Choinneofaí 8,000 mac léinn in Éirinn gach bliain faoi ‘thíorántacht Trump’

Tá Donald Trump ag bagairt deireadh a chur leis an víosa J-1 mar chuid dá fheachtas toghchánaíochta, a deir ár gcomfhreagraí i Nua Eabhrac

Donald Trump

Tá sé tábhachtach do na hÉireannaigh go mbeadh rath ar chúrsaí gnó Donald Trump in Éirinn. Tá sé tábhachtach dúinn go leanann an billiúnaí ar aghaidh ag infheistiú a chuid airgid sa chlub gailf agus an t-óstán a cheannaigh sé i gCo. an Chláir ar chostas €9 milliún le linn 2014.

Tá sé tábhachtach go gcruthaíonn Impireacht Trump an méid is mó post agus is féidir léi in Éirinn mar, ag brath ar chúrsaí polaitíochta na Stáit Aontaithe sa bhliain atá le teacht, go háirithe toradh thoghchán Uachtarán SAM, beidh gach uile cheann acu ag teastáil uainn.

An tseachtain seo caite, d’fhoilsigh Donald Trump a pholasaí inimirce ar shuíomh a fheachtais don Uachtaránacht. Tá droch-chlú ar an bpolasaí seo cheana féin i ndiaidh do Trump óráidí conspóideacha a thabhairt i leith na hinimirce le cúpla seachtain anuas. Óráidí a léirigh go mbeadh Trump sásta cibé rud is féidir leis a dhéanamh le cosc a chur ar dhaoine as tíortha eile ag bogadh chuig a thír féin.

Sa pholasaí nua a foilsíodh, tá go leor ann a chuirfeadh imní ar na hÉireannaigh. Más é Trump an 45ú Uachtarán, beidh sé ag díbirt na 11 milliún inimirceach a bhfuil cónaí orthu sna Stáit go mídhleathach, ag cur stop le cártaí glasa i dtreo is go dtabharfar postanna do Mheiriceánaigh amháin, agus ag cur riachtanais nua ar víosa áirithe ionas go gcuirfidh sé an fostaí Meiriceánach chun cinn.

An beart is mó conspóid do na hÉireannaigh, áfach, ná an plean atá aige fáil réidh leis an víosa J-1.

Ón mbliain 1961, bhí an deis ag mic léinn Éireannacha taisteal go dtí na Stáit Aontaithe don samhradh le bheith ag obair ann agus aithne a chur ar an tír agus ar chultúr na tíre. Tá níos mó na 150,000 Éireannach óg tar éis an deis sin a thapú le linn na mblianta sin. I rith 2014, chuaigh 300,000 daoine óga (idir 18 agus 28) chuig Meiriceá ó gach cearn den domhan, agus ba Éireannaigh 8,000 díobh siúd. 8,000 a d’imigh ó Éirinn don samhradh le hairgead a thuilleamh (gach seans nach mórán de a rinne siad) agus rúinne beag den saol mór a fheiceáil sula bhfillfidís ar an staidéar arís.

Is minic a cheapann muid gur píosa spraoi amháin atá i gceist leis an samhradh J-1. Laethanta saoire fada agus cúpla mí á gcaitheamh ag mic léinn na tíre in áit eile i bhfad óna thuismitheoirí.

Tharraing mic léinn Éireannacha droch-cháil áirithe orthu féin le blianta beaga anuas nuair nach raibh a gcuid iompair mar is ceart dó a bheith i gcónaí.

Dá gcuirfí stop leis an J-1, áfach, thuigfí go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis ná laethanta saoire. Le níos mó ná leathchéad bliain anuas, tá mic léinn ag fágáil na tíre seo aimsir an tsamhraidh. De réir staitisticí 2013, is í Éire an séú tír ar domhan is mó a bhaineann úsáid as an víosa agus an ceathrú tír Eorpach is mó a bhaineann úsáid as, í taobh thiar den Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe.

Is rangú ard ar an liosta é sin mar atá ach nuair a chuirtear daonra na dtíortha sin ar fad san áireamh, is léir go bhfuil Éire ag brath ar an víosa J-1 i bhfad níos mó ná mar atá tíortha eile.

In 2013, chuaigh 21,145 mac léinn ón nGearmáin ar J-1 agus chuaigh 10,964 ó Éirinn. Chuaigh níos lú ná leath den líon sin daoine as an nGearmáin ar J-1, ach tá daonra na Gearmáine 17 n-oiread níos mó ná daonra na hÉireann.

Má chuirtear deireadh leis an gclár J-1, bheadh 8,000 mac léinn Éireannach fágtha ag an mbaile don samhradh agus iad ag iarraidh airgead a thuilleamh ar chaoi éigin. D’fhillfeadh roinnt mhaith díobh a mbailte dúchais tar éis na bliana acadúla, áiteanna nach mbeadh dóthain postanna ar fáil dóibh.

Is cinnte go mbeimis níos fearr as dá n-éireodh lenár dtír féin postanna samhraidh a chur ar fáil do na mílte daoine óga seo agus is cinnte go bhféadfadh roinnt acu taisteal go tír eile seachas na Stáit Aontaithe don samhradh.

Ach is cinnte chomh maith go mbeadh i bhfad níos mó mac léinn díomhaoin don samhradh in Éirinn dá éireodh le Donald Trump i dtoghchán 2016.

Tuigim a bhfuil i gceist ag Trump ar bhealach éigin. Tá gach seans ann go gcreideann sé go gcabhróidh a leithéid de pholasaí leis na Stáit Aontaithe agus is cinnte nach gcabhraíonn an J-1 le daoine sna Stáit atá dífhostaithe.

Ní gá d’fhostóirí pá ceart a thabhairt d’fhostaithe ar an víosa agus, mar sin, is minic a roghnaíonn siad fostaithe sealadacha ar J-1 a earcú in ionad saoránach Meiriceánach a bhfuil pá íosta de cheart acu.

Ach mura ndéanann muidne rud éigin, is í Éire a bheidh thíos leis. Rinneadh go leor dul chun cinn faoi rialtas Obama, dul chun cinn a chabhróidh leis na hÉireannaigh atá (nó ar mhaith leo a bheith) ina gcónaí sna Stáit Aontaithe agus a chuirfidh leis an nasc láidir idir an dá thír.

Faoi rialtas Trump thiocfadh lagú ar an nasc sin agus bheadh tuilleadh brú ar Éirinn postanna séasúracha a chruthú gach bliain.

Nó seans go mbeeadh muid ar fad ag obair in óstán Trump don samhradh.

Fág freagra ar 'Choinneofaí 8,000 mac léinn in Éirinn gach bliain faoi ‘thíorántacht Trump’'