360 cás nua den choróinvíreas fógartha, rogha faoi vacsaíní le tabhairt do dhaoine idir 40-49

Níor tugadh aon eolas inniu faoi bhásanna ná faoi líon na gcásanna sna contaetha mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE

360 cás nua den choróinvíreas fógartha, rogha faoi vacsaíní le tabhairt do dhaoine idir 40-49

Tá 360 cás eile den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte.

110 othar Covid-19 atá sna hospidéil agus 42 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

D’fhág lorg an chibirionsaithe a rinneadh ar an HSE nach raibh aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla.

Dúradh i ráiteas ón Rialtas tráthnóna gur “coireanna suaracha” a bhí i gceist go háirithe ó tharla go raibh siad dírithe ar infreastruchtúr sláinte “ríthábhachtach” agus “eolas íogair” faoi othair.

Dúradh go raibh na céadta duine ag obair leis an dochar a bhí déanta a leigheas.

Idir an dá linn, tá cead le tabhairt do dhaoine idir 40-49 bliain d’aois vacsaíní Johnson & Johnson agus AstraZeneca a fháil.

Ghlac NPHET le moladh an Choiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonacht go n-ísleofaí an teorainn aoise do na snáthaidí sin ó 50 go 40 bliain.

Beidh deis ag daoine idir 40-49 glacadh le vacsaín Johnson & Johnson nó AstraZeneca nó fanacht ar cheann mRNA amhail Pfizer nó Moderna.

Is sa chás nach mbeidh prioc Pfizer nó Moderna ar fáil a thabharfar rogha do dhaoine san aoisghrúpa sin ceann Johnson & Johnson nó AstraZeneca a fháil.

Roimhe seo ní rabhthas chun snáthaidí Johnson & Johnson agus AstraZeneca a cheadú ar chor ar bith d’aon duine faoi bhun 50 bliain d’aois. Beidh coinníollacha éagsúla ag baint lena gceadú do dhaoine níos óige ná sin.

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach an mhí seo caite “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir snáthaidí Johnson & Johnson agus AstraZeneca agus cásanna “fíor-annamha” de théachtáin fola neamhghnácha agus pláitíní fola a bheith íseal.

Déanfar fógra an tseachtain seo faoi cathain a chuirfear tús le vacsaíniú na ndaoine idir 40-49 bliain. Meastar go gcuirfear tús le vacsaíniú an ghrúpa sin roimh dheireadh na míosa seo.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar inniu gur dócha gur i mí Lúnasa ar a luaithe a bheidh cead ag daoine taisteal thar sáile ar saoire arís.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe ansin de dheasca an víris. 82 cás nua a deimhníodh.

35 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 997,605 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 559,227.

Ar a laghad 7,087 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,150 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

377,222 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 255,612 cás ó dheas den teorainn agus 121,610 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '360 cás nua den choróinvíreas fógartha, rogha faoi vacsaíní le tabhairt do dhaoine idir 40-49'