Is beag athrú atá tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaoine a deir go bhfuil siad “muiníneach” as a gcuid Gaeilge.
30% den phobal ó dheas agus 8% den phobal ó thuaidh atá “muiníneach” as a gcumas maidir le labhairt na Gaeilge, de réir pobalbhreithe nua.
De réir na pobalbhreithe a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge faoi mheon an phobail i leith na teanga, duine as gach triúr ó dheas agus duine as gach deichniúr ó thuaidh a mhaígh go raibh siad “muiníneach” maidir lena dtuiscint ar an nGaeilge.
Tá na figiúirí sin mórán mar a chéile leis na figiúirí a fuarthas nuair a cuireadh na ceisteanna céanna ina mhacasamhail de shuirbhéanna blianta eile.
Le cúig bliana anuas dúirt 30% ó dheas gach bliain seachas bliain amháin go raibh siad “muiníneach” as a gcumas an Ghaeilge a labhairt. 26% a bhí i gceist in 2015. Mórán mar a chéile a bhí na figiúirí ó thuaidh chomh maith le cúig bliana anuas.
I gcomparáid le 2018, thit céatadán na ndaoine ó dheas a dúirt go raibh siad “muiníneach” as a dtuiscint ar an nGaeilge. 39% a mhaígh amhlaidh anuraidh i gcomparáid le 34% i mbliana.
34% de dhaoine ó dheas chomh maith a thug le fios i mbliana gur mhaith leo níos mó Gaeilge a fhoghlaim agus 19% ó thuaidh a dúirt amhlaidh.
Maidir le foghlaim na Gaeilge, 68% ó dheas agus 35% ó thuaidh a chreid nach raibh dóthain deiseanna ann do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den chóras oideachais.
Dúirt 54% ó dheas agus 36% ó thuaidh gur chóir scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do dhaoine fásta.
Daor Mac an tSaoir
Is dearfa an rud é go ndearnadh an phobalbhreith trí mheán an Bhéarla, mar sin. Dá nglaodh duine Gaeltachta orthu agus an cheist chéanna aige orthu chailleadh an 98% den 30% sin a misneach, déarfainn.
Na créatúir bhochta…