50 gnó Gaeilge agus Gaeltachta do bhronntanais Nollag

Tá liosta do 50 gnó Gaeilge agus Gaeltachta curtha le chéile ag Tuairisc.ie chun cuidiú libh laethanta deireanacha na siopadóireachta Nollag

50 gnó Gaeilge agus Gaeltachta do bhronntanais Nollag

Siopaí agus comhlachtaí Gaeilge agus Gaeltachta

Éadaí

Inis Meáin

Tá an-cháil ar Gheansaí Árann agus ar éadaí olla lán faiseanta an chomhlachta ‘Cniotáil Inis Meáin’, a bhfuil a gcuid geansaithe, hataí, carbhait, cairdeagain agus scairfeanna ar díol i mórshiopaí ar fud an domhain. Éadaí ar ardchaighdeán ar fad atá ar fáil ón chomhlacht oileánda a bunaíodh i 1976.  Tá bailiúchán an tséasúir seo bunaithe ar éadaí traidisiúnta a chaitheadh feirmeoirí agus oileánaigh agus iad i mbun obair an fhómhair.

Tí Standún

Siopa éadaí, earraí tí, ceardaíochta agus bréagán é Tí Standún, gnó teaghlaigh a bunaíodh i 1934. Idir chuairteoirí agus mhuintir na háite, bíonn an-tóir ar an siopa, atá lonnaithe ar an Spidéal i gConamara agus tá siad ag díol a gcuid earraí do chustaiméirí ar fud na cruinne ar líne sa lá inniu. Tá siopa eile acu in Uachtar Ard. Tá lascaine 10% ar fáil do Ghaeilgeoirí.

Coach House Dingle

Is ann a gheobhaidh tú bailiúchán troscán agus fearais tí ar leith le dearthóirí na hÉireann agus bronntanais speisialta eile le haghaidh ócáidí móra agus beaga an tsaoil. Is dearthóir intí í Gráinne Ní Chíobháin, úinéir an tsiopa, agus súil ghéar aici d’earraí dea-dheartha ar ardchaighdeán.

An Spailpín Fánach

Lonnaithe i gCeardlann an Spidéil, i gConamara, tá an Spailpín Fánach ar cheann de na siopaí earraí Gaeilge is faide ar an fhód. I mbailiúchán Nollag an Spailpín tá T-léinte, cochaill, maisc aghaidhe agus earraí eile a bhfuil dearaí agus manaí Gaeilge orthu. Bhí an-tóir ar gheansaithe agus cochaill leis na manaí ‘Is fearr eolas ná iontas’ agus  ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’ le linn na paindéime.

Gaeil Gheansaí

Tá geansaithe a bhfuil manaí Gaeilge orthu á ndearadh ag an gcomhlacht nua seo a bhíonn ag díol ar Instagram. Cainteoirí Gaeilge atá i mbun an fhiontair seo agus é mar aidhm acu ‘bród’ a chothú sa teanga. Tá fáil ar an chuntas Instagram ar @Gaeilgeansai

Mireog

Dearaí bunaidh ealaíonta i réimse dathanna atá ar fáil ó lucht Mireog, a dhéanann earraí eiceabhácha nach loiteann an timpeallacht agus a bhfuil mar aidhm acu an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban a chur chun cinn. Mar chuid dá mbailiúchán, tá T-léinte atá déanta as cadás orgánach agus priontaí lámhdhéanta orthu, cártaí Gaeilge agus réimse earraí eile a dhéanfadh bronntanais dheasa Nollag, Tá Mireog lonnaithe i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge. Más mian leat do chuid gnó a dhéanamh as Gaeilge, is féidir glaoch a chur ar Chiarán, ar 0871351367.

Éadaí Cniotáilte Dhún na nGall

Tá earraí uile an chomhlachta, atá bunaithe i nGleann Cholm Cille, déanta ar sheol láimhe. Cuireann comhlacht Gaeltachta eile, Snáth Dhún na nGall, an snáth ar fáil chun na geansaithe, na hataí agus earraí eile a dhéanamh.

Earraí Leathair Holden

Tá Conor Holden ag déanamh réimse leathan táirgí leathair in Iarthar Dhuibhneach le breis agus 30 bliain anuas. Tá málaí láimhe, criosanna, málaí taistil, tiachóga agus a lán táirgí d’ardchaighdeán eile ar díol aige.

Orwell & Browne

Cruthaíonn Orwell & Browne táirgí lámhdhéanta as bréidín an cheantair i nDún na nGall. Tá gradaim bainte amach acu as na scaifeanna, na pluideanna, stocaí agus eile a ndéanann siad.

Fiadh

Fíodóir ó Chorca Dhuibhne í Fiadh Durham, a d’oscail siopa sa Daingean trí bliana ó shin. Tá dathanna agus patrúin na n-earraí bunaithe ar an ndúlra i gCorca Dhuibhne.

Earraí le manaí Gaeilge

Tá go leor daoine i mbun earraí a dhíol ar Instagram agus corr-rud á dhearadh i nGaeilge acu. Má tá priontaí, muinchillí, málaí gualainne, hataí, póstaeir, suaitheantais, geansaithe, T-léinte, bibeanna nó earraí tí a bhfuil mana Gaeilge orthu, breathnaigh ar na cuntais seo: @aprilandthebear @beanantees, @baile_clothing, @afewfocail, @Dear.Trudy @clodafoto @artsyavril @niallypea, @underthewillowprintco, @leimthart, @hooplafocal, @irishglow @myminimunch, @Bettyandbiddy, @Enibasjewels, @Gaeilgevibes @Nine.Arrow

Bréagáin agus cluichí

The Toy Corner

Siopa bréagán gleoite i Maigh Cuilinn na Gaillimhe é The Toy Corner agus is féidir dearbhán bronntanais a fháil i nGaeilge. Idir chluichí boird, charranna beaga, liathróidí, bloicíní, róbait, teidithe, figiúiríní, Sylvanian Families, earraí Paw-Paw, balúin, súilíní agus eile, tá rogha iontach bronntanas ar fáil ann. Cuirfidh bean an tsiopa, Hazel, ciseáin áille i dtoll a chéile agus teachtaireacht i nGaeilge ag gabháil leo ach ríomhphost a chur chuici.

Údar.ie

Siopa ar líne Ghlór na nGael a dhíolann cluichí boird, míreanna, leabhair agus áiseanna foghlama spraíúla, ina measc cruinneog Ghaeilge, cártaí ‘snap’ agus maighnéidíní cuisneora.

Rí na bhFocal

Triúr daltaí as Pobalscoil Chorca Dhuibhne a d’fhorbair an cluiche boird idirghníomhach, ‘Rí na bhFocal’. Tá sé bunaithe ar an aibítir Ghaelach agus is féidir le idir beirt agus seisear an cluiche a imirt.

Tí Mhistéil

Tá bronntanais d’óg agus d’aosta i siopa Mhistéil ar an gCeathrú Rua agus breágáin, leabhair agus bláthanna le ceannach ansin agus ar líne.

Seodra

Macdara.ie

Is seodóir óg é Macdara Ó Uallacháin-Graham, as an Mhullach Bán in Ard Mhacha, a chruthaíonn mínseodra aon uaire de láimh. Tá bailiúchán álainn fáinní, muincí agus fáinní cluas deartha ag Macdara agus cuireann sé fáilte mhór roimh ghnó i nGaeilge agus glacann sé le coimisiúin d’fháinní gealltanais phósta nó seodra eile.

www.briandestaic.com

Seodra aoibhinn lámhdhéanta sa Daingean atá á ndéanamh ag Brian de Staic. Gheobhaidh tú anseo, dearaí Gaelacha, fáinní an Chladaigh, siogairlíní Ogham, snaidhmeanna na Tríonóide agus dearaí eile atá déanta as ór agus airgead agus nach mbeidh as faisean go deo.

Lynsey de Búrca

Seodra atá lámhdhéanta i nGaeltacht Chonamara, tugann cósta fiáin an Atlantaigh inspioráid do Lynsey de Búrca agus réimse mór táirgí á déanamh aici.

Bia agus Deoch

Folláin.ie

Comhlacht bia i mBaile Bhuirne in iarthar Chorcaí a dhéanann sárbhia traidisiúnta as comhábhar nádúrtha. Tá réimse breá blasta subh, súnna, marmaláidí, anlann trátaí agus seatnaí á ndéanamh ag Folláin, atá ar an fhód le 28 bliain anuas. Bia a bheadh foirfe le haghaidh ciseán na Nollag.

Micil Distillery

Déantóir poitín agus jin a bhfuil ardghradam faighte aige é Pádraic Ó Griallais, fiontraí óg as Cois Fharraige i gConamara a bhunaigh an drioglann Micil, atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe.  D’fhoghlaim Ó Griallais a cheird óna sheanathair Jimmí Chearra, seanchaí aitheanta a bhásaigh i mbliana.

An Builín Blasta, An Spidéal

Tá custaiméirí dílse áitiúla ag an chaifé Gaeltachta seo atá lonnaithe ar an Spidéal i gConamara. Bíonn an-tóir ar an arán taos géar, caife agus milseoga blasta atá ar fáil ann. Tá seatnaí, anlann agus maonáis dá gcuid féin á ndéanamh ag An Builín Blasta le roinnt blianta agus faoi láthair díoltar na táirgí sin i McCambridge’s, i Supervalu agus i siopaí eile i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.

Driogairí Shliabh Liag

Bunaíodh Driogairí Shliabh Liag i nGaeltacht Dhún na nGall in 2017, an chéad chomhlacht driogaireachta i nDún na nGall le 175 bliain an tráth sin. Tá siad le drioglann nua a thógáil in Ard an Rátha agus soláthraíonn siad fuisce, jin agus vodca.

SynerChi

Lonnaithe sna Doirí Beaga, cuireann SynerChi Kombucha Éireannach ar fáil, tae súilíneach coipthe atá orgánach, saor ó dhéirí, ó ghlútan agus ó shoighe.

Drioglann Loch Measc

Is i gceantar Thuar Mhic Éadaigh i nGaeltacht Mhaigh Eo a bunaíodh Drioglann Loch Measc in 2018 agus tá jin agus vodca ar díol acu faoi láthair. Tá sé i gceist acu fuisce a dhéanamh chomh maith agus is féidir bairille speisialta a cheannach.

Salann Mara Acla

Gnó teaghlaigh is ea Salann Mara Acla a bunaíodh in 2013. Baintear úsáid as modhanna traidisiúnta agus nua-aimseartha chun a gcuid táirgí a dhéanamh.

Quality Sea Veg

Is ón bhfarraige ar chósta Dhún na nGall a thagann earraí Quality Sea Veg, atá lonnaithe in Ailt an Chorráin. Tá táirgí bia agus cócaireachta ar fáil uathu, carraigín agus duileasc ina measc.

Drioglann Inis Cléire

Tá gradaim idirnáisiúnta bainte amach ag Drioglann Inis Cléire as a gcuid jin. Is í an t-aon drioglann dá cineál atá lonnaithe ar oileán amach ó chósta na hÉireann.

9 Fia Bán

Is i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí atá an ghrúdlann ag 9 Fia Bán. Déanann agus díolann siad réimse beorach agus is féidir buidéil nó bairillí a cheannach.

Seacláidí na Sceilge

Is iomaí earra milis atá ar díol ag Seacláidí na Sceilge i gCiarraí. Tá siad ar an bhfód ó 1996, tá monarcha den chéad scoth acu i mBaile na Sceilge in Uíbh Ráthach.

Drioglann Dhaingean Uí Chúis

Cé nach bhfuil Drioglann Dhaingean Uí Chúis ar an bhfód ach le hocht mbliana anuas, tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an drioglann. Tá 30 gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta acu as a gcuid fuisce, jin agus vodca a dhéantar ann.

Comhlacht Feamainn Chonamara

Bunaíodh Comhlacht Feamainn Chonamara in 2012 chun táirgí orgánacha,  lámhbhainte ceilpe agus feamainne a chur ar fáil. Táirgí inite agus táirgí níocháin atá á ndéanamh acu.

Criostal na Rinne

Criostal lámhdhéanta as Gaeltacht na Rinne ón máistircheardaí agus gearrthóir gloine, Éamonn Terry. Tá leathchéad bliain taithí ag Éamonn, a chaith na blianta ag obair le Criostal Phort Láirge sular bhunaigh sé a ghnó féin sa Ghaeltacht i 1987.

Cloon Keen

Déantóir cumhrán agus coinnle cumhra ar an Spidéal é Cloon Keen a thug leo mórghradam an Fragrance Foundation i Londain dá gcumhrán Róisín Dubh i mbliana. Is iad an chéad chomhlacht Éireannach a fuair gradam na fondúireachta sin. Tá siopa acu ar an tSráid Ard i nGaillimh agus díol ar a gcuid coinnle i mórshiopaí na tíre, Brown Thomas ina measc.

An Gailearaí Beag

Tá saothar dhearthóirí, cheardaithe agus ealaíontóirí iarthar Chiarraí ar taispeáint sa Gailearaí Beag sa Daingean agus an-cháil air mar gheall ar an cheardaíocht áitiúil. I measc na n-earraí atá ar díol ansin faoi láthair, tá naomhóg agus súgán lámhdhéanta as adhmad, seodra álainn, priontaí agus bailiúchán hataí agus scaifeanna olla lámhdhéanta.

Róisín Ní Chionnfhaolaidh

Ealaíontóir mósáice as Gaeltacht na Rinne í Róisín, atá ag cur fúithi i mBaile an Sceilg, i gContae Chiarraí. Bíonn an-cheangal ag saothar Uí Chionnfhaolaidh leis an tírdhreach agus taispeánadh píosaí léi ar an trá i mbliana mar chuid d’imeachtaí ar líne Oíche Chultúir 2020.

Cártaí Gaeilge

Smaointe

Cártaí Gaeilge d’achan ócáid a chruthaíonn Valerie Mhic Giolla Fhinnéin ó Cheann Léime, contae an Chláir. Thosaigh Valerie, aistritheoir Gaeilge, i mbun cártaí dátheangacha agus cártaí Gaeilge a dhearadh i 1997 agus tá siad ar díol i ngar is i gcéin ó shin. Tá cártaí Gaeilge ar díol ag roinnt ealaíontóirí agus dearthóirí eile ar Instagram agus fáil orthu ag na cuntais seo @BigLeapDesigns, @connectthedotsdesign, @girseach, @laineykofficial

Dunnes Stores

Chomh maith le bia na tíre seo gheobhaidh tú corrsheoid i nGaeilge ar díol san ollmhargadh Éireannach Dunnes Stores an t-am seo bliana. Tá pitseámaí ‘Nollaig Shona’ Leigh Tucker i measc na seod sa siopa.

Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tá páipéar Nollag, málaí do na bronntanais, maisiúcháin, cupán Gaeilge agus mála lóin i measc na n-earraí a bheidh ar díol i siopaí áitiúla sa Ghaeltacht i mbliana ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Leabhair

An Siopa Leabhar

Siopa leabhar Gaeilge Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Bíonn teacht sa siopa ar réimse leathan leabhar Gaeilge do léitheoirí idir óg agus aosta. Díoltar cártaí, póstaeir, cluichí, dlúthdhioscaí, éadaí, earraí tí, agus suaitheantais Ghaeilge sa siopa agus ar líne.

An Ceathrú Póilí

Tá leabhair Ghaeilge do gach aoisghrúpa ar fáil i siopa leabhar An Ceathrú Póilí, atá lonnaithe i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Tá dlúthdhioscaí, cártaí, seodra lámhdhéanta Gaelacha agus earraí Gaeilge eile ar díol ann chomh maith agus iad ar fad ar fáil ar a siopa ar líne.

Cló Iar-Chonnacht

Tá teach foilsitheoireachta agus siopa leabhar Gaeilge é Cló Iar-Chonnacht lonnaithe in aice leis an gCeardlann sa Spidéal. Cuireadh tús le sladmhargadh na Nollag ansin an tseachtain seo agus beidh sin ar líne agus sa siopa go dtí an 23 Nollaig. Tá lascaine suas le 50% ar rogha mhór leabhar agus dlúthdhioscaí a bheas ar fáil. I measc na leabhar nua a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht le déanaí tá dhá shaothar beathaisnéise, Ag Útamáil Liom le Pádraic Breathnach agus Ón Spidéal go Strasbourg le Seán Ó Neachtain, an t-iarfheisire Eorpach, Gaillimh: Díolaim Cathrach, cnuasach scéalta agus dánta Gaeilge a bhaineann le cathair na Gaillimhe, atá curtha in eagar ag Brian Ó Conchubhair, Siamsa an Gheimhridh,  scéalta béaloidis as ceantar Bhaile Conaola i gConamara, le Dónall Ó Fátharta agus Peadar Ó Ceannabháin agus Amhráin Tom a tSeoighe, leabhar ina bhfuil stór amhrán leis an amhránaí aitheanta as an Sconsa i gConamara ar fáil, agus é curtha in eagar ag Ciarán Ó Fátharta agus Síle Denvir.

Futa Fata

Bíonn leabhair Ghaeilge do gach aoisghrúpa á bhfoilsiú ag an teach foilsitheoireachta Futa Fata, ach tá béim ar leith acu ar ábhar spreagúil a chur ar fáil do léitheoirí óga. Tá go leor dlúthdhioscaí ceoil agus amhráin curtha amach ag Futa Fata agus éileamh mór orthu. I measc na saothar nua atá ar fáil ó Futa Fata tá An Féileacán agus an Rí le Máire Zepf agus Shona Shirley Macdonald, buaiteoir Ghradam Réics Carló 2020, Geansaí Ottó, le Sadhbh Devlin agus Róisín Hahessy, scéal álainn faoin luichín Ottó, dhá leabhairín sa tsraith Coinín Beag, Codladh Sámh, a Choinín Beag! agus Coinín Beag Bocht, le Jörg Mühle, curtha i nGaeilge ag Tadhg Mac Dhonnagáin. Tá fáil ar leabhar Futa Fata ar a shuíomh nua a seoladh an tseachtain seo.

Éabhlóid

Teach foilsitheoireachta i nGaeltacht Ghaoth Dobhair a fhoilsíonn leabhair do dhaoine fásta agus do pháistí. I measc na dteideal nua ag Éabhlóid, tá leabhar úr do pháistí Caoilte Caillte sa Mhúsaem, agus cnuasach gearrscéalta le hEoghan Mac Giolla Bhríde, Cnámh, a bhuaigh Leabhar na Bliana ag An Post Irish Book Awards. Táthar ag díol leabhair Gaeilge ón suíomh breá Gaelach agus é geallta ag úinéir an tí foilsitheoireachta Eoghan Mac Giolla Bhríde go bhfuil tú “siúráilte leabhar maith a fháil d’aois ar bith”.

Leabhar Breac

Is teach foilsitheoireachta Gaeilge é Leabhar Breac atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara. Tá go leor leabhar nua curtha amach ag Leabhar Breac le míonna beaga anuas, ina measc Tinte na Farraige Duibhe, úrscéal sci-fi a scríobhadh i nGaeilge na hAlban aistrithe go Gaeilge ag Eoin P. Ó Murchú, Óráidí a Chuaigh i gCion, bailiúcháin de mhóróráidí ó aimsir Shócraitéas go dtí an lá inniu, atá curtha in eagar agus aistrithe go Gaeilge ag Aibhistín Ó Duibh, agus téacsleabhar dlí do mhic léinn tríú leibhéal An Ghaeilge sa Dlí le Daithí Mac Cárthaigh. Ar na leabhair nua eile atá ar fáil ó Leabhar Breac tá Feis Tigh Chonáin le Darach Ó Scolaí, leagan úr den mhórscéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú céad. Tá tuilleadh eachtraí againn do na páistí sa tsraith Macán. An uair seo tá Macán ag obair sa Ghairdín  agus tá péire eile faoin mac tíre ar na bacáin, Macán ag Roinnt lena Chairde, Macán agus an Leanbh Nua.

An tSnáthaid Mhór 

Teach foilsitheoireachta Feirsteach é An tSnáthaid Mhór a fhoilsíonn leabhair Ghaeilge do pháistí. Tá ceithre leabhar nua curtha amach ag An tSnáthaid Mhór le déanaí; Muireann agus an Teach Solais, le Malachy Doyle agus Andrew Whitson; leagan canúnach de Jimín Mháire Thaidhg leis an An Seabhac, atá curtha in eagar ag Ríona Nic Congáil agus maisithe ag Andrew Whitson; agus Rita agus an Lampa Draíochta, le Máire Zepf agus Andrew Whitson.

Gael Linn

Tá cáil ar lipéad Gael Linn ar fud an domhain agus é ar na seoda is mó i gcoróin na heagraíochta. Sa bhliain 1957 chuir Gael Linn na chéad cheirníní amach. Ba ar lipéad Gael Linn a tháinig na ceirníní ó Sheán Ó Riada, Clannad agus Lá Lugh. Eisítear roinnt teideal nua gach bliain agus iad ar fad nach mór ar fáil go digiteach. I measc na gceiríní nua a cuireadh amach i mbliana tá bailiúchán d’amhráin agus rannta nuachumtha Gaeilge do pháistí, Picnic Teidí, le Sadhbh Rosenstock.

Dalen Éireann

Leabhair do leanaí agus do dhéagóirí atá ar fáil ó Dalen Éireann agus leabhair ó shraitheanna móréilimh Asterix agus Tintin ina measc, chomh maith le sraith ghreannmhar úrnua faoin mbleachtaire, Agatán Sacs.

Eile

Rí na Mara

Gnó teaghlaigh a bunaíodh ar an Spidéal i gConamara in 2004, déanann Rí na Mara cosmaidí agus earraí níocháin as feamainn.

Pinn Dhún na nGall

Ní raibh Conor agus Rónán McGarvey ach ina ngasúir nuair a bhunaigh siad Pinn Dhún na nGall ach bhí an comhlacht i Loch an Iúir ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód níos luaithe i mbliana. Déanann siad pinn lámhdhéanta as dair phortaigh, fuinseog, feá, crann gallchnó agus a lán adhmaid eile.

Dingle Pottery

De láimh a dhéantar agus a dhathaítear táirgí uile an chomhlachta seo, rud a fhágann nach bhfuil aon dá phíosa dá gcuid mar a chéile.

Fág freagra ar '50 gnó Gaeilge agus Gaeltachta do bhronntanais Nollag'

  • Kevin

    Tá leabhar curtha in ordú agam ag Leabhar Breac. Molfainn Litriócht freisin. Tá na leabharlanna seo níos deise ná Amazon, dar liom!

  • Máire Ní Phronntaigh

    Earraí Gaeilge ar díol in Ard Mhacha