821 cás nua deimhnithe, gan aon bhás nua le fógairt den chéad uair ón Nollaig

Tá an ráta scaipthe i nGaillimh anois ar an gcúigiú ráta is airde sa stát agus imní faoi bhraislí cásanna i measc mac léinn

821 cás nua deimhnithe, gan aon bhás nua le fógairt den chéad uair ón Nollaig

Ní raibh aon bhás nua de dheasca an Covid-19 le fógairt ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Is é seo an chéad lá ón 21 Nollaig nár fógraíodh aon bhás nua de dheasca an ghalair. Deimhníodh 821 cás nua den Covid-19.

916 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 157 acusan in aonad dianchúraim.

Dé hAoine seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 175,238 duine agus an dara dáileog faighte ag 89,999 duine.

Bhain 91 de chásanna nua an lae inniu le Gaillimh, bhí 38 cás i gcontae na Mí agus bhí 29 cás i gCorcaigh.

29 cás bhí i nDún na nGall, 17 cás a bhí i Maigh Eo agus 11 cás a bhí i bPort Láirge. Níos lú ná cúig chás a deimhníodh i gCiarraí.

Is i gCiarraí go fóill atá an ráta coicíse den ghalar is ísle sa tír – 104 cás in aghaidh gach 100,000 duine an ráta sa chontae.

Meánráta 272 atá i gceist sa stát. Tá an ráta i nGaillimh (330) anois ar an gcúigiú ráta is airde sa stát. 

Thug NPHET le fios inniu go raibh 15 braisle cásanna a bhain le mic léinn deimhnithe sa Ghaillimh agus go raibh 135 cás i gceist go dtí seo.

Líon na Marbh
Ó Dheas 3,948
Ó Thuaidh 2,000
Iomlán 5,948
Líon na gCásanna
Ó Dheas 210,402
Ó Thuaidh 109,147
Iomlán 319,549

Deimhníodh 120 cás eile a bhain le braislí i measc mac léinn i Luimneach.

Ráta 319 atá i bPort Láirge agus 304 atá i gcontae na Mí. Ráta 264 atá i Maigh Eo, 199 atá i nDún na nGall agus 162 atá i gCorcaigh.

Tá 37 ionad nó mol vacsaínithe don Covid-19 le lonnú ar fud na tíre agus beidh ceann amháin ar a laghad i ngach contae.

Tá an áit a mbeidh na hionaid sin foilsithe ag an Roinn Sláinte.  

Beidh cúig ionad i gcontae Chorcaí, ceithre cinn i mBaile Átha Cliath,  agus beidh péire i gceithre chontae – Ciarraí, Cill Mhantáin, an Iarmhí agus Tiobraid Árann. 

12 ionad a bheidh sna seacht gcontae Gaeltachta.

Tá 2,000 duine tar éis bháis sa Tuaisceart de dheasca an Covid-19 ó thús na paindéime.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil ceathrar eile a raibh an galar orthu básaithe. Fágann sin go bhfuil 2,000 duine básaithe ansin de bharr an choróinvíris.

5,948 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,000 duine ó thuaidh den teorainn agus 3,948 duine ó dheas di.

Deimhníodh 234 cás nua den ghalar ó thuaidh tráthnóna.

319,549 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 210,402 cás ó dheas den teorainn agus 109,147 cás ó thuaidh di.

Tá 426,248 dáileog den vacsaín tugtha go dtí seo i dTuaisceart Éireann. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 397,243 duine agus an dara dáileog faighte ag 29,005 duine.

Fág freagra ar '821 cás nua deimhnithe, gan aon bhás nua le fógairt den chéad uair ón Nollaig'