47 bás eile fógartha, idir 0.4 agus 0.7 atá an ráta atáirgthe 

Deimhníodh 1,466 cás nua den ghalar tráthnóna. 878 duine a raibh Covid-19 orthu a fuair bás go dtí seo mí Eanáir

47 bás eile fógartha, idir 0.4 agus 0.7 atá an ráta atáirgthe 

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 47 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. 878 duine a raibh an Covid-19 orthu a fuair bás go dtí seo mí Eanáir.

Deimhníodh 1,466 cás nua den ghalar. 1,567 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna, laghdú breis is 100 ón lá inné. Bhí 216 duine agus Covid-19 orthu in aonad dianchúraim inniu.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET inniu go bhféadfadh gur idir 200-400 cás in aghaidh an lae a bheidh á bhfógairt faoi dheireadh na míosa seo chugainn má leanann an pobal leis an iarracht atá ar siúl acu an galar a chur faoi chois.

D’fhéadfadh gur 600-800 othar a bheadh sna hospidéil faoi dheireadh mhí Feabhra, a deir an tOllamh Nolan. Idir 60-80 othar a bheadh sna haonaid dianchúraim.

Thug an tOllamh Nolan le fios gur idir 0.4 agus 0.7 atá ráta atáirgthe an ghalair, nó an uimhir R, i láthair na huaire.

“Tá líon na gcásanna ag titim agus trí oibriú le chéile le líon na dteagmhálaithe sóisialta a laghdú, d’éirigh linn scaipeadh an ghalair a mhaolú agus measaimid go bhfuil an uimhir R idir 0.4-0.7 faoi láthair. Tá an-iarracht á déanamh againn ach tá bóthar fada fós romhainn. 

“Caithfimid coinneáil orainn ag cur an ghalair faoi chois ar fad go ceann roinnt seachtainí más linn roghanna straitéiseacha a bheith againn amach anseo,” arsa an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh líon na gcásanna ag titim ach go raibh sé fós ard.

“Údar dóchais go bhfuil líon na ndaoine atá i dtuilleamaí ospidéil ag laghdú agus go bhfuil líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim seasmhach.

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

“Mar sin féin tá an ráta báis ard i gcónaí sa tír seo, chuir an víreas 878 duine den saol go dtí seo ó thús mhí Eanáir.”

Údar imní don Dr Tony Holohan an lear mór daoine sna hionaid fadchúraim agus sna grúpaí leochaileacha a bhfuil an galar á tholgadh acu. 

“Coinneoimid daoine ón mbás má fhanaimid sa mbaile agus slabhra an scaipthe a bhriseadh. Le bhur dtoil, leanaigí oraibh ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus tugaigí tacaíocht dá chéile ionas go gcoinneoidh sibh oraibh.”

Deimhníodh 106 cás nua i nGaillimh inniu, 103 cás nua a bhí i gCorcaigh agus 77 cás nua a bhí i bPort Láirge. 

Bhí 68 cás nua i Maigh Eo, 63 a bhí i nDún na nGall, 36 a bhí i gcontae na Mí agus 18 a bhí i gCiarraí.

Bhain 472 den 1,466 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 622 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Ráta 869 a bhí i bPort Láirge, 730 a bhí i Maigh Eo, 607 a bhí i gcontae na Mí agus 600 a bhí i nDún na nGall. Ráta 569 a bhí i gCorcaigh, 539 a bhí i nGaillimh agus 322 a bhí i gCiarraí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt tá 13 duine eile a raibh an galar orthu básaithe. 592 cás nua a deimhníodh. 

Tá 768 othar san ospidéal agus an Covid-19 orthu agus 67 acusan in aonad dianchúraim.

Dheimhnigh an Chéad-Aire Arlene Foster inniu go mbeadh scoileanna i dTuaisceart Éireann dúnta go dtí mí an Mhárta ar a laghad. Is ar an 8 Márta, ar a luaithe, a fhillfidh formhór na ndaltaí scoile agus é i gceist na daltaí a bhfuil scrúduithe acu i mbliana a thabhairt ar ais ar dtús.

295,055 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 192,645 cás ó dheas den teorainn agus 102,410 cás ó thuaidh di.

4,959 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,167 duine ó dheas den teorainn agus 1,792 duine ó thuaidh di.

Idir an dá linn, tá sé i gceist tús a chur arís amárach le cuardach teagmhálaithe. Dúirt an Dr Mai Mannix, Stiúrthóir Sláinte Phoiblí leis an HSE go dtabharfaidh an t-eolas sin pictiúr níos soiléire dúinn ar céard go díreach atá ag tarlú sa bpobal. 

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an HSE, Paul Reid. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Agus í faoi agallamh ar Drivetime ar RTÉ, dúirt sí go bhféadfadh go mbeadh ardú le feiceáil ar líon na gcásanna de bharr an chuardaigh seo ach síleann sí go leanfaidh an ráta scaipthe “ag titim”. 

Thagair sí d’áiteanna i gcontaetha an Chláir agus i dtuaisceart Thiobraid Árann nach raibh aon chásanna iontu i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna agus gurb é sin “an sprioc ba chóir a bheith againn”.  

D’iarr sí ar dhaoine gan éirí “réchúiseach” toisc líon na gcásanna a bheith ag dul i laghad agus cloí leis an iompar is cúis leis an laghdú sin. 

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an HSE, Paul Reid inniu go raibh laghdú beag ar líon na n-othar sna hospidéil “an chéad chomhartha dóchais le seachtainí fada” agus dúirt sé go raibh súil aige nach raibh ann ach “an tús”.

Ó thaobh an acmhainn leapacha dianchúraim, dúirt Reid go raibh an soláthar iomlán i bhfad róghar do bheith “lán” le go mbeadh muid saor ó imní. 

Fág freagra ar '47 bás eile fógartha, idir 0.4 agus 0.7 atá an ráta atáirgthe '