5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Donnie Trumpet & The Social Experiment
Donnie Trumpet & The Social Experiment

The Galleria – Calling Card

Tá EP úr den gcéad scoth curtha amach ag Morgan Geist (ó Metro Area) i dteannta an amhránaí Jessy Lanza ó Cheanada. Déanann an saothar seo aithris ar an stíl cheoil ‘freestyle’ a bhíodh le clos timpeall ar ionaid siopadóireachta Mheiriceá sna hochtóidí luaithe.

Seo stíl ar leith a nasc popcheol milis canta ag mná le rithimí electro na linne – dála amhráin ar nós ‘I.O.U.’ le Freeez a léirigh Arthur Baker. Cé gur EP ómóis atá i gceist, tá an oiread san grá is measa ag an mbeirt ar a bhfoinsí ionspioráide, go bhfuil na hamhráin gach pioc chomh maith le haon ní a tháining amach fadó.

Donnie Trumpet & The Social Experiment – Miracle

Tar éis seal a chaitheamh ag éisteacht leis an gceann seo, táim den dtuairim go bhfuil sé ar cheann de na hamhráin is fearr a chuala i mbliana. Is é Donnie Trumpet an leasainm atá ar Nico Segal nuair a bhíonn sé sa stiúideo agus cairde Boihéamacha ceolmhara leis is ea The Social Experiment ina bhfuil leithéidí Chance The Rapper, Peter Cottontale, Greg Landfair Jr. agus Nate Fox.

Scaoileadar leis an albam ’Surf’ saor in aisce trí iTunes ag deireadh mhí Bealtaine agus seo an chéad rogha atá le clos uaidh. Is cad é mar rogha! Cuireann tús an amhráin armóiní mealltacha na Beach Boys i gcuimhne dom agus de réir a chéile, cloisimid tionchar an anamcheoil, an snagcheoil agus scoth na rapfhonnadóireachta ag bláthú leis ann.

Now Babayof – Friend

Chuireas aithne ar Noa Babayof den gcéad uair nuair a chuala amhrán léi – ‘Marching Song’ – ar an gcnuasach ceol digiteach For Tom Carter, ón lipéad Deserted Village. Cheapas go mb’fhéidir go raibh ceangal éigin aici leis an dtír seo toisc í a bheith ar lipéad dúchasach. Chuas i dteangmháil leis an lipéad chun cead a lorg an t-amhrán a chnuasú ar ATT Vol 7 agus sheoladar a sonraí ríomphoist chugam.

Tharla go rabhas ag obair ar ATT Vol 7 a chur le chéile fad is a bhí Noa – ón Iosrael, mar a tharla – ag tabhairt a h-albam úr Blue Bound chun críche. Sheol sé chugham é le déanaí agus is deacair locht a fháil ar aon cheann de na hamhráin atá le clos air. Ar an gcéad éisteacht, seo an ceann a sheas amach domsa, ar a bhfuil macallaí ann den saghas amhrán a chum Lee Hazelwood do Nancy Sinatra sna seascaidí.

YokoO – Timeless Love

Port diamhair house é seo ón Oneness EP leis an léiritheoir Francach, YokoO. Tagann sé ó lipéad Musik Getinnt Freunde atá tar éis clú a tharraingt air féin as na ceirníní atmaisféaracha atá eisithe aige ar lipéid mar All Day I Dream, Moodmusic agus Plastic City. Ar an rogha seo, cloisimid Seth Schwartz ar an veidhlín agus ní bheadh an ceol a fháisceann sé as a uirlis as alt ar cheolthéama de chuid John Barry nó Hans Zimmer.

Ceann ón gCartlann

Ricardo Villalobos – Dexter

Ní hamháin go gceapaim go bhfuil an port seo leis an léiritheoir Gearmánach-Sileach, Ricardo Villalobos, ar cheann de na rianta techno is áille a chuala riamh, tá sé ar cheann de na piosaí ceoil is cóngraí dom’ chroí. Tá lucht leannta díograiseach ag an bport seo is a scéal féin le hinsint ag gach duine acu faoi.

Chualasa é den gcéad uair is mé ag tiomáint faoi scáth Shliabh Mis tráthnóna gruama samhraidh sa bhliain 2003. Bhíos faoi gheasa ag an bport ar an spota. Dé réir dealraimh, bhí an cumadóir ag éisteacht le mórán snagcheoil de chuid lipéid ECM ag an uair agus is as san a d’eascair an rif uaigneach, bhrónach a thugann an oiread san cumhachta don bport.

Seo físeán ar leith curtha le chéile ag duine éigin ar YouTube a ghearann an rian le híomhánna ó scannán Nosferatu ón mbliain 1922. Is geall le hobair ealaíne ann féin toradh a shaothair.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'