9,000 iarratas ar sheirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna – dhá iarratas ar sheirbhís as Gaeilge

De réir eolais nua, is ar éigean go mbíonn aon éileamh ar sheirbhísí ateangaireachta i nGaeilge sna cúirteanna

9,000 iarratas ar sheirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna – dhá iarratas ar sheirbhís as Gaeilge

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Dhá iarratas a rinneadh ar sheirbhísí ateangaireachta Gaeilge sna cúirteanna anuraidh as 9,070 iarratas ar fad.

De réir eolais nua, is ar éigean go mbíonn aon éileamh ar sheirbhísí ateangaireachta i nGaeilge sna cúirteanna.

13 iarratas ar sheirbhís i nGaeilge a rinneadh in 2013 agus cúig cinn a bhí i gceist in 2016.

Bhain 7,740 den 9,070 iarratas ar sheirbhísí ateangaireachta in 2018 leis na deich dteanga is mó a mbíonn éileamh orthu agus bhain beagnach 60% de na hiarratais sin leis na trí theanga is mó éileamh– An Pholainnis, An Rómáinis agus an Liotuáinis.

Tá an Ghaeilge áirithe i measc na dteangacha ‘Eile’ ar lorgaíodh seirbhísí ateangaireachta iontu in 2018. 1,330 iarratas a rinneadh ar ateangaireacht sna teangacha ‘Eile’ sin go léir.

Roimhe seo, dúradh nach raibh aon bhriseadh síos ar fáil maidir leis na teangacha ‘eile’ sin, ná nach raibh aon eolas sonrach ann faoi líon na n-iarratas ar sheirbhísí ateangaireachta Gaeilge.

Ach tá an t-eolas sin faoin nGaeilge curtha ar fáil anois mar chuid de bhreithiúnas Ard-Chúirte faoi úsáid na teanga sna cúirteanna. Sa bhreithiúnas sin ón mBreitheamh Úna Ní Raifeartaigh tugtar le fios nach ndearnadh anuraidh ach dhá iarratas ar sheirbhísí ateangaireachta i nGaeilge.

Os cionn 600,000 cás a éisteadh sna cúirteanna anuraidh.

Dúirt an Breitheamh ina cinneadh gur ‘modest conclusion’ é go bhfuil dualgas ar an Stát iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil.

Chinn an Breitheamh Ní Raifeartaigh go raibh an dualgas sin ann mar cheart teanga faoi Airteagal 8 den Bhunreacht.

Bhain cinneadh an Bhreithimh Ard-Chúirte le cás Dhiarmaid Uí Chadhla, a d’éiligh go n-éistfeadh Breitheamh le Gaeilge a chás i gcúirt dúiche i gcathair Chorcaí.

Sa léirmhíniú cuimsitheach ar a cinneadh, dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go mbíonn ar phobal na Gaeilge cur suas le “surprising intolerance” ó dhaoine a mbíonn meas go hiondúil acu ar chearta mionlaigh eile.

Dúirt sí chomh maith gur minic a fhéachtar ar dhaoine a éilíonn go n-éistfí a gcás i nGaeilge mar chancráin atá “obstructive or insincere” agus nach mbíonn ach ag iarraidh moill a chur lena gcás agus dua a chur ar an stát. Tá meon coitianta ann, a dúirt sí, go bhfuil Béarla chomh maith ag na daoine seo agus nach gá dá réir cásanna a éisteacht i nGaeilge. 

“Is dóigh liom mar sin go bhfuil sé ceart a rá go bhfuil stádas na Gaeilge mar atá i bhfírinne sa chóras dlí chomh lán le contrárthachtaí is atá an dearcadh i leith na teanga sa tsochaí go léir,” arsa an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh. 

Dúirt an Breitheamh nár luadh aon fhadhbanna praiticiúla le cearta teanga a thabhairt do dhaoine sna cúirteanna i gcás Uí Chadhla agus dúirt sí gur ar éigean a thiocfadh fadhbanna dá leithéid i gceist.

“Given the tiny number of cases in which Irish-language interpreters were requested in court cases in recent years…and given that it has been the usual practice to find a bilingual judge in said cases to date, it is hard to see that there would be any significant practical problems – but this type of argument was simply not raised before me, although it could be in another case,” a dúirt sí.

Cuirtear ceist áfach sa bhreithiúnas maidir le caighdeán na seirbhíse ateangaireachta i nGaeilge a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht.

Thug ceathrar dlíodóirí a bhfuil taithí fhada acu a bheith ag obair trí Ghaeilge le fios don Bhreitheamh gur facthas dóibh go mbíonn an tseirbhís ateangaireachta a chuirtear ar fáil i nGaeilge lochtach.

Ba mhór an chabhair é dá bharr, a dúradh, go mbeadh Gaeilge ag an mbreitheamh i gcás mar sin.

Caitheadh €5.1 milliún ar sheirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna le cúig bliana anuas, ach is léir nár caitheadh mórán den airgead sin ar sheirbhísí ateangaireachta i nGaeilge.

Fág freagra ar '9,000 iarratas ar sheirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna – dhá iarratas ar sheirbhís as Gaeilge'

  • Críostóir

    An mbeadh seirbhís ateangaireacht ag teastáil sa chás go bhfuil Gaeilge ag an Breitheamh?

  • Mac an Mheiriceánaigh

    A Chríostóir, ní bheadh — agus sin an fáth gur luadh an líon sin–tugann sé le fios go mbíonn na cásanna ar fad a bhfuil an duine ag iarraidh Gaeilge a labhairt á n-éisteacht ag breithiúna le Gaeilge cheana féin.

    É sin nó go bhfuil gach duine le Gaeilge níos iontaofa ná an chuid eile?

  • Huth!

    Ní bheadh glacadh agam féin le seirbhís ateangaireachta i gcúirt Éireannach, arae ní eachtrannach mé, ní Liotuánach, Polannach ná eile – is i mo thír féin atá mé agus ba cheart don Bhreitheamh agus d’oifigigh phoiblí eile an Ghaeilge a bheith acu. Níl sé ‘de cheart’ ag an Stát caitheamh liom amhail is dá mba eachtrannach mé. Ní bhíonn cearta ag Stát thar a shaoránaigh, ach bíonn dualgais air i leith a chuid saoránach. Is fada an lá an Stát Éireannach ag loic ina dhualgais i leith na saoránach. Tá sé anois, beagnach 100 bliain i ndiaidh a bhunaithe, ag gníomhú mar chumhacht choilíneach. Níor cuireadh an réabhlóid i gcrích, agus tháinig frithréabhlóid – tá na Redmondites i réim.