Liosta ar fáil de na scoileanna nár léirigh suim i stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltachta cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta

Liosta ar fáil de na scoileanna nár léirigh suim i stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá liosta curtha i dtoll a chéile ag Tuairisc.ie den 28 scoil sa Ghaeltacht nár léirigh spéis i stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta agus tá liosta curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais den 106 bunscoil agus an 28 iarbhunscoil a rinne amhlaidh.

Bunaithe ar na liostaí sin, níor léirigh 27 bunscoil agus iarbhunscoil amháin sa Ghaeltacht – Coláiste Pobail Acla – suim i scéim aitheantais Gaeltachta na Roinne Oideachais. I nGaeltacht Mhaigh Eo atá formhór na scoileanna nár léirigh spéis a bheith aitheanta mar scoileanna Gaeltachta agus 11 bunscoil agus iarbhnscoil amháin sa chontae sin a chinn gan tabhairt faoin bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm. Naoi gcinn de bhunscoileanna i nGaeltacht na Gaillimhe agus sé bhunscoil i nGaeltacht Dhún na nGall a shocraigh gan stádas Gaeltachta a lorg ná múnla tumoideachais an pholasaí nua a chur i bhfeidhm.

Thoiligh gach scoil i nGaeltacht na Mumhan a bheith páirteach sa scéim aitheantais.


Na scoileanna nár léirigh spéis sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta 2018


Tábla le Tuairisc.ie

Tugadh deis in dhá chiorclán do na scoileanna nár léirigh suim sa scéim léiriú spéise a chur faoi bhráid Aonad Gaeltachta na Roinne roimh an 1 Meitheamh i mbliana, ach thug an tAire Oideachais Richard Bruton le fios le déanaí go mbeadh deiseanna eile ag scoileanna sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoileanna Gaeltachta amach anseo.

Dúirt sé go dtabharfaí deis eile dóibh in earrach na bliana seo chugainn iarratas a dhéanamh ar a bheith páirteach sa scéim don scoilbhliain 2019-2020.

Dúirt an tAire Bruton sa Dáil le déanaí go raibh “níos mó i gceist ná iarratas a sheoladh isteach”.

“Geallúint atá i gceist páirt a ghlacadh i bpróiseas tumoideachais agus beidh mo Roinnse ag éileamh go mbainfidh na scoileanna atá páirteach an caighdeán atá ag teastáil amach, cé go bhfuil buntáistí i gceist. Tá deontas ann, uaireanta breise [teagaisc] agus forbairt ghairmiúil leanúnach. Tá múnla do mhol ríomhfhoghlama i gceist.”

Dúirt an tAire go raibh “infheistíocht shuntasach” á déanamh ag a Roinn “chun caighdeáin i bhfad níos airde a bhaint amach i gceantair Ghaeltachta” agus toisc go raibh “imní mhór” ann go raibh caighdeán na teanga ag titim. 

“Creidimid gurb é seo an bealach ceart, ach tá rogha ag scoileanna cinneadh a dhéanamh a bheith páirteach nó gan a bheith páirteach ann,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Liosta ar fáil de na scoileanna nár léirigh suim i stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’'

  • wtf

    Na scoileanna sin nach suim leo an t-aitheantas sin a bheith acu baintear an stádas ‘Gaeltachta’ dìobh láithreach agus cibé buntáistí a ghabhann leis an teideal earráideach sin. An bhfuil pá breise á fháil ag na hoidí de bharr an stádais bhréige Ghaeltachta sin a bheith acu? Baintear díobh é, má tá. Cuirtear deireadh leis an amaidí liom leat ann as seo.

  • Pádraic

    An fiú a bheith ag tabhairt deis eile do na scoileanna sin? Is léir nach bhfuil aon spéis acu san aitheantas a fháil agus dhá dhéis tugtha dóibh cheana féin. Tá na scoileanna ar fad lonnaithe i gceantair laga Ghaeltachta chatagóir C. B’fhearr an maoiniú a dhíriú ar na scoileanna sin atá dáiríre faoin nGaeilge agus atá lonnaithe i gceantair atá níos láidre ó na teanga de. Ní dóigh liom go bhfuil aon teacht aniar i ndán don Ghaeilge sna ceantair sin ar imeall chathair na Gaillimhe…