40% don scrúdú cainte, ach gan dóthain ‘taithí’ á fáil ag daltaí ar ‘labhairt na Gaeilge’ – an Roinn Oideachais

De réir Thuarascáil nua Phríomhchigire na Roinne Oideachais bíonn múinteoirí Gaeilge ag brath rómhór ar an aistriúchán sa rang agus is minic nach mbaineann siad úsáid éifeachtach as na hacmhainní atá ar fáil dóibh

40% don scrúdú cainte, ach gan dóthain ‘taithí’ á fáil ag daltaí ar ‘labhairt na Gaeilge’ – an Roinn Oideachais

Ocht mbliana ó tugadh isteach an córas nua don Ghaeilge san Ardteist faoina mbronntar 40% de na marcanna iomlána don scrúdú cainte, níl dóthain taithí á fáil ag daltaí iarbhunscoile ar labhairt na Gaeilge, de réir Thuarascáil Phríomhchigire na Roinne Oideachais, a foilsíodh inné.

De réir na tuarascála nua, bíonn múinteoirí Gaeilge ag brath rómhór ar an aistriúchán sa rang agus is minic nach mbaineann siad úsáid éifeachtach as na hacmhainní atá ar fáil dóibh.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil “raon teoranta na n-acmhainní” a bhíonn á n-úsáid i dteagasc na Gaeilge ag an dara leibhéal fós “ar cheann de na deacrachtaí” a bhaineann “go smior leis na ceachtanna Gaeilge”.

Deirtear chomh maith gur gá do mhúinteoirí iarbhunscoile Gaeilge “deiseanna breise cumarsáide” a chruthú i ngach ceacht mar nach bhfuil dóthain “taithí” á fáil ag daltaí ar labhairt na Gaeilge.

Anuas air sin, deirtear fiú nuair a bhíonn acmhainní in úsáid do theagasc na Gaeilge gur úsáid “teoranta”a bhaintear astu.

Tugadh suntas don fhadhb seo i dTuarascáil an Phríomhchigire a foilsíodh i 2013, ach deirtear sa tuarascáil is déanaí seo go bhfuil an fhadhb chéanna maidir le húsáid acmhainní teagaisc sa Ghaeilge fós ann. “In ainneoin na n-iarrachtaí a bhí ar bun ag múinteoirí dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ní raibh straitéisí agus cur chuige cuí teagaisc agus úsáid éifeachtach acmhainní soiléir ach i 79% de cheachtanna,” a deirtear i dTuarascáil an Phríomhchigire 2013-2016.

398 ceacht Gaeilge in iarbhunscoileanna a breithníodh sa tréimhse Eanáir 2013-Iúil 2016 mar chuid de Chigireachtaí Ábhair na Roinne agus breithníodh 278 ceacht Gaeilge eile linn measúnuithe scoile.

Deirtear sa tuarascáíl nua go raibh caighdeán na gceachtanna beagán níos fearr sa Ghaeilge ag an dara leibhéal ná mar a bhí in 2013, ach deir an Príomhchigire go bhfuil “go leor dúshlán fós maidir le teagasc na Gaeilge”.

Thug cigirí le fios “go raibh an iomarca úsáide á baint as modh an aistriúcháin” i gcuid mhór seomraí ranga agus nach raibh dóthain deiseanna á dtabhairt do dhaltaí Gaeilge á labhairt.

Bhí cur chuige lochtach ó thaobh déileáil le daltaí a raibh caighdeáin líofachta éagsúla acu sa Ghaeige le feiceáil in aon trian de na hiarbhunscoileanna a ndearnadh measúnú scoile orthu. Ní raibh an cur chuige lochtach céanna le sonrú i gcás an Bhéarla ach sa chúigiú cuid de na scoileanna sin.

Ag leibhéal na bunscoile níor tugadh deis do dhaltaí oibriú le chéile ach i leath de na ceachtanna a breathnaíodh agus ba “dhíol suntais” a laghad deiseanna a tugadh do dhaltaí foghlaim trí chomhrá agus trí chomhphlé sa Ghaeilge, i gcomparáid leis an mBéarla agus an Mhatamaitic. Ní raibh an chuid seo den teagasc bunscoile sásúil i gcás 23% de na ceachtanna Gaeilge de, i gcomparáid le 10% sa Bhéarla agus 13% sa Mhatamatic.

Deirtear i dTuarascáil an Phríomhchigire gur “ábhar fíor-imní”go fóill “cáilíocht foghlama na scoláirí sa Ghaeilge”.

“Baineann go leor dúshlán fós le teagasc éifeachtach na Gaeilge. Tá gá le tuilleadh deiseanna cumarsáide sa sprioctheanga i ngach ceacht ionas go mbeadh taithí ag daltaí ar labhairt na Gaeilge, Ba cheart do mhúinteoirí pleanáil don éagsúlacht sna scileanna teanga sa seomra ranga,” a deirtear i dTuarascáíl Phríomchigire na Roinne Oideachais.

Fág freagra ar '40% don scrúdú cainte, ach gan dóthain ‘taithí’ á fáil ag daltaí ar ‘labhairt na Gaeilge’ – an Roinn Oideachais'

  • leitheoir

    Chuaigh me fein leis an muinteoireacht ar dha chuis: an Chaisc agus an samhradh.