6,061 cás nua den víreas fógartha, 6,814 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

6,061 cás nua den víreas fógartha, 6,814 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

6,061 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 6,814 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

610 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, scór duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 63 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná mar a bhí ann inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 4,203 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

354 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 11 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '6,061 cás nua den víreas fógartha, 6,814 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'