829 cás nua den choróinvíreas fógartha, seisear eile básaithe

991 cás sa lá ar an meán a bhí ann le seacht lá anuas, an chéad uair go bhfuil an ráta seachtaine tite faoi bhun 1,000 ó aimsir na Nollag

829 cás nua den choróinvíreas fógartha, seisear eile básaithe

Dr Philip Nolan, Dr Ronan Glynn agus Dr Lucy Jessop. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil seisear eile básaithe de dheasca an choróinvíris. I mí Feabhra a bhásaigh cúigear acusan agus bhásaigh an duine eile an mhí seo caite.

Deimhníodh 829 cás nua den ghalar, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá go dtí seo i mbliana. 991 cás sa lá ar an meán a bhí ann le seacht lá anuas, an chéad uair go bhfuil an ráta sin tite faoi bhun 1,000 ó aimsir na Nollag.

1,212 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 176 acusan in aonad dianchúraim.

Faoin 5 Feabhra bhí 230,776 dáileog tugtha do dhaoine sa stát. Bhí a gcéad dáileog faighte ag 151,212 duine agus bhí an dara dáileog faighte ag 79,554 duine.

Bhain 39 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 36 cás a bhí i gCorcaigh, 28 cás a bhí i nGaillimh agus 17 cás a bhí i Maigh Eo. Bhí naoi gcás nua i nDún na nGall, naoi gcás a bhí i bPoirt Láirge agus cúig chás a bhí i gCiarraí.

Bhain 386 den 829 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 327 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Tá an tríú ráta coicíse is airde sa stát i bPort Láirge – 447. Tá ráta níos airde ná an meán i Maigh Eo (364), i gcontae na Mí (348) agus i nGaillimh (337). Tá an ráta i nDún na nGall (308), i gCorcaigh (250) agus i gCiarraí (147) faoi bhun an mheánráta scaipthe sa stát.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 296 cás nua a deimhníodh inniu. Fógraíodh go bhfuil 12 duine eile a raibh an galar orthu básaithe sa Tuaisceart.

Tá 598 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 60 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag breis is 300,00 duine i ó thuaidh den teorainn go dtí seo. Tá an chéad dáileog faighte ag 303,478 duine agus an dara dáileog faighte ag 27,463.

311,560 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 204,397 cás ó dheas den teorainn agus 107,163 cás ó thuaidh di.

5,630 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,687 duine ó dheas den teorainn agus 1,943 duine ó thuaidh di.

Idir an dá linn, tá an Rialtas ag beartú ionas gur féidir earnáil na tógála a athoscailt ar an 5 Márta, a deir an tAire Tithíochta Darragh O’Brien.

Tá soláthar tithe nua riachtanach, dar leis an Aire O’Brien, agus gach seachtain a mbíonn an tionscal sin ina stad, tógtar idir 700 agus 800 teach níos lú.

Agus an tAire faoi agallamh ar Today with Claire Byrne ar RTÉ, dúirt sé go raibh sé léirithe ag láithreacha tógála go rabhadar in ann feidhmiú go sábháilte agus go raibh an-mhuinín aige go mbeidís in ann athoscailt ar an 5 Márta.

Dar leis an Aire, beidh na diansrianta ar an taisteal idirnáisiúnta i bhfeidhm go ceann i bhfad.

“Is mian linn a bheith sa gcaoi go mbeadh an saol in ann filleadh ar an tslí a mbíodh chomh sciobtha agus is féidir, níos deireanaí i mbliana nó go luath an bhliain seo chugainn,” a dúirt O’Brien.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, nach “bhfágfaí aon duine ar deireadh” nuair a chuirfí tús leis an gclár vacsaínithe do dhaoine atá os cionn 70 bliain an tseachtain seo chugainn. Iadsan atá os cionn 85 is túisce a dtabharfar an tsnáthaid dóibh.

Tabharfaidh lucht leighis an tsnáthaid go dtí teach aon duine nach bhfuil in ann taisteal go dtí na lárionaid vacsaínithe má bhíonn sin “fíor-riachtanach”, a dúirt an Dr Henry.

Vacsaíní Pfizer/BioNTech agus Moderna a gheobhaidh an t-aoisghrúpa sin ar chomhairle an Dr Tony Holohan faoi vacsaín AstraZeneca.

Dúirt an Dr Colm Henry go bhféadfadh an chomhairle faoi vacsaín AstraZeneca do dhaoine aosta athrú nuair a bheidh tuilleadh sonraí ar fáil fúithi agus dúirt go bhfuil eolas dearfach ag teacht an t-am ar fad.

Sna seachtainí beaga seo cuirfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 40 lárionad vacsaínithe ar bun chun an vacsaín a chur ar fáil do mhuintir na tíre. Tuairiscítear go mbeidh lárionaid i mBaile Átha Cliath, ar an taobh ó dheas agus ar an taobh ó thuaidh, chomh maith le lárionaid mhóra i gCorcaigh, Port Láirge, Sligeach, Gaillimh, Luimneach agus Baile Átha Luain.

An Muileann gCearr, an Longfort, an tAonach, Inis, Beanntraí agus Trá Lí na bailte eile atá á lua le hionaid níos lú.

Tugadh vacsaín AstraZeneca a tháinig chun na tíre seo ag an deireadh seachtaine d’oibrithe cúram sláinte inniu.

Fág freagra ar '829 cás nua den choróinvíreas fógartha, seisear eile básaithe'

  • Antóin

    Ar tháinig an treoir nua ón WHO maidir leis an tástáíl PCR amach i ngan fhios do na meáin atá i dtromshuan sa tír seo.

    Cabhraíonn an tástáil PCR le diagnóis a dhéanamh ach ní mór don lucht tástála féachaint an bhfuil comharthaí sóirt tinnis ann a dúirt an WHO. Dar leo mura raibh comharthaí sóirt an víris ar dhuine nach raibh Covid 19 ar an duine sin. Údar imní leis dar leo an baol go bhfuil torthaí bréagdheimhneacha ar thástálacha.