imeachtaí an tráthnóna i lár an bhaile, tháinig teaghlach turasóirí sa mbealach orm. Bhí an baile pacáilte don deireadh seachtaine saoire bainc.

Chuaigh mé thar an bhfear agus páiste amháin leis, ach bhí an bhean agus páiste eile, fós i mo bhealach ar an gcosán. Thriail mé dul tharstu cúpla babhta. Turasóirí…

Eoghan Ó Curraighin

Ní raibh mé ag stánadh orthu ná tada… ach bhí sí gléasta go han-deas, agus go ciallmhar don aimsir. (Seaicéad pardógach éadrom, treabhsar glas go dtí na rúitíní, bróga ‘loafers’ le lásaí agus bhí a gruaig deas nádúrtha, gan an chuma uirthi gur chaith sí mórán ama sa ngruaigeadóir)….mar a dúirt mé, ní raibh mé ag stánadh.

Chonaic sí mé agus ghabh a leithscéal ar an bpointe. ‘Oh, pardon me…’ Tharraing sí an páiste de leataobh chun mé a scaoileadh thairsti.

Chuaigh mé ar aghaidh go tapa chuig an ócáid san óstán. Ach bhí mé ag ‘wonderáil…..’

An amhlaidh gur aithin mé an guth sin? Chas mé timpeall agus d’fhéach thar mo ghualainn.

M’anam gurb í Carrie Bradshaw í féin – Sarah Jessica Parker agus a clann a bhí ann agus iad ag spaisteoireacht thar shiopa Magee i lár an bhaile.

Anois bheadh scéal agam do mo chomrádaithe an oíche sin – maisithe beagán ar ndóigh. Cinnte bhí comhrá ní b’fhaide ná sin ag an mbeirt againn – nár labhair muid faoin regatta, faoin aimsir, faoin áit is fearr le treabhsar gearr glas a cheannach, faoin bhféile i gCill Charthaigh?

Bhí mé fós ag wonderáil an mhaidin dár gcionn agus mé ag triall ar an Seó Talmhaíochta i nGleann Cholm Cille. B’éigean dom dul malairt slí i gCill Charthaigh féin de bharr an rása bóthair – choinnigh mé súil amach do SJP, ach faraor, ní raibh sí amuigh ag crochadh éadaí ná ag tabhairt cúpla fód isteach don tine ag an am.

Tá cuid den bhóthar siar go dtí an Gleann an-uaigneach. Níl sé an-deacair a shamhlú cén bhail a bhí ar an áit nuair a ceapadh an tAthair Mac Duibhir ina shagart paróiste ann i 1951. Ní raibh bóithre cearta ná leictreachas ná uisce reatha ná séarachas ann agus bhí an ceantar millte ag an imirce.

Duine ar leith a bhí sa sagart. Ag féachaint air arís sa seanscannán sa mhúsaem ansin, tá sé suntasach gur cainteoir mealltach cumhachtach a bhí ann. Fear mór ard, dathúil agus é lán le smaointe agus inspioráid. Chruthaigh sé postanna, tógadh foirgnimh éagsúla agus cuireadh tús leis an Taispeántas Talmhaíochta, i measc go leor eile.

Tá pictiúr amháin sa taispeántas a ndearna mise suntas ar leith dó. An tAthair McDyer ag siúl síos tríd an bhaile agus an dearthóir cáiliúil éadaigh Sybill Connolly lena thaobh. Tá muintir an bhaile ar ’chaon taobh an bhóthair, agus cuma thanaí bhocht orthu. Nach aige a bhí an misneach duine chomh cáiliúil léi – bean a dhear éadaí do Jackie Kennedy – a thabhairt go gleann iargúlta Gaeltachta? Is cinnte go raibh féith na poiblíochta ann agus bealach aige le dul i gcion ar dhaoine.

An tAth McDyer agus Sybill Connolly

Nuair a cuireadh tús leis an seó talmhaíochta sna 50idí bhí bean ar an gcoiste- Úna Bn Uí Bhléin. Agus in 2018, ba í an bhean chéanna, Úna Bn Uí Bhléin agus í anois 85 bliain d’aois, a d’oscail an Taispeántas go hoifigiúil.

Ní raibh sí istigh ar aon chomórtas, dúirt sí liom, mar gheall ar a stádas oifigiúil, ach ní raibh aon chonstaic mar sin roimh a deirfiúr Colette. Fuair sise an chéad áit i gcomórtas na gcácaí spúinse agus b’éigean di a bheith sásta leis an mbonn airgid don cháca torthaí agus an cáca pórtair.

Deirbhile Ni Churraighin agus a máthair Christine

Fuair mé comhairle ó Dheirbhile Ní Churraighin (TG4) agus a máthair faoin mbealach ceart le cáca ‘bacstaí’ a dhéanamh, (úsáid clúdach piliúr agus tú ag brú an stáirse as na fataí – mura bhfuil éadach muislín agat). Agus fuair mé saineolas faoi chaoirigh ó fhear atá ina bhall den Donegal Blackface Sheepbreeders Assocation. Ní raibh a fhios agam go dtí sin gur tugadh na caoirigh sin isteach ó Albain sa 19ú céad.

Agus an fear a bhí gnóthach ag déanamh ciseáin sailí i lár an taispeántais – thug sé comhairle dom faoin am is fearr leis an tslat a chur is a bhaint. ‘Le ré dhorcha na Samhna a ghearrtar an tslat.’ Is cosúil go n-atann an tslat ina dhiaidh sin agus ní féidir í a úsáid. ‘Le ré dhorcha na Féile Bríde a chuirtear an tslat.’ Anois, an raibh a fhios agat go méadaíonn gach planda nuair a bhíonn an ghealach lán?

Ag fáil faoi réir

‘An chéad lá (den ghealach úr) ní fheiceann éinne í.

An dara lá, feiceann na héanacha í.

Agus an tríú lá feiceann gach éinne í,’ a dúirt sé liom.

Agus ar mo bhealach abhaile, thosaigh mé ag wonderáil…

Nach iontach an tionchar a imríonn an ghealach orainn? Caithfidh mé é sin a inseacht do SJP an chéad uair eile a chasfar ar a chéile muid taobh amuigh de shiopa Magee.

Fág freagra ar '‘I couldn’t help but wonder…’ Carrie Bradshaw, cácaí ‘bacstaí’ agus ciseáin sailí i nGleann Cholm Cille'

  • leitheoir

    Taoi imithe le gealaigh ar fad!

  • Liam

    A Mhairéad, Is maith liom do alt! Maith thú.

  • Seáinín Mac Conraoi

    An-scríbhneoireacht agus “wonderáil”, a Mhairéad.