5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Neon Atlas – Move In Circles

Seo singil úr ón ngrúpa Neon Atlas ó Chorcaigh a bheidh i measc na n-amhrán a bheidh le clos ar a dtríú halbam nuair a eiseofar é amach anseo.  Cuireann glór an amhránaí Kieran Ring guth Mark Gardiner ó Ride nó Tim Wheeler ó Ash i gcuimhne dom agus ambaiste ach gur minic stíl shéiseach an bhanna a bheith curtha i gcomparáid le Ash.  I gceol Rob Cahill ar na drumaí agus Enda O’Flaherty ar an ndord,  cloisim chomh maith macallaí de The Byrds is Teenage Fanclub ag teacht chun cinn ar an bpopamhrán spleodrach seo.  Beidh Neon Atlas ar an ardán ag deireadh seachtaine ceoil an Townlands Carnival i Maigh Chromtha a bheidh ar siúl idir an 21-23 Iúil.

DC Salas – Cala Falco feat Joy Wellboy

Tá Diego Cortez Salas – nó DC Salas mar is fearr aithne air – ag cumadh ceol leictreonach mealltach le blianta beaga anuas is tá singilí eisithe aige ar lipéid mar Woodstrasse, Toys For Boys, Subfield agus Doctor Vinyl.  Le gairid, d’eisigh an Beilgeach a chéad albam The Unspoken ar Biologic.  Is fadcheirnín ar leith é agus tá an singil seo a chuir sé le chéile i dteannta Joy Wellboy ar cheann de rianta an tsamhraidh.  Is breá liom an físeán.  Mála plaisteach gorm á shéideadh ó áit go háit. Féach air ó thús deireadh, is fiú an scéal a leanúint.

Gadget & The Cloud – Continue

Roimhe seo, bhí aithne ar an gCorcaíoch Kelly Doherty mar gheall ar na rianta séimhe, aimbiacha atá á gcumadh aici, rianta atá le clos i gcónaí ar a leathanach Soundcloud.  Tá lorg an cheoil aimbiaigh arís ar an singil is déanaí uaithi, ach anuas air sin, cloistear nithe nua ag teacht chun cinn sa cheo.  Ar ‘Continue’, tá tús áite tugtha aici don ndord is do na buillí freisin agus is aoibhinn liom mar a thiomáineann na rithimí an ceann seo.  Dá mbeinn ag déanamh comparáide, déarfainn go gcuireann an rian seo saothar leithéidí Teebs is Daedelus ar lipéad Brainfeeder i gcuimhne dom.

The Jimmy Cake – Tough Love Part 1  excerpt)

Beidh fáil ar Tough Love an séú halbam ón mbanna The Jimmy Cake ón ardchathair ar lipéad Penske Chorcaí, an 14 Iúil.  Dhá rian, os cionn fiche nóiméad an ceann, atá le clos air. Cumadh sa bhliain 2015 ‘cuid a haon’ is ‘cuid a dó’ mar aon phíosa fada amháin do sheó a chuireadar i láthair in ionad Joinery Bhaile Átha Cliath, ionad ná maireann níos mó, faraor.

Níl anseo ach blaiseadh de chuid a haon agus ní sceitheann sé iontaisí uilig an phíosa – port a chónascann ceol aimbiach a shamhlófa le Aphex Twin, nó A Silver Mt Zion, le gnéithe de cheol post-punk, ceol kosmiche na Gearmáine agus fiú teicneo.

Ceann ón gCartlann

Clan of Xymox – A Day (Where Are You) (Demo)

Bhí tionchar mór ag stíl cheoil Joy Division ar bhannaí timpeall thuaisceart na hEorpa le linn na n-ochtóidí.  Ar cheann de na bannaí, bhí Clan Of Xymox -nó Xymox mar a thugtaí orthu ar uairibh – ón Ísiltír.  Is breá liom an leagan ‘demo’ den amhrán seo ón mbliain 1984 ina bhfuil dordlíne a shamhlaím le Peter Hook á thiomáint ag buille dothraochta an innill druma is fuaim olagónach na sintéiseoirí.  Cé go raibh tionchar ag bannaí eile orthu, ní foláir a cheart a thabhairt do Clan Of Xymox, a d’fhág a lorg ar ghluaiseachtaí ceoil cosúil le ‘Darkwave’ is ‘Minimal Wave’.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'