3,138 cás nua den víreas fógartha, ‘cúpla seachtain dheacair’ romhainn

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

3,138 cás nua den víreas fógartha, ‘cúpla seachtain dheacair’ romhainn

3,138 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Níor tháinig aon athrú ar líon na n-othar sna hospidéil. 643 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, naonúr níos mó ná mar a bhí ansin inné. Tá 118 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos lú ná inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,690 cás nua a fógraíodh.

410 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 33 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá “cúpla seachtain dheacair” romhainn uilig an rabhadh a thug an leasPhríomh-Oifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn inniu i bhfíseán a sheol sé ar líne.

Dúirt sé go raibh na samhaltuithe eipidéimeolaíochta ag tuar go bhféadfadh breis is 200,000 duine a bheith buailte ag an Covid-19 mí na Nollag.

Ach dúirt an Dr Glynn go bhféadfaí an ghéarchéim sin a sheachaint.

“Níl an víreas tolgtha ag duine amháin acu sin go fóill. Ach an chomhairle bhunúsach sláinte phoiblí a leanacht féadfaidh muid an t-ualach cásanna sin agus an drochbhail a chuirfeadh an líon sin ar an gcóras sláinte a sheachaint,” a dúirt sé.

“Tá muid ar fad tinn tuirseach den phaindéim seo. Tá muid ag síor-iarraidh oraibh cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí ar mhaithe linn ar fad agus arís agus arís eile déanann formhór mór an phobail rud orainn. Faraor caithfidh muid an rud céanna a iarraidh arís oraibh – cloí leis an treoracha sláinte phoiblí.”

Ar RTÉ’s Morning Ireland ar RTÉ, dúirt Ardstiúrthóir FSS, Paul Reid go ndearnadh 199,250 tástáil Covid-19 a phróiseáil le seacht lá agus go bhfuair 82% de na daoine sin coinne don tástáil taobh istigh de 24 uair an chloig d’ainneoin an t-éileamh ollmhór atá ar an tseirbhís tástála.

Dúirt sé go raibh comharthaí sóirt an ghalair ar fhormhór na ndaoine a tháinig chun tástála.

Fág freagra ar '3,138 cás nua den víreas fógartha, ‘cúpla seachtain dheacair’ romhainn'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá Padreacha de dhith go géar.
    Cá bhfuil na h-Árdaspaigh.