‘Cá bhfuil ár scoil nua?’ arsa lucht na Gaelscoile atá breis agus scór bliain ‘in a damp crumbling prefab’…

Is treise an fhearg ná an t-áthas a mhúsclóidh ráiteas Richard Bruton faoi thógáil scoileanna nua

‘Cá bhfuil ár scoil nua?’ arsa lucht na Gaelscoile atá breis agus scór bliain ‘in a damp crumbling prefab’…

Tá na daltaí i nGaelscoil Chnoc Liamhna i ndeisceart Bhaile Átha Cliath á dteagasc i seomraí réamhdhéanta (nó prefabs) le breis agus scór bliain. Tá buanfhoirgneamh á iarraidh acu an t-am sin ar fad.

‘Cá bhfuil ár scoil nua?’ a bhí scríofa ar na meirgí a d’iompair daltaí agus tuismitheoirí ón scoil le linn agóide taobh amuigh de Theach Laighean i mí Dheireadh Fómhair. Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton an uair sin go raibh socruithe á ndéanamh ionas go rachfaí chun cinn le ceannach stráice talún gan mhoill agus le tógáil scoile ina dhiaidh sin. Níor tháinig aon dea-scéala ó shin.

Ní haon ionadh é mar sin gur chuir an ráiteas inar fhógair an tAire tógáil scoileanna nua ar fud na tíre míshásamh ar thuismitheoirí  agus ar mhúinteoirí na scoile. Is mar seo a chuir  tuismitheoir amháin, Aoife Clancy, a míshásamh in iúl go soiléir ar Twitter:

Bhí fearg den sórt céanna á léiriú ar fud na tíre ó craoladh an chéad thuairisc ar phlean tógála na Roinne Oideachais: 42 scoil nua a bhunú as seo go ceann ceithre bliana.

Mhaígh Richard Bruton nach gcuirfeadh na scéimeanna tógála moill ar athchóiriú nó ar thógáil foirgneamh nua atá á iarraidh faoi láthair ag Gaelscoil Chnoc Liamhna agus ag 574 scoil eile ar fud na tire.

Ba léir laistigh de chúpla uair an chloig nár chreid mórán a ráiteas. Mhol urlabhraí oideachais Fhianna Fáil Thomas Byrne don Aire buiséad breise a iarraidh ionas nach gcuirfí moill ar an obair sin. Ba léir freisin an chontrárthacht ghlan idir deimhniú an Aire agus an nóta eolais a chuir an Roinn Oideachais ar fáil d’iriseoirí. De réir an nóta sin, ní raibh an Roinn ábalta tosaíocht a thabhairt d’iarratais na scoileanna ar athchóiriú toisc go raibh béim á cur ar thógáil scoileanna breise.

Dúirt an tAire go raibh súil aige gur costas €20 milliún an ceann a bhainfeadh le tógáil na meánscoileanna nua, agus go mbeadh €5 milliún ar an meán ag teastáil chun íoc as bunscoil nua 200 dalta. Is ionann sin agus a rá go gcaithfear thart ar €450 milliún ar na scoileanna nua. 26 bunscoil agus 16 meánscoil atá i gceist.

Pictiúr: Twitter / @SuzanneCupla

Níl cur síos iomlán ar an gcaiteachas iomlán tógála agus athchóirithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais ar fáil agus an colún seo á scríobh. Mar sin féin, leag Thomas Byrne a mhéar ar an riachtanas polaitiúil. Ní bheidh fonn ar iarrthóirí rialtais tabhairt faoi thoghchán go gceadóidh Paschal Donohoe caiteachas breise d’iarratas tógála/athchóirithe Ghaelscoil Chnoc Liamhna agus lear mór scoileanna eile.

Bheadh an scéal amhlaidh fiú mura mbeadh geallúint pholaitiúil á caitheamh i leataobh ag an Rialtas. D’fhógair réamtheachtaí Richard Bruton sa Roinn Oideachais Jan O’Sullivan ar an 17 Samhain 2015 nach mbeadh foirgnimh réamhdhéanta á n-úsáid mar sheomraí ranga ó 2021 ar aghaidh, ach amháin ar bhonn eisceachtúil. Is léir anois nach gcomhlíonfar a geallúint.

Ní hacmhainn don Rialtas, ná do rialtas ar bith, gach scoil agus gach tuismitheoir sa tír a shásamh. Ach ní bheidh rath ar fheachtas toghcháin an rialtais mura gcuireann Richard Bruton ina luí ar an Aire Airgeadais a bheith níos flaithiúla. Beidh tuismitheoirí Ghaelscoil Chnoc Liamhna agus go leor scoileanna gnóthach agus glórach idir seo agus lá an bhuiséid, agus, ina dhiaidh sin, go dtí lá an olltoghcháin.

Fág freagra ar '‘Cá bhfuil ár scoil nua?’ arsa lucht na Gaelscoile atá breis agus scór bliain ‘in a damp crumbling prefab’…'