329 cás nua den choróinvíreas fógartha, ochtar eile básaithe

Tá ráite ag Aire Sláinte Thuaisceart Éireann, Robin Swann go bhfuil sé chun srianta breise a mholadh nuair a bheidh cruinniú ag Feidhmeannas Stormont níos deireanaí an tseachtain seo

329 cás nua den choróinvíreas fógartha, ochtar eile básaithe

Tá 329 cás nua den choróinvíreas fógartha inniu ag an Roinn Sláinte. Ochtar eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

34 cás a bhí i nDún na nGall, deich gcás a bhí i gcontae na Mí agus naoi gcás a bhí i Maigh Eo. Ocht gcás a bhí i gCiarraí, seacht gcás a bhí i gCorcaigh agus cúig chás a bhí i bPort Láirge. Bhí níos lú na cúig chás i gceist i nGaillimh.

Bhain 86 den 329 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

196 duine a bhfuil an víreas orthu atá sna hospidéil agus tá 31 duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an ghalair sa stát anois ag 85 cás in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír i nDún na nGall – 237. Ráta 108 atá i Maigh Eo, 78 atá i bPort Láirge agus 63 atá i gcontae na Mí. Ráta 48 atá i nGaillimh, 33 atá i gCiarraí agus 25 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh seisear eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 486 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

444 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 33 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 104% de na leapacha ansin lán inniu.

Tá ráite ag Aire Sláinte Thuaisceart Éireann, Robin Swann go bhfuil sé chun srianta breise a mholadh nuair a thiocfaidh feidhmeannais Stormont le chéile níos deireanaí an tseachtain seo.

Dúirt an tAire Swann go bhfuil líon na gcásanna nua seasmhach ach go raibh na figiúirí fós ró-ard in ainneoin na tréimhse dianghlasála a bhí i dTuaisceart Éireann le gairid.

Táthar ag súil go bhfaighidh an chéad dream an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 roimh dheireadh na bliana seo. An tAire Sláinte Stephen Donnelly a thug an méid sin le fios inniu ag seoladh phlean vacsaínithe an stáit.

Bhí sé i gceist ag an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht a thabhairt do vacsaín Pfizer/BioNTech ar an 29 Nollaig ach fógraíodh inniu gur dócha gur ar an 21 Nollaig a dhéanfar sin. D’fhágfadh sin go mbeadh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát in 2020 seachas luath mí Eanáir 2021.

Faoin bplean vacsaínithe nua cuirfear vacsaíní ar fáil i dtrí chéim. Sa chéad chéim tabharfar vacsaín do na daoine is leochailí, sa dara céim tosófar ar mhórdháileadh na vacsaíní agus sa tríú céim beidh vacsaín ar fáil d’aon duine atá á lorg.

3,269 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,134 duine ó dheas den teorainn agus 1,135 duine ó thuaidh di.

135,897 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 76,776 cás ó dheas agus 59,121 ó thuaidh.

Fág freagra ar '329 cás nua den choróinvíreas fógartha, ochtar eile básaithe'