50 bliain ón agóid a choimeád scoil Dhún Chaoin oscailte tá síneadh á chur léi

Cothrom an lae inniu 50 bliain ó shin, ar an 5 Aibreán 1971, tosnaíodh ar mháirseáil agóide ó Dhún Chaoin go Baile Átha Cliath chun aird a tharraingt ar scéal na scoile Gaeltachta. Inseofar scéal na hagóide ar eagrán speisialta de 'An Saol Ó Dheas' inniu 

50 bliain ón agóid a choimeád scoil Dhún Chaoin oscailte tá síneadh á chur léi

Tá Scoil Náisiúnta Naomh Gobnait i mBaile na Rátha, Dún Chaoin, i mbéal an phobail fé láthair. An scoil in airde láin, agus oiread scoláirí ann go bhfuil breis spáis de dhíth chun go mbeadh na leanaí ar a gcompord. Ach bhí aird na tíre ar fad ar scoil Dhún chaoin leathchéad bliain ó shin, mar go raibh an scoil iata go hoifigiúil ag Rialtas Fhianna Fáil, ach oscailte go neamhoifigiúil mar gheall ar fheachtas pobail agus feachtas náisiúnta. Cothrom an lae inniu i 1971, tosnaíodh ar mháirseáil agóide ó Dhún Chaoin go Baile Átha Cliath chun aird a tharraingt ar scéal na scoile.

Bhí polasaí cuíchóirithe nó rationalization ag rialtais Fhianna Fáil a bhí i gcumhacht idir 1957-1973, agus iad ag dúnadh agus ag cónascadh scoileanna aon agus beirt oide ar fud na tíre. Idir 1965-1974, dúnadh timpeall míle bunscoil ar fud an stáit.

Dúnadh scoileanna ar fud na Gaeltachta agus ar fud Chorca Dhuibhne le linn na tréimhse seo, agus sa bhliain 1970, cinneadh ar Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin a dhúnadh, i nganfhios do phobal an pharóiste. Ní raibh muintir Dhún Chaoin pioc sásta leis seo, ní nach iontach.  D’éirigh pobal na scoile amach agus cinneadh an scoil a dh’oscailt gan chead ón Roinn.

Bunaíodh coiste tacaíochta don bhfeachtas i mBaile Átha Cliath, agus tháinig radacaigh óga Chumann an Chadhnaigh i UCC i gcabhair ar mhuintir Dhún Chaoin chomh maith, fé mar a dhein an cumann nuabhunaithe Cearta Náisiúnta Chorca Dhuibhne. Tháinig múinteoirí chun na scoile chun í a choimeád oscailte agus bailíodh airgid ar fud na tíre.

Tréimhse réabhlóideach a bhí anso, agus pobail ar fud an domhain ag eirí amach agus ag éileamh a gceart, fé mar a bhí na cumainn cearta sibhialta i gConamara agus sna sé chontae. Ar cheann de na gnéithe ba fheiceálaí de na gluaiseachtaí cearta sibhialta ar fud an domhain bhí na mórshiúlta agóide, agus tháinig an smaoineamh sa treis gur cheart a leithéid de mháirseáil a dh’eagrú do Scoil Dhún Chaoin.

Socraíodh ar an bplean agus cothrom an lae inniu leathchéad bliain ó shin, scaoileadh fé. Eagraíodh cruinnithe agus bailíodh airgead feadh na slí. Cé go raibh ana-thacaíocht ag an bhfeachtas ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre, bhí fodhuine anso is ansiúd nár aontaigh leis.

Nuair a shroicheadar Baile Átha Cliath, chuathas chomh fada le hArdoifig an Phoist agus suíodh ar an tsráid. Tháinig na Gardaí agus bhí raingil beag idir iad lucht na hagóide. Maidin lá arna mháireach, chuaigh cúpla duine isteach in Oifigí Roinn na Gaeltachta agus ghlac seilbh ar roinnt seomraí ansan, agus aríst bhí aird na tíre ar fad ar Scoil Dhún Chaoin.

Filleadh ar Dhún Chaoin agus ar an scoil. D’fhan sí iata i súilibh an stáit ach oscailte i súilibh na ndaoine go dtí Feabhra na bliana 1973, nuair a tháinig comhrialtas nua chun cumhachta. Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bhí sa rialtas nua agus tháinig Ristead de Búrca i gcomharbacht ar Phádraig Faulkner mar Aire Oideachais.

Ar cheann de na céad cinntí a dhein de Búrca bhí an fógra a dhein sé ar an 26 Márta 1973 go raibh Scoil Naomh Gobnait le hathoscailt go hoifigiúil.  Tá sí oscailte ó shin.

Is deacair a shamhlú an mbeadh Dún Chaoin beo mar phobal inniu, murach an seasamh a tógadh leathchéad bliain ó shin, le gníomh díreach agus máirseáil agóide ar mhaithe le Scoil Dhún Chaoin.

Fág freagra ar '50 bliain ón agóid a choimeád scoil Dhún Chaoin oscailte tá síneadh á chur léi'

  • Colum agus Rhoda Layton

    Le gach dea-ghuí ar gach éinne a bhí páirteach. Ón mbeirt a bhuail le chéile don chéad uair ar an mháirseáil.