5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin cúig cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image


John Bence – Disquiet Movement 1

Tá trí ghluaiseacht ar fad le clos ar ‘Disquiet’ leis an gcumadóir óg John Bence arb é seo an chéad earra leis ar lipéad Nicolas Jaar – Other People Records.  Níl sé ach naoi mbliana d’éag d’aois ach tá scil ar leith cheana aige i gcló nua a chur ar cheol nuachlaisiceach.   

Don EP seo, dhein sé taifid de chór is de dhordveidhil agus ghearr sé scian trí na taifid sin sa stiuideó arís is arís eile nó go raibh athmheascán d’athmheascán d’athmheascán déanta aige dá shaothar.  Ó – agus bhí sé de mhisneach aige fuaim dordghiotáir a chur leis an iomlán sarar bhronn orainn é.


Dave DK – Halma

Gach earrach, bím ag tnúth le teacht an chéad rian den bhliain a bhfuil blas an tsamhraidh air.  Deinim amach gurb é seo an chéad cheann a chualasa i mbliana go mbraithim go bhfuil sprid an tséasúir is teo ag rathaíocht tríd.  

Ag éisteacht leis, samhlaím mé féin ag rince trí gháirdín cumhráin, na ceadfaí ar meisce … Seo an chéad singil ó albam úr Dave DK, ‘Val Maira’, a bheidh ar fáil ó Kompakt ag deireadh na míosa seo chughainn.


Private Agenda – Deja Vu

Os ag caint ar an samhradh mé, is fiú go mór éisteacht le céadshingil Private Agenda, grúpa nua de bhunadh Shasana atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Gearmáine.  Cuireann an obair léirithe ar an singil aerach seo stíl dioscó mhall Todd Terje nó B-Movie Lightning  i gcuimhne dom: amhrán Bailéarach le macallaí ó na hochtóidí.


Helena Hauff – The First Time He Thought, He Died

Cumann Helena Hauff, atá bunaithe i Hamburg, electro/techno aisteach, allúrach atá dírithe ar dhul i bhfeidhm ar an intinn níos mó ná ar na cosa. ‘Sea, níl sí seo gafa le gnáthchoinbhinsiúin an urláir rince.  

Seo rogha óna h-EP úr ‘Lex Tertia’ ar Werkdiscs, lipéad leis an saoi ceoil, Actress ó Londain.    

Tá cáil ar na hoícheanta ceoil a chuireann sí i láthair i gclub Golden Pudel, Hamburg agus ba bhréa liom deis a fháil éisteacht léi ag dioscmharcaíocht.  Seans go mbeidh liom, mar tá ráflaí cloiste agam go mb’fhéidir go mbeidh sí ag casadh sa Ghaillimh i mí Bealtaine.


Clark – Silver Sun

D’eisigh Chris Clark a albam is déanaí (a albam de reir na scéalta atá cloiste agam) anuraidh.

Bhí an t-albam sin Clark ar cheann de na saothair leictreonacha ceoil is fearr a chuala i rith 2014.  Seo an chéad bhuille a chualamar uaidh ó shin – an ‘Flame Rave’ EP – agus braithim go ndeineann sé beart de réir a bhriathair.

Cuirtear tús giodamach leis an bport agus is breá liom mar a thagann an cicdhruma isteach go fíochmhar ann.


Ceann ón gCartlann

The Cryrin’ Shames – Please Stay

Is iad na máistrí Burt Bacharach agus Bob Hiliard a chum an t-amhrán seo don ghrúpa The Drifters, ach is é an leagan clúdaigh íogair ón mbanna The Cryin’ Shames ó Learpholl a chualsa ar dtúis, ar chnuasach iontach ceoil Spacelines: Sonic Sounds For Subterraneans a chur Sonic Boom i dtoll a chéile breis is deich mbliana ó shin.   

Is breá liom glór an amhránaí Charlie Crane go mórmhór. (Shamhlaíos gur bean a bhí ag canadh an amhráin an chéad cúpla babhta a chuala é.) Bhain an leagan seo uimhir 26 amach sna cairteanna sa Bhreatain sa bhliain 1966, ach beidh ag uimhir 1 go brách domsa.