5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

DVA (Hi:Emotions) – DAFUQ

Ar a albam úr NOTU_URONLINE U, a d’eisigh an lipéad Hyperdub le gairid, níl an bhéim chéanna is a bhíodh ar cheoil an urláir rince ag an léiritheoir cumasach seo.  An uair seo tá a shamhlaíocht dírithe ar shochaí dhiostóipeach, atá ag iarraidh smacht a fháil orainn ar fad trí dhomhan nua a chruthú ina bhfuilimid ar fad daortha chun maireachtaint sa réalachas fíorúil céannaí.  Deineann sé na téamaí seo a scrúdú trí bhréag-ghligíní fógraíochta suaite a chuireann i gcuimhne dúinn an strus atá ag baint leis an nós atá ag mórán againn an iomarca ama a chaitheamh ar líne.  Tá nóta dóchais ag tús an phoirt seo, ach ansan casann sé go tobann ar a shála. Buaileann fórsa an doird sinn, anuas ar bhuillí suaite agus faobhar orthu, faoi mar a bheadh sé ag cur in iúl dúinn go bhfillfidh an fhearthainn i ndiaidh na gréine.


Hammer – Stripes

Tógadh Rory Hamilton i mBéal Feirste ach tá sé lonnaithe i nGlaschú na laethanta seo.  Ar a EP úr don lipéad Optimo, baineann na rianta ar fad, ar an gceirnín 12”, greim as giotaí de cheirníní a raibh baint ag an gcumadóir Arthur Russell leo.  Ar ‘Stripes’, cloisimid nithe ó rian a chum Arthur i dteannta Nicky Siano -‘Tigerstripes’ – faoin ainm Felix fadó.  Idir an dord, an cuireadh-chun-rince a chloisimid ón amhránaí agus an cic-dhruma tiubh, seo stail mhór groí de phort don urlár rince.


Switzerland – Starting Out

Tá ceathrar sa bhanna Switzerland, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus iad faoi stiúir Brian Walsh, a bhíodh sa ghrúpa Drunken Boat tráth.  Tá macallaí de Tom Petty is Teenage Fanclub le brath ar a singil úr ‘Starting Out’ do lipéad Popical Island na hardcathrach. Seo an chéad bhlaiseadh dá gcéad albam Long Gone a seoladh i dTigh Whelan ag deireadh na míosa seo caite.


 The 202s – Up In The Air (Jape Remix)

Tá EP nua ag The 202s ón ardchathair – a d’eisigh a gcéad albam ar lipéad Le Son Du Maquis na Fraince sa bhliain 1999 – ar fáil ar a leathanach bandcamp.  Bhior mo chluasa nuair a chuala an léamh gleoite seo a rinne Jape air, pop-amhrán leictréonach atá níos feilliunaí do lá geal, teolaí agus tú ag diúl ar uachtar reoite cois fharraige.  Tá sé i gceist ag an mbanna a dara albam a eisiúint i mbliana.


Ceann ón gCartlann

Dead Kennedys – California Über Alles

Agus uachtarán nua taghta i gcumhacht sna Stáit Aontaithe atá ag cur imní is fearg ar mhórán, bheifeá ag súil go mbeidh amhráin pholaitiúla, feargacha á gcumadh go tiubh, amhráin cosúil leis an gceann seo ón mbliain 1979, an chéad singil a d’eisigh an banna Dead Kennedys ó Chalifornia.  Closimíd drumaí míleata ag a thús, ansan ionsaí – i bhfoirm aoire – ar Jerry Brown, a bhí ina ghobharnóir ina stát dúchasach an uair sin is súil eile aige ar an bpost is sinsirí sa tír:


‘Carter Power will soon go away

I will be Führer one day

I will command all of you

Your kids will meditate in school

Your kids will meditate in school!’

Ar ndóigh, scaoileann Jello Biafra – amhránaí an bhanna – lena rabharta feirge sa churfá is é ag screadáil teideal an amhráin arís is arís eile agus macalla ann de chéad véarsa amhrán náisiúnta na Gearmáine, ná cantar níos mó, toisc ceangal a bheith aige le ré na Naitsithe: ‘Deutschland, Deutschland über alles’. Tá an ‘suede denim secret police’ ag teacht!