Deirtear gur féile í seo atá dírithe ar an gcomhpháirtíocht seachas ar an iomaíocht ghéar – ná creid é sin!

Gach ceithre bliana a reáchtáiltear an Fhéile Bád Dragan seo - cluichí Oilimpeacha na mBád Dragan do lucht ailse cíche

Deirtear gur féile í seo atá dírithe ar an gcomhpháirtíocht seachas ar an iomaíocht ghéar – ná creid é sin!

Bhí brú agus teas millteanach in Firenze na hIodáile an tseachtain seo caite. Ní dheachaigh an teas faoi bhun 33 céim ach amháin san oíche agus fiú ansin ní raibh aon fhaoiseamh le fáil againn.

Nuair a d’fhógair maor an rás dragain go raibh ‘aon nóiméad amháin’ fanta go tús an rása bhíomar réidh. Iontach. Ní bheimis ag fanacht cúig nóiméad gan corraí mar a bhí sa rás roimhe sin.

Ansin an tubaiste. Sciorr ceann de na maidí ó lámha dhuine den fhoireann agus thit an maide isteach san Arno. Ni raibh an pontún sroichte againn agus bhí an maide ag snámh sa treo eile.

30 soicind. Agus gach duine ag féachaint amach rompu, ní fhaca a bhformhór an eachtra. Ghlaoigh an bhean ar an stiúir amach agus dúirt linn a bheith deas staidéarach go bhfaigheadh sí ar ais é. Bhí an abhainn ciúin go maith ach fós féin, ar nós abhainn ar bith, bhí sí ag rith. Agus mé ar an druma i dtosach an bháid, bhí amharc agam ar fhoireann Shingeapór a bhí ag teacht aníos le dul chuig a bpontún tosaithe féin.

Chas bean na stiúrach an bád i dtreo an mhaide a bhí ar snámh píosa uainn anois ach ag dul i dtreo mná Shingeapór. Lig sí béic. Sciobtha go maith, sháigh bean a lámh síos san abhainn agus shábháil ár maide. Ní fhaca stiúir Shingeapór an eachtra ar chor ar bith agus cheap sí go rabhamar ag déanamh orthu agus ar tí iad a bhualadh. Chas sí a bád féin siar uainn agus ba bheag nach ndeachaigh siad isteach sna giolcacha.

Bhí deich soicind fágtha. Ár mbuíochas ó chroí, a mhná Shingeapór (Paddlers in the Pink).

Gach ceithre bliana a reáchtáiltear an Fhéile Bád Dragan seo – cluichí Oilimpeacha na mBád Dragan do lucht ailse cíche. Nuair a bhí sé i Sarasota in 2014, bhí 3,000 i láthair ann. I mbliana san Iodáil bhí 4,000 duine cláraithe agus 130 club ó chuile chearn den domhan (17 tír) ag glacadh páirt ann.

Meascán de thréaniarrachtaí ar an uisce agus ócáidí sóisialta den scoth a bhí sa bhféile. Ar ndóigh is gailearaí ealaíne ann féin an chathair, Firenze. Na foirgnimh ársa, na séipéil, an Duomo, na Palazzo’s, agus Arno, an abhainn.

Sea, bhíomar anseo cheana ach ní mar a chéile an dá chuairt. Dhá bhliain ó shin ní raibh ann ach regatta beag áitiúil eagraithe ag an gclub áitiúil. Bhí ceann na bliana seo ní ba mhó ná aon cheann eile le blianta anuas. Agus cé gur mná formhór na n-iomaitheoirí, tá sé oscailte d’fhir freisin toisc go bhfaigheann siadsan ailse cíche freisin. Duine de na fir is mó a bhfuil aithne air in Éirinn, Mark O’Connor, is ball de chlub dragan Chorcaí é agus bhí sé ann leis na Wild Atlantic Warriors.

Deirtear gurb í an bhádóireacht dragan an spórt uisce is mó fás le blianta beaga anuas. Ceithre bliana ó shin ní raibh dóthain daoine in aon chlub in Éirinn le foireann iomlán ó chlub amháin a chur go Sarasota. Bhí foireann amháin as Éirinn ann– agus é comhdhéanta de bhaill as Baile Atha Cliath, Ceatharlach, Corcaigh, Béal Feirste agus Dún na nGall.

I mbliana bhí ceithre fhoireann ón tír seo ann – na Plurabelle Paddlers, na Lagan Dragons, Three Sisters agus Wild Atlantic Warriors. Agus anuas air sin, bhí baill ag na Plurabelles ar fhoireann na Dambusters as Melbourne agus baill eile ó Shannon Dragons ar fhoireann Heart of Steel ó Pittsburgh. Nach iontach an dul chun cinn é sin thar cheithre bliana?

Deirtear gur féile í seo atá dírithe ar an gcomhpháirtíocht seachas ar an iomaíocht ghéar. Ná creid é sin. Chomh luath agus a shéidtear an fheadóg, bíonn sé ina chogadh dearg idir na foirne, 500 méadar síos an Arno. Ní raibh éinne ag caitheamh súil ar an Duomo ná ar radharcanna áille na cathrach agus gach duine réidh – na maidí sáite síos san uisce, sinn ag fanacht socair, ag análú go deas réidh ach ag líonadh na scamhóg, na soicindí á gcomhaireamh…ansin an fheadóg…agus tosaíonn an druma agus an bhéicíl in éindí. Gan stad go sroicheann muid ceann cúrsa.

Nuair a bhuamar rás maidin Dé Domhnaigh níor fhéad muid é a chreidiúint gur dhúirt cúpla duine é. Níor chuala muid an fógra, bhí oiread sin gleo ar an mbád féin. Ní féidir a shamhlú cén chaoi a mothaíonn sé nuair a bhuaileann tú foirne eile – sa gcás seo ó na Stáit Aontaithe agus ó Cheanada. Dúradh linn gur thugamar léim chun cinn gar don deireadh agus gur thug sé sin an bua dúinn. Ní raibh an soicind amháin féin idir na chéad trí bhád. Cloigeann an dragain, b’fhéidir?

Ag deireadh na Féile bíonn searmanas ann a chuirfeadh tocht ar dhuine ar bith a d’fheicfeadh é. ‘Searmanas na mBláthanna’ a thugtar air. Tagann na báid ar fad le chéile agus coinníonn lucht na maidí greim ar bhád na gcomharsan, faoi mar a bheidís ceangailte le chéile. Fanann siad ar an uisce gan corraí, ceol álainn – Enya sa gcás seo –á chasadh. Gach duine ar bhruach na habhann agus sna báid gléasta mar a chéile agus bláthanna dáilte amach orthu. Caitear na bláthanna san uisce ansin i gcuimhne ar na daoine a fuair bás le hailse cíche.

B’iontach agus ba chorraitheach an radharc é.

Is féidir pictiúir dár dturas a fheiceáil ar leathanach Facebook na Plurabelle Paddlers – agus ar shuímh na gclubanna eile as an tír seo chomh maith.

Tá fís ghearr de shearmanas na mbláthanna anseo.

Fág freagra ar 'Deirtear gur féile í seo atá dírithe ar an gcomhpháirtíocht seachas ar an iomaíocht ghéar – ná creid é sin!'