3,975 cás nua den víreas fógartha, 4,478 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

3,975 cás nua den víreas fógartha, 4,478 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE

3,975 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin gur chláraigh 4,478 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ní dhearna NPHET aon fhógra maidir le líon na gcásanna nua i rith an deireadh seachtaine ach tugadh le fios inniu gur deimhníodh 19,713 cás nua idir an Satharn agus an Domhnach, ó thástálacha PCR agus antaigine.

643 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 46 duine níos mó ná mar a bhí ansin Dé hAoine. Bhí 76 díobhsan in aonad dianchúraim, deichniúr níos mó ná mar a bhí ann Dé hAoine.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 3,105 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

362 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 14 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '3,975 cás nua den víreas fógartha, 4,478 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'