970 cás nua den choróinvíreas fógartha, ardú 110% tagtha ar líon na gcásanna le seachtain

Agus srianta nua fógartha ag an Rialtas inniu, dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan gur ‘údar an-mhór imní’ an t-ardú atá ag teacht ar scaipeadh an víris sa phobal

970 cás nua den choróinvíreas fógartha, ardú 110% tagtha ar líon na gcásanna le seachtain
22/12/2020
Government Buildings ,Dublin.
Taoiseach, Micheál Martin pictured addressing the nation at Government Buildings ,Dublin.
Photograph: Julien Behal Photography / RollingNews.ie

Tá 970 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ón 25 Deireadh Fómhair. 13 duine eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 439 cás nua den ghalar deimhnithe ansin le lá anuas agus go raibh 16 duine eile a raibh an galar orthu básaithe.

Tá 447 othar a bhfuil an galar tolgtha acu in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 30 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan gur “údar an-mhór imní” an t-ardú atá ag teacht ar scaipeadh an víris sa phobal.

Dúirt sé go bhfuil ardú 110% tagtha ar líon na gcásanna a deimhníodh anseo le seachtain anuas (4,478 cás) i gcomparáid le líon na gcásanna a bhí ann an tseachtain roimhe sin.

Bhain 59 den 970 cás nua inniu le Corcaigh, 50 cás a bhí Dún na nGall agus 40 cás a bhí i nGaillimh. 36 cás a bhí i gcontae na Mí, 27 cás a bhí i gCiarraí, 27 cás a bhí i bPort Láirge agus naoi gcás a bhí i Maigh Eo.

Bhí 348 de na cásanna nua i mBaile Átha Cliath.

238 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 28 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta scaipthe an Covid-19 sa stát imithe suas ó 122.4 cás in aghaidh gach 100,000 inné go dtí 138.2 inniu.

Ráta 291 atá i nDún na nGall, níos mó ná a dhá oiread an mheánráta náisiúnta.

Ráta 140 atá i gCiarraí, 137 atá i gcontae na Mí, 127 atá i bPort Láirge agus 113 atá i Maigh Eo. Tá an ráta i gCorcaigh imithe suas go dtí 68 agus ráta 64 atá i nGaillimh.

3,390 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,171 duine ó dheas den teorainn agus 1,219 duine ó thuaidh di.

142,764 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 81,228 cás ó dheas agus 62,936 ó thuaidh.

Tá srianta nua fógartha ag an Rialtas a fhágfaidh go ndúnfar na bialanna agus tithe tábhairne ar an 24 Nollaig agus go gcuirfear cosc ar dhaoine a gcontae féin a fhágáil ó mheán oíche an 27 Nollaig.

Pictiúr: Julien Behal Photography / RollingNews.ie

Beidh cead ag daoine taisteal ar ais go dtí a gcontae féin ina dhiaidh sin más amhlaidh go bhfuil siad ar cuairt ar chontae eile don Nollaig.

Beidh cead ag  teaghlach amháin cuairt a thabhairt chun an tí idir an 27 Nollaig agus an 1 Eanáir agus beidh cosc ar chuairteanna tí ina dhiaidh sin.

Beidh cead oscailte i gcónaí ag na siopaí ach dúnfar na gruagairí agus seirbhísí eile Déardaoin na seachtaine seo chomh maith. Dúnfar chomh maith pictiúrlanna agus gailearaithe. Fágfar cead oscailte ag ionaid aclaíochta don aclaíocht aonair agus beidh cead spóirt áirithe a imirt amhail galf agus leadóg.

Ar líne amháin a bheidh seirbhísí eaglasta ón 26 Nollaig.

Déanfar athbhreithniú ar na srianta nua ar an 12 Eanáir, ach dúirt an Tánaiste Leo Varadkar tráthnóna gur dócha go mairfidh siad feadh dhá mhí.

Beidh mí Feabhra nó mí an Mhárta againn faoin am go mbeidh vacsaín faighte ag dóthain daoine le difríocht a dhéanamh do chúrsaí, a dúirt Varadkar. Dúirt sé go bhféadfadh go mbeadh 2,000 cás in aghaidh an lae ann faoi dheireadh na bliana mura ndéanfaí gníomh anois.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh an mhaidhm cásanna is déanaí difriúil ón dá mhaidhm roimhe seo mar go raibh líon na gcásanna ag ardú níos sciobtha agus go raibh an galar á tholgadh ag níos mó daoine atá amach san aois.

Ní fhéadfadh sé geallúint a thabhairt, a dúirt Martin, nach mbeadh tréimhse dianghlasála eile ann i ndiaidh na tréimhse seo. Dúirt sé gur sheas sé lena chinneadh an stát a athoscailt agus gurbh amhlaidh go raibh “sos ó Leibhéal 5 tuillte ag daoine”.

Cuirfear síneadh leis an gcosc taistil idir Éirinn agus an Bhreatain go dtí an 31 Nollaig.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go bhfaighidh an chéad dream an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 i mbliana.

Thug an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht inné don vacsaín Pfizer/BioNTech agus táthar ag súil go ndéanfaidh siad amhlaidh i gcás vacsaín Moderna an chéad seachtain de mhí Eanáir.

D’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite an plean náisiúnta vacsaínithe chun dul i ngleic leis an Covid-19, plean chun 14.3 milliún dáileog a cheannach ó shé chomhlacht dhifriúla.

 

 

Fág freagra ar '970 cás nua den choróinvíreas fógartha, ardú 110% tagtha ar líon na gcásanna le seachtain'