Ábhar á charnadh do thinte cnámh agus tús curtha le séasúr na máirseála

Caolseans go nglanfaí an seicteachas agus an ciníochas as séasúr na máirseála láithreach, ach céim mhór chun cinn a bheadh ann dá gcinnteofaí nach gcuirfí daoine i gcontúirt i mbliana.

Ábhar á charnadh do thinte cnámh agus tús curtha le séasúr na máirseála

An tráth sin arís. Luan Cásca cuirtear tús le ‘séasúr na máirseála’.

Bhí lá ciúin ag na daoine a chuir ceann le paráidí na ndílseoirí mar is dual dóibh ag tús an tséasúir. Cothaíodh imní áfach nuair ba léir go bhfuil tús curtha cheana féin le carnadh ábhair le haghaidh thine chnámh an tsamhraidh i gceantar na Seanchille i mBéal Feirste.

Bhí Comhairle Cathrach Bhéal Feirste tógtha leis an gcontúirt ó thinte cnámh ar Oíche an 11 Iúil, an ceiliúradh a dhéantar roimh fhéile mhór na máirseála ar an ‘twelfth’ agus tuairisc oifigiúil le plé gan mhoill faoi mholtaí chun tinte contúirteacha a rialú.

Ní mór a rá gur ag máirseálacha de chuid easaontóirí poblachtacha ag comóradh 1916 a bhí trioblóid an deireadh seachtaine seo caite. Caitheadh buamaí peitril agus clocha le baill den PSNI ag ócáid phoblachtach i nDoire. Dúirt ceardchumann na bpóilíní gur iarracht mharfach ab ea an t-ionsaí. Ina theannta sin, bhí sé scanrúil gur páistí a cuireadh amach i mbun ionsaithe.

Le cúpla bliain anuas tá easaontóirí poblachtacha ag tógáil tinte cnámh sa samhradh cothrom an ama a ndearnadh imtheorannú i 1971.

Údar imní is ea é sin, go háirithe do dhaoine sna comharsanachtaí ina dtógtar na tinte agus caithfear iad a chur san áireamh in iarracht ar bith chun a leithéid a cheansú.

B’iad na tinte dílseacha ba chontúirtí le blianta anuas. Lastar na scórtha acu ar an 11 Iúil gach bliain ach tá dornán acu a chuireann daoine, tithe agus sealús eile i mbaol. Ar ndóigh is sceith bhéil iad freisin as na híomhánna de pholaiteoirí náisiúnacha agus poblachtacha a chuirtear trí thine orthu, maille le hábhar ciníoch agus frith-Chaitliceach.

Beidh cuimhne mhaith ag daoine ar na híomhánna scanrúla de thithe i Sráid Chobham in oirthear Bhéal Feirste agus de bhloc árasán i lár-theas na cathrach a bhí i mbaol a scriosta ó thinte ollmhóra anuraidh agus arú anuraidh.

Chaith briogáidí dóiteáin an oíche ar fad ag scairdeadh uisce ar na hárasáin i Rae an Ghainimh (Sandy Row) anuraidh ag iarraidh iad a chosaint ó thine a bhí i bhfad róghar dóibh agus i bhfad rómhór.

Scoilteadh fuinneoga agus ballaí agus ní nach ionadh, mí tar éis na tine a mharaigh 71 i dTúr Grenfell i Londain scanraíodh an t-anam as na háitritheoirí. Bhí lucht eagair na dtinte beag beann orthu roimh an eachtra agus ina diaidh.

D’iarr an Chomhairle Cathrach i mBéal Feirste ar an iar-Ombudsman, Tom Frawley scrúdú a dhéanamh ar imeachtaí ar leith a bhain leis na tinte cnámh, ina measc pailléid le haghaidh tinte a bheith á stóráil ag láithreacha de chuid na Comhairle.

Phléigh coiste den Chomhairle a thuairisc le déanaí agus ar éileamh ó Shinn Féin, an SDLP agus Alliance foilseofar an tuairisc ina hiomláine go luath. (Ceilfear ainmneacha fheidhmeannaigh na Comhairle a bhí ag déileáil le tinte agus ábhar ar thalamh phoiblí).

Rinne na grúpaí aontachtacha ar an gComhairle, an DUP, UUP agus PUP tuairisc dá gcuid féin cúpla seachtain ó shin.

Díol suntais ab ea é nár thagair siad olc, maith ná dona do ról na bparaimíleatach Dílseach i dtógáil na dtinte cnámh ba chonspóidí. Ba é páirtíocht na bparaimíleatach ceann de na cúiseanna a raibh drogall ar na húdaráis a dhul i ngleic leis an gcontúirt ar fhaitíos go n-eagrófaí círéib agus go n-imeodh an scéal ó smacht ar fad.

Molann Tom Frawley céimeanna áirithe ar mhaithe le sábháilteacht agus ord poiblí is cosúil ach ní theastaíonn ó aontachtaithe go gcuirfí rialacha i bhfeidhm.

Ionsaí ar a gcultúr a bheadh ina leithéid. Féinriail a mholann siadsan. Glactar leis gur bheag faoiseamh nó sólás a thabharfadh caint faoi fhéinriail do na daoine as na hárasáin i Rae an Ghainimh ná sa líne tithe i Sráid Chobham in oirthear na cathrach a mbíonn ar dhaoine iad a fhágáil le haghaidh ‘na féile’.

Dúirt an DUP go nglacfadh siad le moltaí ‘tairbheacha’ as tuairisc Frawley. Tá Sinn Féin, an SDLP agus Alliance ag éileamh go gcuirfí moltaí i bhfeidhm láithreach chun déileáil le sábháilteacht agus go gcinnteofaí go mbeadh tacaíocht oifigiúil ag feidhmeannaigh chun na rialacha a chur i bhfeidhm. Bhainfeadh sé seo le tinte cibé dream a bheadh a dtógáil – poblachtaigh chomh maith le dílseoirí.

Ba mhaith ann a leithéid. De réir a chéile a bheadh éifeacht leo, cheapfainn. Caolseans go nglanfaí an seicteachas agus an ciníochas astu an chéad bhliain, ach céim mhór chun cinn a bheadh ann dá gcinnteofaí nach gcuirfí daoine i gcontúirt i mbliana.

Fág freagra ar 'Ábhar á charnadh do thinte cnámh agus tús curtha le séasúr na máirseála'