5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Serge Devant & Damiano feat. Camille Safiya – Fearing Love

Is léir go bhfuil tuiscint ag na léiritheoirí Jamie Jones is Lee Foss don tsaghas port tarraingteach a lasann suas na clubanna agus a lúbann a slí i dtreo lucht éisteachta níos leithne.  

Le blianta beaga anuas, dhein na rianta ‘Forward Motion’ is ‘Benediction’, ar deineadh iad a thaifeadadh faoin ainm Hot Natured, an-bheartaíocht go deo ar úrláir rince na cruinne. Anois tá lipéad nua-bhunaithe acu – Emerald City – chun tús áite a thabhairt d’amhráin house, tiomáinte ag fonnadóireacht mhealltach, a d’fhéadfadh guailláil isteach ar liostaí amhrán na stáisiún raidió tráchtála. Seo an chéad sampla uathu. Chomh siúrálta is a leanann an lá an oíche, is dóigh liom go bhfuil an mianach sa phort spleodarach seo creathadh a bhaint as na cairteanna. Ná bíodh aon ionadh ort má chloiseann tú leagan de ar na stáisiúin pop raidió amach sa tsamhradh.

Olde Gods – Shigatsu Kokonka

Cumann Guillamino (atá tar éis ceol a eisiúint do lipéid mar Third Ear agus ICAN agus JMII, atá freagrach as ceol a chur amach ar lipéid cosúil le 100% Silk is Hivern Discs) poirt faoin ainm Olde Gods.  Tá blas na n-ochtóidí ar an rian seo, go mórmhór sa bhealach a bhaineann siad fuaim shaibhir doimhin as a gcuid sinteisirí.

Lolina – Relaxx

Seo chughainn faoina leasainm nua Inga Copeland, a bhí sa bhanna Hype Williams i dteannta Dean Blunt tráth. Bhí sí in ainm is albam a eisiúint i mí Eanáir dar teideal RELAXIN With Lolina, ach ar chúis éigin, d’athraigh sí a hintinn is bheartaigh sí ar an dteideal a úsáid dá céad EP faoin ainm Lolina ina ionad. Tá a guth le clos gan tionlacan ina thús, ach éalaíonn nótaí borba an phianó isteach san amhrán de réir a chéile. Faoin dráth go sroicheann tú ceannscríbe, tá do chluasa ag éisteacht le port teibí ag fáisceadh nótaí aisteacha as an bpianó, ar bhealach a fhágann an t-éisteoir agus braistint beagáinín míshuaimhneach is míshocair aige.

HNNY – Solsidan

Ní fada uainn an samhradh agus an t-am seo bliana bíonn lorg an tséasúir is teo le haithint sa cheol. Tá gean ar leith ag Johan Cederberg na Sualainne do cheirníní a bhfuil blas an tsamhraidh orthu, faoi mar a léiríonn sé leis an tsingil nua meidhreach seo don lipéad Let’s Play House ó Nua Eabhrach.

Ceann ón gCartlann

Cane 141 – Disco Toys (Heftord Remix)

Seo athmheascán a dhein mo chara Cyril Briscoe (a bhíonn ag diosc-mharcaíocht im’ theannta ag 110th Street is The Hive, ach a bhíodh ag taifead faoin ainm Heftord tráth) d’amhrán de chuid cara eile liom, Mike Smalle, a bhíodh ag casadh sa ghrúpa Cane 141 ar feadh na mblianta. D’eisigh Mike a albam deireanach faoin ainm Cane 141, Moon Pool, deich mbliana ó shin. An bhliain dar gcionn, thug Cyril faoi chló nua a chur ar an rian seo ‘Disco Toys’, rian a chuir go mór faoi gheasa mé. Is cuimhin liom teachtarachtaí ríomhphoist a sheoladh chuig roinnt diosc-mharcaigh idirnáisiúnta cosúil le Prins Thomas ón Iorua ag moladh dóibh cluas le héisteacht a thabhairt don rian is b’fhéidir é a eisiúnt. Tugadh an chluas bhodhar dom agus mar sin chuireas féin an scéal ina cheart trí é a chur ar mo bhailiuchán ceoil An Taobh Tuathail Vol 2 sa bhliain 2008.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00 https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'