39 corp aimsithe i leoraí i Sasana agus fear as an Tuaisceart gafa

Thángthas ar choirp 38 duine fásta agus déagóir amháin i leoraí a tháinig i dtír in Holyhead na Breataine Bige

39 corp aimsithe i leoraí i Sasana agus fear as an Tuaisceart gafa

Tá tús curtha le fiosrúchán dúnmharaithe i Sasana agus 39 corp aimsithe i leoraí i bpáirc tionsclaíochta in Essex.

Tá tiománaí an leoraí, fear 25 bliain d’aois as Tuaisceart Éireann, gafa ag na póilíní i dtaca leis an bhfiosrúchán.

38 duine fásta agus déagóir amháin atá i gceist agus ón mBulgáir an leoraí.

Tháinig an leoraí i dtír in Caergybi (Holyhead) an calafort sa Bhreatain Bheag a dhéanann freastal ar bháid farantóireachta go hÉirinn.

Dúirt Ard-Cheannfort na bpóilíní Andrew Mariner gur “tragóid” a bhí sa scéal.

Meastar gur Dé Sathairn seo caite, an 19 Deireadh Fómhair, a tháinig an leoraí i dtír in in Caergybi.

Tá an láthair in Waterglade Industrial Park in Grays in Essex dúnta ag na póilíní.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go raibh “uafás” air faoin “tragóid”.

Dúirt Richard Burnett, príomhfheidhmeannach an Road Haulage Association i Sasana gur léiriú an tubaiste seo ar an gcontúirt a bhaineann le buíonta coirpeach a bheith ag “smuigleáil daoine ar leoraithe”.

Fág freagra ar '39 corp aimsithe i leoraí i Sasana agus fear as an Tuaisceart gafa'