SEOLADH LEABHAIR
Leabhrán cócaireachta á sheoladh ag gasúir Ros an Mhíl
Beidh leabhrán cócaireachta a chuir gasúir Ros an Mhíl le chéile, á sheoladh ag ócáid in Ionad Pobail Cois Cuain, Ros an Mhíl ar an Domhnach 13 Aibreán ag a meán lae. Bia ón mBaile an teideal atá ar an leabhrán a chuir gasúir a théann go Club Óige Ros an Mhíl le chéile. Is é atá sa leabhrán ná bailiúchán de na hoidis is fearr leo féin agus treoir maidir le cén chaoi lena dhéanamh sa mbaile. Ghlac 36 gasúr páirt sa togra agus rogha iontach mias sa leabhrán. Beidh cóisir do pháistí mar chuid den seoladh, chomh maith le taispeántas ealaíne, samplaí de na hoidis agus raifil. Beidh cóipeanna den leabhrán ar díol ag an ócáid.
Aistriúchán á sheoladh in Áras Scríbhneoirí na hÉireann
Seolfar an leabhar Géarchéim Dhomhanda agus Slí na Síochána, leagan Gaeilge den bhunleabhar World Crisis & The Pathway to Peace le A Naofacht, Mirza Masroor Ahmad ag ócáid in Áras Scríbhneoirí na hÉireann ar an gCéadaoin an 23 Aibrean ag 7:00pm (doirse ag 6:30pm). Sa leabhar seo tá cur síos ag Mirza Masroor Ahmad, Ceannaire Domhanda Phobal Moslamach Ahmadiyya, ar a dhearcadh ar chúrsaí idirnáisiúnta faoi láthair agus an bóthar chun na síochána mar a fheiceann sé é.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Áras Scríbhneoirí na hÉireann.
SIÚLÓID LITEARTHA

Siúlóid Lig Sinn i gCathú i nGaillimh
Arís i mbliana tá daoine ag teacht le chéile i ‘mBaile An Chaisil’ in ómós don úrscéal Lig Sinn i gCathú agus don údar Breandán Ó hEithir. Tiocfaidh an grúpa le chéile ag cearnóg Ollscoil na Gaillimhe ag a 12:00 meán lae ar an Satharn, 19 Aibreán agus leanfar an turas a thóg príomhcharachtar an leabhair trí chathair na Gaillimhe, nó ‘Baile an Chaisil’ mar a bhaist Ó hEithir ar an gcathair ina úrscéal. Beidh caint agus comhrá mar chuid den tsiúlóid chomh maith le sleachta á léamh as an leabhar agus gach seans go mbeidh pionta nó dhó á ól ar an mbealach. Tá fáilte roimh chách ach moltar éadaí na 1940-1950idí a chaitheamh le cur leis an imeacht spraíúil seo agus beir leat do chóip den leabhar.
FÉILTE
Gradam Shean-Nós Cois Life bronnta ar Mhuireann Nic Amhlaoibh
Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Mhuireann Nic Amhlaoibh an deireadh seachtaine seo caite ag Féile Shean-Nós Cois Life. Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar Mhuireann Nic Amhlaoibh, as Corca Dhuibhne ó dhúchas, as feabhas a cuid amhránaíochta. Bunaíodh Féile Sean-Nós Cois Life sa mbliain 1992 agus tá siad ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana.
Imeachtaí Gaeilge ag Féile Leabhar Domhanda Chorcaí
Beidh léiriú drámata ar an saothar Buile Shuibhne ar bun in Ionad Ealaíne Triskel i gCorcaigh Dé Sathairn an 26 Aibreán ag 8:30pm mar chuid de chlár imeachtaí Fhéile Leabhar Domhanda Chorcaí. Téacs ón meánaois é Buile Shuibhne ina bhfuil prós agus filíochta fite fuaite ina chéile. Sa leagan seo, atá á léiriú ag IMRAM, tá leaganacha nua den téacs i nGaeilge agus i nGàidhlig le Rody Gorman ceol curtha leo ón gcumadóir Seán MacErlaine chomh maith le hamhránaíocht le Diane Ní Chanainn, agus teilgeadh íomhánna le Margaret Lonergan.
Cuirfidh Glór na nGael imeacht scéalaíochta ar bun mar chuid d’imeachtaí na féile freisin. Cuirfidh Elaine Dold imeacht scéalaíochta ar bun i Leabharlann na Cathrach Déardaoin, 24 Aibreán ag a 10:00am. Cead isteach in aisce agus tá fáilte roimh chách.
Tuilleadh eolais agus clár na féile anseo.
LÉANN
Seimineár lae i gcuimhne ar Bhreandán Ó Buachalla
Cuirfear ócáid chomórtha i gcuimhne ar Bhreandán Ó Buachalla ar bun den 11ú bliain as a chéile in Ollscoil Notre Dame Dé Sathairn. Seimineár lae a bheidh ann i mbliana agus ‘Todhchaí Léann na Gaeilge’ téama na díospóireachta. Comhfhiontar é idir Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame agus Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach. Tá sé i gceist cíoradh a dhéanamh ar staid agus ar thodhchaí Léann na Gaeilge.
Tá an siompóisiam á eagrú ag an Ollamh Brian Ó Conchubhair agus FLTA Fulbright Róisín Ní Bhroin. Déanfar plé ar ghnéithe éagsúla de Léann na Gaeilge mar dhisciplín acadúil agus mar ábhar taighde. Beidh grúpa scoláirí idirnáisiúnta ó réimsí éagsúla léinn ag cur síos ar staid an disciplín.
Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
Clár IMRAM na nÓg ar fáil anois
Beidh féile IMRAM na nÓg ar bun ó 6-10 Bealtaine in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath. Féile liteartha do dhaoine óga is ea IMRAM na nÓg ina mbíonn réimse imeachtaí ar bun le scríbhneoirí na Gaeilge. Imeachtaí scoile is ea cuid mhaith de na himeachtaí ar an gclár ach tá roinnt imeachtaí poiblí ann freisin. I measc na n-imeachtaí poiblí tá spásanna fós ar fáil don seó An Crann Sí, ceoldráma le Gráinne Holland agus a cairde. Tá an ceoldráma dírithe ar pháistí bunscoile idir 6 agus 9 mbliana d’aois. Beidh sé ar bun ag 11:45 r.n. ar an Déardaoin 8 Bealtaine sa Lexicon i nDún Laoghaire. Beidh dhá imeacht de chuid ‘Fighting Words’ Gaeilge ar bun i gcomhar leis an gcraoltóir agus scríbhneoir Ola Majekodunmi Dé Sathairn, an 10 Bealtaine ag meán lae agus ag a 2:00pm i Leabharlann Ghráinseach an Déin.
Is féidir áit a chur in áirithe do na himeachtaí sin ach rphost a sheoladh chuig eolas@imram.ie. Tá an clár iomlán ar fáil ar shuíomh idirlín IMRAM.
Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 40 bliain ag féile Cúirt
Tá na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus iad ag obair i bpáirt le Cúirt, Féile Idirnáisiúnta Litríochta, atá ag ceiliúradh 40 bliain i mbliana chomh maith, le sraith imeachtaí i nGaeilge a chur ar bun i rith na féile.
Dé Domhnaigh an 13 Aibreán, beidh lá iomlán imeachtaí ar bun ina mbeidh léamha, plé, ceol agus amhránaíocht i dTaibhdhearc na Gaillimhe. I measc na n-imeachtaí beidh Dinnseanchas leis na scríbhneoirí Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín, as Gaeltacht Thír Chonaill, agus Micheál Ó Conghaile a bheidh ina fhear an tí.
Níos deireanaí sa lá cloisfear Ar Thóir Bhríd Ní Mháille, léamh drámatúil as úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Beidh an t-aisteoir Bridie Ní Churraoin agus an t-amhránaí Caitlín Ní Chualáin ag cur míreanna i láthair idir amhráin agus phrós agus beidh focal ón léiritheoir Eoghan Ó Riada ag an oscailt. Sa tráthnóna déanfar ceiliúradh ar na leabhair Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File agus Leabhar Mór na nAmhrán. Is é Máirtín Tom Sheáinín a bheidh mar fhear an tí agus beidh Lillis Ó Laoire, Caitlín Ní Chualáin, Marcus Mac Conghail agus ealaíontóirí eile ina theannta.
Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Fág freagra ar '40 bliain Chló Iar-Chonnacht ag Cúirt, Cócaireacht le Club Óige Ros an Mhíl, duais filíochta do Mháire Dinny Wren, comóradh ar Bhreandán Ó Buachalla'