Ardú beagnach 60% ar líon na bpointí Ardteiste do chúrsa aistriúcháin Gaeilge le dhá bhliain anuas

Bhí ardú i gceist i líon na bpointí CAO a theastaíonn do 60% de na cúrsaí Gaeilge sa chéad bhabhta tairiscintí a fógraíodh inné

Ardú beagnach 60% ar líon na bpointí Ardteiste do chúrsa aistriúcháin Gaeilge le dhá bhliain anuas

117 pointe níos mó atá ag teastáil i mbliana chun cúrsa aistriúcháin Gaeilge a dhéanamh ná mar a theastaigh anuraidh.

526 pointe a theastaíonn chun an cúrsa Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomparáid le 409 pointe anuraidh agus 330 pointe in 2019.

De ghnáth is thart ar 15 áit a bhíonn ar fáil ar an chúrsa aistriúcháin.

Ach cé go raibh ardú sna pointí i gceist i gcás 75% de na cúrsaí ag Leibhéal 8 ar fad i mbliana, ní raibh ardú i gceist ach i gcás 60% de na cúrsaí Gaeilge.

85% de na cúrsaí Gaeilge a bhí i gceist anuraidh.

Laghdú ar líon na bpointí a bhí i gceist i sé cinn de na 15 chúrsa Gaeilge a bhí san áireamh i mBabhta a hAon de thairiscintí an CAO a fógraíodh inné.

Is i gcás cúrsaí Gaeilge i réimse na múinteoireachta is mó a bhí laghdú i gceist i líon na bpointí.

As na 15 chúrsa ‘Gaeilge’ ar liosta na gcúrsaí CAO i mbliana, cúig chúrsa a ndéantar iad a theagasc trí Ghaeilge agus deich gcúrsa a bhfuil an Ghaeilge mar chuid díobh a bhí i gceist. Níl gnáthchúrsaí Gaeilge na ndán san áireamh.

49 pointe níos mó a theastaíonn don chúrsa ‘Cumarsáid agus Gaeilge’ in OÉ, Gaillimh i mbliana. 410 pointe a theastaíonn don chúrsa sin i mbliana i gcomparáid le 361 pointe in 2020 agus 308 in 2019.

73 mac léinn as 200,000 a bhí i mbun staidéir in 2019-2020 ar chúrsaí tríú leibhéal a ndearnadh an teagasc trí Ghaeilge iontu.

127 cúrsa a bhí ann, idir chúrsaí trí Ghaeilge agus chúrsaí múinte Gaeilge agus 1,799 mac léinn a d’fhreastail ar na cúrsaí sin ar fad.

Institiúid Cúrsa Pointí 2021 Pointí 2020
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin 526 409
Tráchtáil agus Gaeilge 508 473
Cumarsáid agus Gaeilge (Na Dána) 410 361
Ollscoil Luimnigh BA san oideachas le Gaeilge 506 517
Coláiste na Tríonóide Luath- agus Nua-Ghaeilge 377 398
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Gaeilge agus Gnó 368 359
Iar-bhunmhúinteoireacht ‘Gaeilge le Fraincis, Gearmáinis/Spáinnis 413 419
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh Dlí agus Gaeilge 588 540
Tráchtáil le Gaeilge 507 484
Baitsiléir san Oideachas agus Gaeilge 473 463
Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach BA san Oideachas agus Gaeilge agus Staidéar ar Reiligiún 407 409
BA san Oideachas, Gaeilge agus Matamaitic 509 444
BA san Oideachas, Gaeilge agus Staidéar ar Ghnó 387 398
Institiúid Marino, Baile Átha Cliath Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) 513 528
Coláiste Naomh Aingeal Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge 463 430

Fág freagra ar 'Ardú beagnach 60% ar líon na bpointí Ardteiste do chúrsa aistriúcháin Gaeilge le dhá bhliain anuas'