5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

EVM128 – Strangers

Tá oidhreacht shaibhir ag Bristol ó thaobh an dordcheoil de agus EVM128 an sampla is déanaí de chumadóir/léiritheoir ón gcathair úd plé a dhéanamh leis an oidhreacht san ina chuid ceoil. Go bunúsach, is amhrán house é seo ach éist leis an mbealach a nascann sé rithimí UKG (UK garage) agus preabanna práinneacha ón dord leis an mbunstructúr house agus cloisfidh tú port a bhfuil lorg na cathrach air.

My Pilot – Mouth Of The River

Tá dhá chuid ag an amhrán seo. Ar dtúis cloisfimid an banna seo ón ardchathair ag casadh véarsa ó ‘The Mountains Of Mourne’, amhrán Percy French, cé go gceapaim go n-athraíonn siad na focail beagáinín. Eascraíonn amhrán breá tíre as san le macallaí do Simon & Garfunkel agus an bealach breá a bhí ag glóranna éagsúla amhránaithe Fleetwood Mac teacht le chéile ar albaim ar nós ‘Tusk’ nó ‘Rumours’. Bainte óna ngearralbam úr ‘Welcome To Ireland’, ina gcaitheann an grúpa súil ghéar ar an oiléainín seo, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, ár ndúil sa bhraon faoin bhfiacal is cúrsaí aimsire, gan trácht ar an gcúlú eacnamaíochta a dhein an oiread san scriosadh orainn.

FKA Twigs – In Time

Tháinig EP úr FKA Twgs – an M3LL155X EP (abair ‘Melissa’ ) – aniar aduaidh orainn. Tá cúig rian nua ar fad le clos ar an EP úr seo ón amhránaí a bheidh le clos ag Electric Picnic ag an deireadh seachtaine agus tá sé gach prioc chomh maith leis na hamhráin is láidre a bhí le clos ar a halbam ‘LP1’ anuraidh. Canann sí amhráin phearsanta r’n’b comhaimseartha agus bí cinnte go mbeidh gaoth a rogha focail faoi ainiléis níos déine anois agus í ag siúl amach leis an aisteoir aitheanta, Robert Pattinson:

“You’ve got a goddamn nerve / Everyday, everyday / You be testing my sane”.

Shuttle358 – A Ground Without A Figure

Cumann Dan Abrams ó Chalifornia ceol álainn aimbiach ná beadh as áit ar do sheilf, taobh le saothair chiúine ó Brian Eno nó Stars Of The Lid. Seo buaicphointe a albam is déanaí  ‘Can You Prove I Was Born’ ar lipéad 12K, albam atá cumtha go curamach as lúbanna taibhsiúla, cordaí an phianó, ceol an ghiotáir curtha as a riocht is taifid a dhein sé amuigh faoin dtuath.

Ceann ón gCartlann

Disco Inferno – Summer’s Last Sound

Bhí Disco Inferno i mbarr a réime ó dheireadh na n-ochtóidí ar feadh seal. Sa bhliain 1992, d’eisíodar an singil seo, singil a dhein aithris ar an nósmhaireacht a bhí ag leithéidí Public Enemy agus Young Gods úsáid a bhaint as samplóir. As an uirlis réabhlóideach seo, d’fháisceadar fuaimeanna áille a chomhnascadar leis an stíl iar-rac a bhí á gcleachtadh acu, leis an dord séiseach mar chuisle ag a gcuid amhrán. Is breá liom an spás atá cruthaithe acu san amhrán seo, faoi mar a bheifeá amuigh faoin aer tráthnóna breá samhraidh, an spéir ag síneadh romhat i dtreo na síoraíochta is – ‘sea! – an samhradh ag tarraingt osna mór áthais.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'