335 cás nua fógartha, an Tánaiste cáinte ag ceannairí Stormont

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar son cur chuige i bhfad níos coimeádaí ná mar atá á bheartú ag an Rialtas ó thaobh scaoileadh na dianghlasála

335 cás nua fógartha, an Tánaiste cáinte ag ceannairí Stormont

Tá 335 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Triúr eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Baineann 20 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 19 a bhí i gCorcaigh, 11 cás a bhí i bPort Láirge agus 11 cás eile a bhí i Maigh Eo.

Ocht gcás a bhí i nGaillimh, cúig chás a bhí i gCiarraí agus bhí níos lú ná cúig chás i gceist i gcontae na Mí.

Bhain 119 den 335 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

246 othar a bhfuil an aicíd orthu atá sna hospidéil agus 36 acusan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 104 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta tite beagáinín arís i nDún na nGall go dtí 218. 150 atá i bPort Láirge, 106 atá i gcontae na Mí, 92 atá i Maigh Eo, 82 atá i gCorcaigh, 55 atá i nGaillimh agus 54 atá i gCiarraí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh ochtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

431 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 39 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 99% de na leapacha ansin lán inniu.

Rinne an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann cáineadh tráthnóna ar an Tánaiste Leo Varadkar toisc go ndúirt sé go mb’fhéidir go gcuirfeadh an Rialtas comhairle ar dhaoine gan taisteal ó thuaidh den teorainn i rith na Nollag.

Rinne Varadkar an chaint sin ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster go raibh “iontas” uirthi nuair a chuala sí an scéal agus gur mór an trua go raibh an teorainn tarraingthe isteach sa scéal ag an Tánaiste.

Dúirt an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go raibh Varadkar “scoite amach ón saol mar atá” sa tír seo.

2,998 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,036 duine ó dheas den teorainn agus 962 duine ó thuaidh di.

122,612 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 71,494 cás ó dheas agus 51,118 ó thuaidh.

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí in aghaidh phlean an Rialtais cead athoscailte a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.

Tuairiscítear go bhfuil sé curtha in iúl ag NPHET don Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil siad go mór i gcoinne cuid dá bhfuil beartaithe maidir le hathoscailt na tíre.

Tá sé i gceist ag an Rialtas cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne a bhfuil cistineacha acu oscailt mar chuid den dara céim dá bplean díchuibhrithe, plean atá le fógairt amárach.

Tuairiscítear go bhfuil NPHET ar son cur chuige i bhfad níos coimeádaí ná mar atá á bheartú an Rialtas ó thaobh scaoileadh na dianghlasála de.

Bhí cruinniú inné ag NPHET chun a shocrú cén chomhairle a chuirfidh siadsan ar an Rialtas agus buailfidh baill den fhoireann tráthnóna le fochoiste Covid-19 an Rialtais chun a ndearcadh a chur in iúl dóibh.

D’fhéadfadh seasamh NPHET deacrachtaí a chruthú do Rialtas a bhfuil leideanna go leor tugtha acu cheana go dtosófar ar na srianta a mhaolú an tseachtain seo chugainn agus gurb amhlaidh go ndéanfar níos boige de réir a chéile iad.

Amárach a dhéanfaidh na hairí rialtais an cinneadh deiridh faoin bplean díchuibhrithe agus iad ag súil lena thuilleadh fianaise gur ag dul i ndísc atá an galar.

Is é an cur chuige atá fógartha acu go mbeifear ag scaoileadh na dianghlasála de réir a chéile, i dtrí chéim, ag tosú an tseachtain seo chugainn le hathoscailt na siopaí, na n-ionad aclaíochta agus na ngruagairí.

Tá sé i gceist go gcuirfear deireadh an uair sin chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin.

Faoin dara céim den phlean, bheadh sé i gceist cead athoscailte a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.

Tá sé i gceist ansin na srianta a mhaolú a thuilleadh ar feadh coicíse aimsir na Nollag chun cead a thabhairt do dhaoine taisteal ó bhaile le cuairt a thabhairt ar thithe daoine eile.

Fág freagra ar '335 cás nua fógartha, an Tánaiste cáinte ag ceannairí Stormont'