FíorChríostaí ar lár agus an tSiúr Caoimhín Ní Uallacháin ar shlí na fírinne

Teagascóir, cosantóir an chirt agus oibrí díograiseach pobail agus carthanachta a bhí dílis don Ghaeilge ab ea an an tSiúr Caoimhín Ní Uallacháin, a bhásaigh an tseachtain seo

FíorChríostaí ar lár agus an tSiúr Caoimhín Ní Uallacháin ar shlí na fírinne

An tSiúr Caoimhín Ní Uallacháin. Pic: Seán Ó Mainnín

Cailleadh an tSiúr Caoimhín Ní Uallacháin OP (1926-2018) ar an 3 Márta agus cuireadh i reilig na mBan Rialta Doiminiceánach sa Chabrach í inné (6 Márta). Bhí slua ollmhór i láthair, ina measc mná rialta ó na clochair Dhoiminiceánacha ar fud na tíre, iarscoláirí de chuid Scoil Chaitríona, oibrithe pobail agus daoine a tháinig faoina tionchar i mBaile Formaid. I measc na sagart Doiminiceánach a rinne comhcheiliúradh ar an Aifreann, bhí a deartháir an tAthair Maelisa Ó Huallacháin OFM, an t-aon duine dá deartháireacha agus deirfiúracha a mhaireann. D’iompair seisear fear (nó buachaillí) as Baile Formaid a cónra isteach sa séipéal, iarratas a bhí déanta ag an tSiúr Caoimhín féin sular cailleadh í.

Bhí cáil mhór agus an-mheas uirthi mar oideachasóir i dtús a saoil. Chaith sí 14 bliana mar mhúinteoir staire, Gaeilge agus Teagasc Críostaí i Scoil Chaitríona, Sráid Eccles, agus sé bliana ina dhiaidh sin mar Phríomhoide. Ba í Scoil Chaitríona an t-aon mheánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i mBaile Átha Cliath ag an am agus bhíodh daltaí ag tarraingt ar an scoil as gach cearn de Bhaile Átha Cliath agus den tír.

Bhí cion agus meas uirthi mar mhúinteoir agus mar Phríomhoide. Bhí sí dul chun cinniúil ina dearcadh faoi chúrsaí oideachais, ag rá go minic go bhfuil i bhfad níos mó i gceist san oideachas ná torthaí scrúduithe agus í ag spreagadh na ndaltaí le bheith páirteach i ndíospóireachtaí, i gcúrsaí spóirt agus sna healaíona. Bhí sí dílis go hiomlán don Ghaeilge, agus chuir sí roimpi an dílseacht chéanna a spreagadh sna daltaí. Bhí sí an-lách chomh maith.

Rinne an tSiúr Caoimhín an idirbheartaíocht agus na socruithe le Scoil Chaitríona a bhogadh go Bóthar Mobhí, Glas Naíon, áit a bhfuil an scoil an-láidir go fóill, sular fhág sí Sráid Eccles i dtús na seachtóidí.

Bogadh í go Baile Formaid ansin, athrú mór ina saol. Bhí sí ag múineadh i gClochar San Dominic i mBaile Formaid i dtosach agus tháinig sí ar thuiscint, óna cuid daltaí, ar na fadhbanna ollmhóra a bhí ag daoine óga sa cheantar, na buachaillí go háirithe.  Bhain na fadhbanna seo le cúrsaí sóisialta, le hólachán nó drugaí, le heaspa dídine, le dífhostaíocht nó le cúrsaí pearsanta. Chuir sí an-bhéim ar fhéinmheas agus ar dhínit an duine, rud a bhí in easnamh ar go leor de na buachaillí óga seo.

Labhair sí leis na buachaillí agus d’éist sí leo. Thug sí bia dóibh nuair a bhí ocras orthu. Thug sí chuig ospidéil iad le cóir leighis a fháil. Thug sí cuairt orthu go seachtainiúil sna príosúin, in Institiúid Naomh Pádraig, i bPríosún Mhuinseo agus i bpríosúin eile na tíre. D’eagraigh sí bronntanais dóibh um Nollaig. Chonaic sí an obair seo mar dhlúthchuid dá saol mar bhean rialta.

Chuir sí tearmann agus dídean ar fáil dóibh agus chuaigh sí os comhair na cúirte lena cuid “buachaillí” le labhairt agus idirghabháil a dhéanamh thar a gceann. D’fhan sí i dteagmháil leo féin agus lena muintir tar éis dóibh teacht as an bpríosún. Fuair sí cead ón Ord dul ag plé go lánaimseartha leis an obair thábhachtach seo. Fuair sí cúnamh airgid óna hOrd freisin, ó shagairt an pharóiste, ó institiúidí stáit agus ó aon duine eile a bhféadfadh sí airgead a chrú as. Bhí cáil ar an mbrú a chuir sí ar dhreamanna éagsúla, ní raibh sí sásta glacadh le heiteach, ach bhí meas uirthi dá bharr.


D’fhág an tSiúr Caoimhín a lorg ar phobal Bhaile Formaid, agus ar na buachaillí
go háirithe, le scéimeanna fíorthábhachtacha ar nós ‘Matt Talbot’ agus ‘Candle’, scéimeanna ar chaith sí dua ollmhór pearsanta leo agus a mhaireann ina diaidh.

Ba dheirfiúr í an tSiúr Caoimhín leis an scoláire mór teangeolaíochta, an tAthair Colmán Ó Huallacháin.

Suaimhneas síoraí di.

(Tá cur síos an-mhaith ar shaol an tSiúir Caoimhín, ar a cuid oibre agus ar a muintir, sa leabhar An tSiúr Caoimhín le Risteárd Ó Glaisne, a d’fhoilsigh FÁS in 2001.)

– Iarscoláire leis an tSiúr Caoimhín údar an ailt seo

Fág freagra ar 'FíorChríostaí ar lár agus an tSiúr Caoimhín Ní Uallacháin ar shlí na fírinne'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Nach maith go raibh – 7 go bhfuil go fóill, b’fhéidir – daoine maithe dá leithéid ann 7 iad ceangailte leis an eaglais.