Is ionann ‘Palaistíneach’ agus sceimhlitheoir… ‘whenever the unforgivable needs to be explained away’

Bhí ár gcolúnaí i láthair ag léirsiú de chuid an NUJ ag Ambasáid Iosrael le daoine, mar a bhailigh daoine le chéile chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhúnmharú an iriseora Yasser Murtaja

Is ionann ‘Palaistíneach’ agus sceimhlitheoir… ‘whenever the unforgivable needs to be explained away’

Bhailigh comhaltaí de Chraobh Craoltóireachta an NUJ i mBaile Átha Cliath os comhair Ambasáid Iosrael i nDroichead na Dothra le déanaí chun agóid a dhéanamh in éadan dhúnmharú an iriseora Yasser Murtaja i mbun a dhualgais ghairmiúla iriseoireachta ar theorainn Gaza Dé hAoine na seachtaine seo caite.

Chuir Emma O’Kelly, Betty Purcell, Seamus Dooley agus Richard Crowley údarás agus iontaofacht le scéal Murtaja nuair a labhair siad amach in éadan a scaoilte. Lámhachadh é ag Fórsaí Cosanta Iosrael agus an agóid ar an teorainn á clúdach aige, in ainneoin go raibh veist oifigiúil, a bhí breactha go soiléir i litreacha móra leis an bhfocal ‘PRESS’ á caitheamh aige san am.

Níorbh iad iriseoirí craolacháin Bhaile Átha Cliath amháin a bhí buartha fán scéal seo. Tharraing sé tráchtas eagarthóireachta sa New York Times Dé Céadaoin seo caite  fán cheannteideal ‘Israel’s Violent Response to Nonviolent Protests’, inar thugadar droim láimhe leis an mbréagscéal a bhí á scaipeadh ag lucht preasa Iosrael, is é sin, gur ‘sceimhlitheoir’ ab ea Murtaja.

Fear a bhfuil sean-eolas aige ar bhealaí an Mheánoirthir, gan trácht ar bhealaí iompair Iosrael is ea Richard Crowley. ‘Israel makes an equivalence between ‘Palestinian’ and ‘Terrorist’ whenever the unforgivable needs to be explained away’, ar seisean leis an slua i nDroichead na Dothra.

Grianghrafadóir leis an áisíneacht Ain Media in Gaza ba ea Yasser Murtaja (30). Bhí sé ar dhuine den naonúr a maraíodh nuair a scaoil trúpaí Iosrael piléir bheo isteach in Gaza seachtain ón Aoine seo caite. Tuairiscíonn Reporters Without Borders gur goineadh suas le seisear iriseoirí eile le linn na gcaismirtí sin le trí seachtaine anuas.

Stráice beag talún fá chósta na Meánmhara ina maireann breis agus dhá mhilliún Palaistíneach is ea Gaza. Faoi riail Hamas, tá Gaza fá imshuí agus dianbhrú ag Iosrael agus an Éigipt le haon bhliain déag anuas. Sna trí chogadh idir Iosrael agus Hamas sa tréimhse chéanna maraíodh Palaistínigh ina mílte míle, agus thart ar chéad Iosraelach a maraíodh.

Dearbhaíonn an New York Times arís, fiú má d’imigh buíonta beaga déagóirí ar ruathair chaite cloch suas róghar don teorainn ó am go chéile, go raibh na hagóidí, ar an iomlán, síochánta go dtí gur thosaigh an lámhach, agus gur sheas formhór mór na ndaoine píosa fada siar ón teorainn dhaingnithe, ag déanamh agóide ‘suí-síos’ i gcampa puball siar go maith ón gclaí . There has been no apparent reason for Israel to use live ammunition’, a deirtear san eagarfhocal. Ní fhaca an New York Times aon chúis nach bhféadfaí leas a bhaint as gnáth-theaicticí forfheidhmithe an dlí, píobáin uisce mhórchumhachta, mar shampla, a úsáid ar na léirsitheoirí ba thrioblóidí, in ionad piléir bheo.

Tagann an léamh sin le tuairim B’Tselem, buíon atá ar son chearta an duine in Iosrael, a d’áitigh ar na saighdiúirí Iosraelacha neamhaird a dhéanamh dá n-orduithe scaoilte, ar an mbonn go bhfuil sé mídhleathach lón cogaidh beo a úsáid i gcoinne sibhialtach, ní faoi fhorálacha an dlí idirnáisiúnta amháin atá sin amhlaidh, ach fiú de réir dhlí Iosrael féin.

Táid ann a chreideann gur ‘dhlisteanaigh’ briathra Avigdor Lieberman, Aire Cosanta Iosrael, dúnmharú Murtaja nuair a d’fhadaigh sé tine fán gcoimhlint le déanaí. Dúirt an tAire go mba Chaptaen le Hamas é Murtaja, ‘a bhain leas as drón chun faisnéis in éadan Iosrael a bhailiú’. Níor sholáthair Lieberman aon fhianaise a chruthódh an líomhain sin, ach chuir sé amach mar sin féin é, mar ‘fhíric’. Tagann leagan Lieberman iomlán salach ar thuairiscí neamhspleácha nuachta den eachtra lámhaigh inar maraíodh Murtaja.

Chuaigh Lieberman níos faide fós an Domhnach roimhe sin nuair a dúirt sé ‘there are no innocent people’ in Gaza Hamas. Cruthúnas, má bhí a leithéid ann riamh, ar théis Richard Crowley go bhfuil eilimintí áirithe in Iosrael beag beann ar fad ar shrianta an dlí, an tAire Cosanta san áireamh. Is fiú breathnú arís ar bhriathra Crowley – ‘Israel makes an equivalence between ‘Palestinian’ and ‘Terrorist’ whenever the unforgivable needs to be explained away’.

Ach d’imigh Lieberman níos faide ná sin fós lena mhaíomh dochreidte gur sceimhlitheoirí iad gach aon duine den dá mhilliún Palaistíneach, pobal iomlán Gaza. Luíonn sé le loighic, má ghlactar leis sin, go gcreideann Aire Cosanta Iosrael gur targaid dhlisteanach gach aon saoránach, an pobal iomlán, a mhaireann fá riail Hamas.

Is méanar dúinn an cheist a chur – cár chualamar a leithéid sin cainte cheana? An seanchleas Naitsíoch don aonú aois fichead, b’fhéidir, balcaisí Iosrael á gcaitheamh aige an dul seo? Agus, más targaid dhlisteanach gach aon mhac máthar is iníon Palaistíneach, nach luíonn sé le réasún nach fada an choiscéim atá idir sin agus an chlaontuiscint go bhfuil sé de cheart ag Iosrael, más mian léi, d’fhonn í féin a chosaint ar ndóigh, fáil réidh leo go léir, más gá?

Feictear dom nach fada ón fhírinne léamh Richard Crowley, duine de mhór-iriseoirí RTÉ le fiche bliain anuas, agus is léanmhar don tSeirbhís Náisiúnta, mar is dual di cur síos uirthi féin, nach bhfuil léamh agus eagna agus taithí agus ionracas daoine ar chaighdeán Crowley agus Farrell agus O’Leary le fáil chomh tiubh sin a thuilleadh i seomra Nuachta Dhomhnach Broc, ná, anois go ritheann sé liom, i measc sheó-iriseoirí chúrsaí reatha na saolta seo ach an oiread.

Tá sé thar am ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney oideachas a chur air féin faoi gach a bhfuil ag tarlú, fá bhun an radair, in Gaza, anois go bhfuil an spotsolas ag léim idir an Chóiré Thuaidh, an tSiria, Washington agus Moscó. Níl stát ar domhan níos oilte ná Iosrael chun an deis seo a thapú agus neamhaird ag an domhan orthu, agus gach éinne suaite ag geáitsíocht na beirte buachaillí bó fearaíocha, duine in OK Corral an Tí Bháin, an boc eile i Lamarie an Kremlin.

Is fear ionraic é Coveney, creidim, ach níl oiread agus focal ráite aige faoi dhúnmharú Murtaja, ná faoi dhomlas suarach Lieberman, briathra lasánta a chuireann, ní hamháin an iriseoireacht, ach an pobal Palaistíneach den uile dhath in Gaza, go teoiriciúil pé scéal é, i dteideal a scriosta.

Labhair amach, Simon, mar go bhfios dom go pearsanta go bhfuil ‘an rud ceart’, mar a thugadh Proinsias Mac Aonghusa air fadó, sa bhfuil agus sa gcnámh ionat. Ach tú a bheith cróga, agus ligint d’éiteas do theallaigh tú a threorú chuige.

Níorbh fhear é d’athair Hugh, a Simon, a d’fhanfadh balbh in éadan éagóir dhúnmharú Murtaja, ná ina staicín tostach roimh ghangaid phléascánta Avigdor Lieberman.

Sheasfadh Éire leat, Simon, dá n-aimseofá ionat féin na luachanna ‘fair play’ sin as ar fuineadh agus fáisceadh thú.

Fág freagra ar 'Is ionann ‘Palaistíneach’ agus sceimhlitheoir… ‘whenever the unforgivable needs to be explained away’'