5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

Cian-image

– Ghosts

Chaith Katie Kim, ó Phort Láirge ó dhúchas, timpeall ar dhá bhliain ag obair ar a halbam úr Saílt agus tá doimhneas is stór saibhir óna taithí ar an saol ann ná bíonn le mothú i mórán albam na laethanta seo. Táim faoi dhraíocht ag ‘Ghosts’, an chéad phort ar an saothar, ó chuala ar dtús é roinnt seachtainí ó shin. Fadó, ní mór an fheoil a bhí ar chnámha a cuid amhrán (dála amhrán Liz Harris/Grouper, agus bhí na hamhráin san go hálainn fresin), ach anois tá fad, leithead is toirt curtha aici le fuaim na n-amhrán. Seo sampla ar leith dá cur chuige nua, le ceol olagónach toirtiúil a d’ardódh an tsíleáil d’ardeaglais.


CLU – MOOD2098

Ón ardchathair do Sean Cooley agus Kevin Freeney atá ag cumadh ceoil is físeán faoin ainm CLU le roinnt blianta anois. Tá an Mood EP, a chumadar do lipéad Gobstopper agus atá ar tí teacht amach go luath thar barr. Tá lorg foinsí éagsúla le clos ar a gcuid amhrán, cibé trance, R&B, dordcheol dobrónach, ceoltéamaí scannán is fuaimeanna ó fhíschluichí. Cé gur as Béarla an ceann seo, tá teanga eile ar fad cruthaithe acu leis na héifeachtaí aisteacha atá leagtha anuas ar an nguth acu. Tá trí rian eile ar an EP is táid uilig go haoibhinn ar fad.


Mount Alaska – Sine, Cosine, Tangent

Chuireas aithne ar Cillian McDonnell ón mbanna nua seo fadó, nuair a bhíodh sé ag obair i siopa ceirníní i mBaile Átha Cliath is bhí sé de bhéas aige ceirníní techno ná raibh cloiste cheana agam a chur in aithne dom. Ambaiste, thug sé ceann acu ar iasacht dom do ghig tábhachtach a bhí agam, mar ná raibh teacht agam air in aon áit eile (fadó, fadó roimh theacht na gcomhad fuaime nuair a bhíodh ceirníní ag teastáil ó dhioscmharcaigh). Chasamar lena chéile roinnt babhtaí ó shin, ina measc an oíche a chuireamar An Taobh Tuathail i láthair sa Róisín Dubh, áit a raibh a bhanna Halfset ag ceol. Bhí baint ag an léiritheoir Stephen Shannon leis an leis an mbanna céanna agus táid anois ag cumadh ceoil leictreonach in éineacht faoin ainm Mount Alaksa. Taitníonn a gcéad iarracht ‘Sine, Cosine, Tangent’ go mór liom is táim ag tnúth lena gcéad singil eile a bheidh ar fáil sa bhliain nua: cloisim go mbeidh Iarla Ó Lionáird le clos ag amhrán leo.


Hannah Peel – Octavia

Ó chontae Ard Mhacha ó dhúchas do Hannah Peel ach tá sí i Londain na laethanta seo. Chuireas aithne uirthi ar dtús ar shingil a d’eisigh Beyond The Wizards Sleeve an samhradh seo caite ach tá sí ag amhrán is ag casadh ceoil le blianta, i dteannta leithéidí The Magnetic North, John Foxx agus OMD. D’eisigh sí a dara halbam le gairid Awake But Always Dreaming ar a lipéad féin My Own Pleasure, albam a scrúdaíonn an bealach a dteipeann néaróin inchinne is an tionchar atá ag an dteip sin ar ár gcuimhní. Ach ní gá go mbeadh an cúlra san ar eolas agat chun sásamh a bhaint as an bport galánta seo.


Ceann ón gCartlann

Leonard Cohen – Take This Longing

Laoch ceoil eile sciobtha uainn i mbliana, an file/amhránaí/úrscéalaí/trúbadóir ó Cheanada, Leonard Cohen. ’Sé m’uncail Pádraig a chuir amhráin an fhir in aithne dom i gCorca Dhuibhne is mé im’ dhéagóir. Thuig sé go mbeadh dúil agam ann toisc suim a bheith agam i liricí fileata, leithéidí Ian Curtis is Nick Cave. Cosúil leis an mbeirt san, ní hamháin go raibh an fhilíocht go tréan ina chuid amhrán, ach bhí glór saibhir aige, dubh ón deatach. Tá an t-amhrán seo casta agam níos minice ar An Taobh Tuathail ná aon cheann eile: úrscéal gonta a mhaireann ceithre nóiméad faoi leannán agus an grá leatromach:

 

’You’re faithful to the better man

I’m afraid that he left

So let me judge your love affair

In this very room where I have sentenced mine to death.’

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'