45 cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil curtha ó mhaith toisc cáipéis gan a bheith ar fáil i nGaeilge

Amhras ann faoi raidhse cásanna tiomána toisc cáipéisíocht dhátheangach gan a bheith ar fáil

00086f00-642

Caitheadh amach i gCúirt Dúiche Phort Láirge 45 cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil. An chúis a bhí leis an gcinneadh ná nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Chinn an Breitheamh Kevin Staunton i gCúirt Dúiche Phort Láirge inné 34 cás a chur ar ceal agus 11 cás eile a chaitheamh amach.

I ngach ceann de na cásanna sin, ba i mBéarla amháin a d’eisigh na Gardaí torthaí na tástála anála a rinneadh ar na tiománaithe.

D’fhág cinneadh a rinneadh san Ard-Chúirt anuraidh go raibh amhras ann faoina dhlisteanaí a bhí raidhse cásanna cúirte a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil. Fear de bhunadh na Rómáine a spreag an cinneadh sin nuair a thug sé dúshlán na hArd-Chúirte faoi cháipéisíocht gan a bheith ar fáil sa dá theanga oifigiúla.

Gabhadh an fear, Mihai Avaden, i 2014 i mBaile Átha Cliath mar go rabhthas in amhras go raibh an uasteorainn alcóil do thiománaithe sáraithe aige.

Dúradh sa chúirt gur sonraíodh 52 micreagram alcóil, seachas an 22 micreagram atá ceadaithe, a bheith ar a chuid anála nuair a tugadh air séideadh isteach san ánáileadán.

Shínigh sé féin agus an Garda a ghabh é an cháipéis a phriontáil an gléas tástála ach, nuair a tháinig an cás os comhair na cúirte, mhaígh dlíodóir an chúisí nach raibh an cháipéis a síníodh i nGaeilge agus i mBéarla, rud a d’fhág nach raibh sí bailí de réir an dlí faoi mar a leagtar amach san Acht Tráchta 2015 é.

Chinn an Breitheamh Séamus Noonan nach seasfadh torthaí na tástála anála mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo. Caitheadh amach an cás dá bharr.

Tá achomharc á dhéanamh faoin gcinneadh sin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus meastar go n-éistfear an cás sin sa Chúirt Achomhairc ag deireadh na míosa seo.

Thug an tAire Iompair Paschal Donohoe reachtaíocht éigeandála isteach anuraidh a fhágann gur féidir torthaí tástáil anála a eisiúint i nGaeilge nó i mBéarla.

Tá iarrtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, ar an nGarda Síochána tuarascáil a ullmhú di maidir leis an gconspóid teanga a bhain le torthaí tástáil anála.

Fág freagra ar '45 cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil curtha ó mhaith toisc cáipéis gan a bheith ar fáil i nGaeilge'