5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian-image

Comrade Hat – Old Amsterdam

Seo pop-amhrán, rómánsúil, milis-shearbh ó Neil Burns, atá lonnaithe i nDoire, amhrán atá déanta don tráth seo den bhliain agus na hoícheanta ag dul i bhfad.  Tá sé mar nós ag scríbhneoirí ceoil ‘blue-eyed soul’ (faoi mar a thugtar ar amhránaithe ón gcine gheal a chanann amhráin soul) a thabhairt ar amhráin mar seo agus oireann sé sa chás seo, mar seo amhrán gleoite taibhsiúil ná beadh as áit ar shaothar The Blue Nile.  Táim ag tnúth go mór le halbam úr an chumadóra seo a bheidh á eisiúint aige go luath.


Yves Tumor – The Feeling When You Walk Away

Tógadh i Tennessee é, is tá sé ag cur faoi i Turin na laethanta seo, ach tá a shaol mar cheoltóir/cumadóir caite aige i mbun an cheoil dhúshlánaigh do lipéid mar Janus, NON agus Halcyon Veil faoi ainmneacha cleite éagsúla.  Serpent Music atá ar a fhadcheirnín nua don lipéad Pan agus cosúil le roinnt de lucht a linne – cibé Klein nó Dean Blunt – tá sé tar éis atógáint a dhéanamh ar thraidisiún an cheoil soul agus faoi mar is léir san amhrán mothálach seo uaidh, níl aon drogall air canadh óna chroí amach.


Fixity – Blue Paint

Ó Chorcaigh do Fixity, banna snagcheoil/iar-rac dúshlánach an drumadóra Dan Walsh.  Beidh a n-albam úr The Things in The Room ag teacht amach ar lipéad Penske ag tús mhí na Nollag is táim faoi gheasa ar fad ag an rian seo uaidh. Is iontach mar a ‘labhraíonn’ na gnéithe éagsúla den rian seo lena chéile agus is iontach leis an príomhrif (lena mhacallaí de ‘Pretty Woman’ le Roy Orbison), é ag ardú is ag ísliú le taoide an cheoil.    Beidh Fixity ar an ardán i dteannta The Spook Of The Thirteenth Lock i gCeoláras Chorcaí mar chuid d’fhéile snagcheoil Chorcaí ar an 30 Deireadh Fómhair.


The Caretaker – Late Afternoon Drifting

Tá James Leyland Kirby an-tógtha sa tslí a thagann lag trá ar an meabhair nuair a théann daoine in aois, go mórmhór nuair a fhaigheann galair inchinne cosúil le galar Alzheimer nó dímheamhair na seanaoise greim orainn.  Roghnaigh sé The Caretaker mar leasainm air féin don chineál ceoil a scrúdaíonn na téamaí san, toisc an carachtar Jack Torrance i leabhar Stephen King The Shining atá corraithe ag seancheol ré órga na mbannaí móra is é i bhfeighil an óstáin iargúlta, tréigthe i rith an gheimhridh.  Ar a albam úr Everywhere At The End Of Time, filleann sé arís eile ar cheirníní snagcheoil 78 na bhfichidí is na dtríochaidí, is cuireann sé as a riocht iad nó go bhfuil an t-iomlán ar chuma intinn scaipthe ina bhfuil smaointe imithe ó chiall.   An smaoineamh atá aige dá shaothar nua ná go bhfuil luathnéaltrú ar The Caretaker féin anois agus go raghaidh sé i léig de réir a chéile sula ‘gcaillfear’ a alter-ego faoin tráth go mbeidh an séú halbam sa tsraith sroichte.


Ceann ón gCartlann

Kenix feat. Bobby Youngblood – There’s Never Been (No One Like You)

Bhí an ceann seo ón mbliain 1980 ina phort mór ar urlár rince an Paradise Garage i Nua-Eabhrac fadó agus ní nach ionadh.  Léirithe ag Kenton Nix, a léirigh ceirníní do leithéidí Gwen McCrae, Taana Gardner agus The Treacherous Tree, seo amhrán gleoite dioscó a scuabann na cosa fúinn lena dhordlíne dhaingean, a chorraitheacht, a rif meidhreach is guth cumhachtach an amhránaí ceol soul Bobby Youngblood ag impí orainn ná raibh ár leithéidí riamh ann.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'