Machnamh á dhéanamh ar phainéal cainteoirí Gaeilge a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar fhoirmeacha stáit nach dtuigtear

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur ‘fadhb ollmhór sa státchóras é’ a dhoiléire is a bhíonn leaganacha Gaeilge na bhfoirmeacha a bhíonn le líonadh ag an phobal

Machnamh á dhéanamh ar phainéal cainteoirí Gaeilge a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar fhoirmeacha stáit nach dtuigtear

Tá oifigigh sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí chun a machnamh a dhéanamh ar phainéal cainteoirí dúchais Gaeilge a bhunú a chinnteodh go mbeadh foirmeacha Gaeilge na roinne “inúsáidte” agus intuigthe do phobal na Gaeilge.

Ag labhairt dó ag cruinniú Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeilge agus na nOileán i dTithe an Oireachtais inné, mhol an Teachta Dála Éamon Ó Cuiv go gcuirfí painéal ar bun laistigh den Roinn chun scagadh a dhéanamh ar fhoirmeacha Gaeilge agus amhras air gur beag luí a bheadh ag daoine leis an gcineál Gaeilge a bhíonn sna foirmeacha Gaeilge a aistrítear ón Bhéarla.

Dúirt sé gur “fadhb ollmhór sa státchóras é” a dhoiléire is a bhíonn leaganacha Gaeilge na bhfoirmeacha a bhíonn le líonadh ag an phobal.

“Nuair a dhéantar aistriú ó theanga amháin go teanga eile is minic a aistrítear na focail seachas an bhrí agus is minic a bhíonn na foirmeacha Gaeilge sách deacair le tuiscint. Níl siad scríofa i nGaeilge an phobail,” a dúirt an Teachta Dála Ó Cuív.

Dúirt sé gur minic a bhíonn ar dhuine breathnú ar an bhfoirm Bhéarla le ciall a bhaint as an Ghaeilge atá ar an leagan Gaeilge den fhoirm.

“Creidim féin gur cheart na foirmeacha Gaeilge a thabhairt do chainteoirí dúchasacha agus painéal beag a chur le chéile. Tá daoine sa Roinn ar cainteoirí dúchasacha iad agus fiafraigh díobh siúd an dtuigeann tusa é sin?

“Mura dtuigeann duine atá ag obair sa chóras é, is ar éigean a thuigfeadh duine taobh amuigh den chóras é,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Ghlac Deirdre Shanley, Rúnaí Cúnta de chuid na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí le moladh Uí Cuív agus dúirt sí gurb é aidhm na Roinne foirmeacha “atá chomh simplí agus is féidir le tuiscint” a chur ar fáil don phobal. Déantar monatóireacht leanúnach ar fhoirmeacha lena chinntiú nach bhfuil siad róchasta, a dúirt sí.

Dúirt Shanley go ndéanfaí machnamh ar mholadh Uí Cuív agus go gcuimhneofaí ar phainéal cainteoirí Gaeilge a chur ar bun mar chuid de na forbairtí atá beartaithe faoi scéim teanga nua na Roinne.

Thug Shanley le fios le linn an chruinnithe go raibh forbairt á déanamh ar scéim teanga nua na Roinne faoi láthair agus go mbeadh dréacht den scéim nua á cur faoi bhráid an Aire Gaeltachta Joe McHugh roimh dheireadh an tsamhraidh.

 

Fág freagra ar 'Machnamh á dhéanamh ar phainéal cainteoirí Gaeilge a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar fhoirmeacha stáit nach dtuigtear'

  • A

    Doiléire!!! Mar seo a bhí blúire d’fhoirm iarratais ar chárta leighis go dtí cúpla mí ó shin nuair a aistríodh in athuair é ar iarratas ón gCoimisinéir Teanga:

    De réir an dlí, aon duine a thugann faisnéis bhréagach d’aon ghnó ar an bhfoirm seo, nó a gcoimeádann sé eolas a bhaineann le measúnú ar Chárta Leighis agus Cártaí Cuartaíochta DT incháilitheacht d’fhéadfadh, aghaidh a fíneáil, príosúnacht nó an dá

    Ní raibh a thuilleadh san ‘abairt’ seo, fiú is ná fuil lánstad ná eile ann!

    An gnáth chur i gcéill tarcaisniúil ar phobal labhartha na Gaeilge…
    agus níl ansan ach sampla…