73 mac léinn as 200,000 a rinne staidéar ar chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge

Tá an tAire Ardoideachais Simon Harris le líon na gcúrsaí atá á dteagasc trí Ghaeilge a phlé leis an HEA de thoradh ceist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air

73 mac léinn as 200,000 a rinne staidéar ar chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge

Éamon Ó Cuív agus Simon Harris. Pictiúr: Rollingnews.ie

73 mac léinn as 200,000 a bhí i mbun staidéir anuraidh ar chúrsaí tríú leibhéil a raibh an teagasc trí Ghaeilge orthu.

Ocht gcúrsa a raibh an teagasc trí Ghaeilge orthu, seachas cúrsaí múinte Gaeilge, a bhí ar fáil in 2019-2020.

I gcúig institiúid tríú leibhéal a bhí na hocht gcúrsa ar siúl.

127 cúrsa a bhí ann, idir chúrsaí trí Ghaeilge agus chúrsaí múinte Gaeilge agus 1,799 mac léinn a d’fhreastail ar na cúrsaí sin ar fad.

Dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur léir ó na figiúirí sin go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl ag an tríú leibhéal le fada, taobh amuigh de na cúrsaí múinte Gaeilge.

Dar leis an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, tá géarghá maoiniú a chur ar leataobh chun cur le líon na gcúrsaí a ndéantar iad a theagasc trí Ghaeilge.

Dúirt Ó Cuív gur chóir don Údarás um Ard-Oideachas tabhairt faoin obair sin ar bhonn práinne lena chinntiú go mbeidh dóthain daoine cáilithe ann chun cuspóir an bhille teanga nua a chur i gcrích.

Is é príomhchuspóir Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, atá ag dul trí Thithe an Oireachtais faoi láthair, go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí líofa faoi 2020.

Cheistigh Ó Cuív an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais Simon Harris faoina laghad cúrsaí trí Ghaeilge atá ar fáil.

De thoradh na ceiste sin, dúirt an tAire go raibh iarrtha aige ar oifigigh a Roinne an scéal a phlé leis an Údarás um Ard-Oideachas agus go bhféadfadh sé féin agus Ó Cuív bualadh leis an HEA i dteannta a chéile.

Ba í tuairim an Aire Harris go raibh “soláthar suntasach oiliúna don Ghaeilge ann faoi láthair”.

Dúirt Harris go raibh “réimse leathan cúrsaí ar fáil i nGaeilge”, ach dúirt sé go mbeadh sé sásta an scéal a fhiosrú a thuilleadh.

Ó 2015 chláraigh 9,286 mac léinn ar chúrsaí trí Ghaeilge nó cúrsaí múinte Gaeilge agus b’ionann sin agus ardú 19%, a dúirt an tAire.

Ach dúirt Ó Cuív go raibh níos mó ag teastáil ná cúrsaí múinte Gaeilge chun go mbeifí ábalta cuspóirí an Rialtais i leith cúrsaí earcaíochta a bhaint amach.

Dúirt sé go mbeadh líofacht áirithe sa Ghaeilge ag teastáil ó dhochtúirí teaghlaigh, tréidlianna, altraí, teiripeoirí urlabhra agus daoine eile a bheadh ag obair sa Ghaeltacht.
“Ceann de na húdair imní atá agam ón taithí atá againn ná go dtabharfaidh muid dlí isteach agus nach mbeidh muid in ann é a chur i bhfeidhm gan cur chuige comhordaithe tras-rialtais,” arsa Éamon Ó Cuív.

Dúirt an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais go raibh “an-tábhacht” leis an reachtaíocht teanga nua agus go gcinnteodh sé go mbeadh seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán ar fáil i nGaeilge.

Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh “i bhfad le dul againn” sula mbeadh dóthain cúrsaí tríú leibhéal ar fáil i nGaeilge.

“Tá dearcadh pragmatach agus praiticiúil agamsa faoi seo. Is fiú a chur san áireamh, gur ar mhaithe le hOllscoil Ghaeilge a bheith ann agus ar mhaithe leis sin amháin, a coinníodh sna 1920idí OÉ, Gaillimh, nó UCG mar a bhíodh ann ag an am. Fiú isteach sna 1960idí bhí formhór na n-ollamh in ann réimse leathan ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge agus bhí cuid mhaith teagasc trí Ghaeilge ar siúl ann.

“Mar is eol don Aire tháinig fás mór ar líon na nGaelscoileanna agus líon na nGaelcholáistí ag an dara leibhéal ach ag dul ar gcúl atá rudaí ag an tríú leibhéal le 40 bliain anuas, agus le deich mbliana fiú tá cúlú ar siúl ó thaobh líon agus réimse na gcúrsaí atá ar fáil trí Ghaeilge,” arsa Éamon Ó Cuív.

 

Fág freagra ar '73 mac léinn as 200,000 a rinne staidéar ar chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge'