5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

 

Carol Keogh & The City Fathers – My Father The Jeweller

Is é Brendan Keogh an seodóir a luaitear i dteideal an amhráin seo. D’éag sé an tráth seo anuraidh agus ba í an fhoireann ag Oispís Bhleá Cliath a thug aire dó agus é ar leaba an bháis. Tá sé le feiscint sa bhfíseán seo, mar atá a iníon Carol Keogh – ceann de na hamhránaithe is breátha dá bhfuil ann – agus gaolta eile. Tá dhá leagan iontach eile ar an EP seo: leagan le córdaí cóirithe ag Dunk Murphy agus ag Rod Morris, is athmheascán ó Colin J Morris, fear atá le clos ar an ngiotár is ar an órgán ar an mbunleagan. Raghaidh brabús an EP chuig Fondúireacht Oispís na hÉireann agus is féidir é a cheannach anseo: https://carolkeogh.bandcamp.com/

Marker Starling – Husbands

Tá seans ann gur chuala tú Chris A. Cummings ag canadh cheana, mar bhíodh sé ag taifeadadh faoin ainm Mantler tráth, grúpa a d’eisigh ceithre albam fadó. Le gairid, tá Chris ag cumadh ceoil faoin ainm Marker Starling agus seo iarracht snasta óna albam úr Rosy Maze. “Well I’m giving up on the sublime and I’m giving the ridiculous a try,” a deir sé sa véarsa deireanach agus is maith an scéal é sin má leanann sé ar aghaidh ag cumadh amhrán chomh maith leis an gceann seo, an saghas amhráin a shamhlóinn a chumfadh Jarvis Cocker dá mbeadh tráthnóna aige sa stiúideo i dteannta Burt Bacharach.

Jaga Jazzist – Oban (Todd Terje Remix)

Ón Iorua don ngrúpa Jaga Jazzist atá ag cumadh snagcheol comhaimseartha don úrlár rince le na cianta cairbreacha. Tá ceangal idir iad is an dioscmharcach Todd Terje, Ioruach eile – mar bíonn an dordghiotáraí Lars Horntveth ag casadh le Jaga Jazzist agus le banna Todd Terje. Tá léamh nua ar leith don úrlár dioscó déanta ag Terje ar an mbunleagan: drumaí ramhra funcaí is sinstiséirí olagónacha ná beadh as áit ar luathchlár Star Trek. Ar fheabhas ar fad.

Jenny Hval – That Battle Is Over

Seo linn go dtí an Iorua arís i gcomhluadar an amhránaí Jenny Hval. Dhein sí a halbam is déanaí (seo a cúigiú albam aonair) Apocalypse, girl a thaifeadadh is í 33 bliain d’aois, nó aois Chríost, mar a deir sí féin linn ar scata amhrán. Dála na n-amhrán eile ar an albam, cloisimid í ag eachtraí di, uaireanta ina gnáthghuth, uaireanta eile ag canadh go fonnmhar thairis éifeachtaí leictreonacha, is ardú croí de shaghas uirthi ag fógairt:

‘You say I’m free now, that battle is over and feiminism is over and socialism’s over.  Yeah, I say I can consume what I want now, I can consume what I want now’.

Ceann ón gCartlann

Ned Doheny – Get It Up For Love

Ó Mhalibu, California do Ned Doheny agus tá lorg ghrian chósta iarthar Mheiriceá le clos ar an amhrán gleoite seo ó Hard Candy, albam a d’eisigh sé sa bhliain 1976. Seo an stíl amhráin a dtugtar ‘yacht rock’ air agus nuair a bhíos ag roghnú ceoil do mheascán de cheol samhraidh do state.ie le déanaí, bhí sé seo cóngarach go maith do bharr mo liosta.

‘Sea, a Ned: thugamar féin an samhradh linn.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

 

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'