63,000 logainm Gaeilge ar lár i gcóras Eircode, ach ní fhéadfaí an scéal a chur ina cheart, dar leis an Aire Cumarsáide

Chuir Logainm.ie ar a shúile don Aire Cumarsáide gur chuir sé eolas míchruinn ar fáil do Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge i dtaobh chonspóid Eircode agus na logainmneacha Gaeilge

eircode

Ghéill an tAire Cumarsáide Alex White go raibh 63,000 seoladh Gaeilge fágtha ar lár ar chóras Eircode, ach mhaígh sé nach raibh an t-airgead ag a Roinn chun an scéal a chur ina cheart.

I litir a scríobh an tAire White, litir atá i measc cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, dúirt an tAire nár “rogha inmharthana” é na logainmneacha Gaeilge a chur ar fáil.

Léiríonn na cáipéisí céanna gur

chuir Logainm.ie ar a shúile don Aire Cumarsáide Alex White gur chuir sé eolas míchruinn ar fáil do Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge i dtaobh chonspóid Eircode agus na logainmneacha Gaeilge.

Scríobh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, chuig an Aire Cumarsáide Alex White lena mhíshástacht a chur in iúl faoi litir a raibh seoladh Béarla uirthi a chuir Eircode chuig ceannáras an Fhorais mí Iúil seo caite.

“Chuir sé díomá agus iontas orm ar maidin nuair a tháinig an litir maidir leis an chód a bheidh ag Foras na Gaeilge sa cheannáras anseo. Tá an seoladh go hiomlán i mBéarla cé nár úsáid aon duine san eagraíocht seo riamh an seoladh Béarla.

“Tugann an cur chuige seo teachtaireacht iontach olc do phobal na Gaeilge agus léiríonn sé dímheas ar an Ghaeilge. Tugann sé le fios chomh maith nach bhfuil aon mheas ag Eircode ar an teanga ná ar lucht a labhartha,” a scríobh Mac an Fhailigh.

Scríobh an tAire White, i mBéarla, chuig Mac an Fhailigh, agus mhaígh sé gur thuig sé an imní a bhí ar Phríomhfheidhmeannach an Fhorais maidir le húsáid an Bhéarla ach go rabhthas ag obair ar réiteach a aimsiú ar an scéal.

“I understand following on from the identification of some issues regarding the Irish translations of addresses in the geoDirectory database, Logainm[.ie] is liaising with APG to resolve any differences between their databases. To this end I understand a number of meetings have taken place and that information is being exchanged between APG and Logainm[.ie] to resolve any discrepancies between their databases,” a scríobh an tAire White.

Mhaígh an tAire White freisin go ndearna Eircode, i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge, iarracht a chinntiú go raibh an t-ábhar poiblíochta, na litreacha agus an suíomh idirlín ag Eircode uilig dátheangach.

“In my view, before considering any further action on Irish language placenames, we should wait for an evaluation of the effectivness of the current engagement between Geodirectory and Logainm[.ie],” a dúirt White le Mac an Fhailigh.

Mí i ndiaidh don Aire an litir sin a sheoladh chuig Ferdie Mac an Fhailigh scríobh an Dr Úna Bhreathnach, Bainisteoir Eagarthóireachta, Bunachar Logainmneacha na hÉireann, chuig an Aire agus chuir sí ar a shúile dó nár iarr an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ná aon dream eile riamh ar fhoireann logainm.ie sonraí a chur ar fáil, ná tabhairt faoi thionscadal le hinneachar a bhunachair a roinnt le Eircode ná le Geodirectory.

“Is ar conradh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá ár gcuid oibre á déanamh againn, agus níl sé d’acmhainn againn tabhairt faoi mhórthionscadal malartaithe eolais den sórt seo gan a mbeannacht siúd a bheith againn,” a dúirt Bhreathnach.

Mhínigh sí gur iarr GeoDirectory ar logainm.ie obair mheaitseála ‘shamplach’ a dhéanamh i gcás logainmneacha dhá chontae shamplacha, agus go ndearna logainm.ie amhlaidh.

“I gcás fhormhór na sonraí Gaeilge a bhaineann le seoltaí in Eircode, tá siad ar fáil, an leagan údarásach díobh, ar logainm.ie. Tá na sonraí féin ar fáil le híoslódáil faoi cheadúnas oscailte, nó is féidir iad a iarraidh ar Fiontar, DCU.

“Tá líon suntasach logainmneacha agus míreanna áirithe seoltaí in easnamh go fóill ar logainm.ie, obair a bhféadfaí tabhairt fúithi amach anseo ach é sin a aontú leis na páirtithe cuí. Tuigim gur cuireadh moladh ina leith seo, a réitigh Fiontar i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha, AutoAddress, Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge, faoi bhráid na Roinne Cumarsáide ar an 10 Márta, ach níl freagra faighte ina leith sin go fóill,” a scríobh Úna Bhreathnach.

Dúirt White ina fhreagra ar an litir sin gurbh é a thuiscint siúd gurbh é logainm.ie a d’iarr an fhaisnéis ar GeoDirectory ag an gcruinniú a bhí ag an mBrainse Logainmneacha, Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Fiontar agus Geodirectory.

Dúirt an tAire go raibh a Roinn ar an eolas faoin moladh, ar thagair Úna Bhreathnach dó ina litir, go gcuirfí maoiniú ar fáil chun na bearnaí i mbunachar na logainmneacha a líonadh.

“Tá a fhios agam go bhfuil méid suntasach oibre fós le déanamh ó thaobh sonraí logainmneacha a aistriú lena gcur san áireamh ar logainm.ie ach ní ceist nua é seo agus bhí sé amhlaidh sular tugadh isteach córas Eircode.

“I mí an Mhárta 2015 fuair mo Roinn an moladh a d’ullmhaigh Fiontar i bpáirt le Brainse Logainmneacha na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis na comhlachtaí Gaeilge eile. Ní rogha inmharthana faoi láthair é an moladh go maoineodh an Roinn seo an t-aistriúchán ar thart ar 63,000 taifead nach bhfuil ar fáil do GeoDirectory/Bunachar Sonraí Seoltaí Eircode, toisc nach bhfuil an maoiniú ar fáil ar an taobh seo,” a scríobh an tAire White.

Fág freagra ar '63,000 logainm Gaeilge ar lár i gcóras Eircode, ach ní fhéadfaí an scéal a chur ina cheart, dar leis an Aire Cumarsáide'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tuilleadh cuir amú airgid déanta ag ‘rialtas’ eile – agus neamhaird iomlán ar an Ghaedhlig mar is gnáth. Deanadh go dtabharfadh an Lucht Oibre tacaíocht don Ghaedhlig??? Cha chuireann sé iontas ar bith orm…