Chelsea v Man City: cath na mbilliúnaithe

Tá Chelsea agus Manchester City ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa Phríomhroinn an deireadh seachtaine seo ach cé mhéad a chosnódh foireann a roghnófaí as measc na n-imreoirí is daoire ag an dá chlub?

Roman Abramovich 18/7/2003

Casfaidh Chelsea agus Manchester City ar a chéile an deireadh seachtaine seo agus an dá fhoireann ag troid ar bharr Phríomhroinn Shasana. Iad siúd a bhí ag leanúint na sraithe seo daichead nó deich mbliana ó shin, fiú, is ar éigean a shamhlóidís gurb iad seo a bheadh ar bharr an dréimire.

Dár ndóigh, airgead is cúis leis seo. Cé go bhfuil Manchester United fós ag caitheamh airgead mór, is iad Chelsea agus City is flaithiúla ó thaobh na dtáillí aistrithe ollmhóra seo a íoc.

Agus sin á chur san áireamh againn, cé mhéad a chosnódh foireann a roghnófaí as measc na n-imreoirí is daoire ag an dá chlub?

Ba cheart a rá ag an staid seo nach í seo an fhoireann is láidre a d’fhéadfaimis a roghnú as measc na n-imreoirí ar fad, ach is í an ceann is costasaí í. Mar gheall air seo, níl aon slí ann do David Silva nó Yaya Toure, imreoirí lár páirce Man City. Cé gur chosain Silva €28.75m, agus Toure €30m, bhí imreoirí níos costasaí iad ar fáil.

Chomh maith leis sin, níl spás againn do John Terry, imreoir nár chosain pingin ar Chelsea. Ina áit mar chrann taca na gcosantóirí tá an bheirt imreoirí ó Man City, Vincent Kompany agus Eliaquim Mangala. Más ag caint ar luach ar airgead atáimid bheadh an bheirt seo ar bharr agus ag bun an scála.

Is é Kompany, captaen Man City, an t-imreoir is saoire ar an liosta, fear atá ina laoch ag lucht tacaíochta City. Taobh le Kompany, tá fear a chosain €40m nuair a ceannaíodh é ag deireadh mhí Lúnasa seo caite. 13 cluiche atá imeartha aige sa tsraith ó shin, sin €3m an cluiche

Gan dabht, tá imreoirí costasach a raibh go leor tráchta orthu a bhainfeadh áit amach ar fhoireann seo na mbilliúnaite dá mbeidís fós ag imirt do City nó Chelsea.

Ina measc siúd bheadh an Brasaíleach leis an stíl ghruaige shuaitheanseach sin, David Luiz, a d’íoc Chelsea €27m air i 2010 ach a d’fhág Stamford Bridge anuraidh. Agus cad faoi Robinho nó Andriy Shevchenko, a chosain €43M an duine?. Agus, ar ndóigh, cé a dhéanfadh dearmad ar Fernando Torres. Nuair a cheannaigh Chelsea é do €58.5M i mí Eanáir 2011, ba é an t-imreoir is costasaí sa Phríomhroinn a bhí ann. Nuair a d’fhág sé slán ag Chelsea ag tús na míosa seo, €3M a chosain sé ar Atlético Madrid. Fernando bocht. Chelsea bocht.

Man City vs Chelsea

Petr Cech (€13M) – Rennes – Samhradh 2004

Branislav Ivanovic (€12M) – Lokomotiv Moscow – Eanáir 2008

Eliaquim Mangala (€40M) – Porto FC – Samhradh 2014

Vincent Kompany (€8.5M) – Hamburg SV – Samhradh 2008

Aleksandar Kolarov (€22.7M) – Lazio – Samhradh 2010

Eden Hazard (€40M) – Lille LOSC – Samhradh 2012

Fernandinho (€40M) – Shakhtar Donetsk – Samhradh 2013

Cesc Fabregas (€33M) – Barcelona – Samhradh 2014

Willian (€35.5M) – Anzhi Makhachkala – Samhradh 2013

Sergio Aguero (€45M) – Atletico Madrid – Samhradh 2011

Diego Costa (€38M) – Atletico Madrid – Samhradh 2014

Costas Iomlán: €327.7M (€29.8M an imreoir, ar an meán)